Is í an Ghealach (siombail: ☾) nó an nó an tÉasca an t-aon satailít nádúrtha a himshruthaíonn an Domhain. Ar meán, tá sí faoi thrí chéad ceithre mhíle is ceithre scór ciliméadar (384,000 km) den Domhan. Mar sin, bíonn an solas ag teacht beagáinín níos faide ná aon soicind amháin ón nGealach go dtí an Domhan. Tá an Ghealach míle seacht gcéad ciliméadar (1,700 km) ar gha, agus an imtharraingt a aithníonn an spásaire ar dhroim na Gealaí, níl ann ach an séú cuid dá mheáchan thíos anseo. An té a chonaic na seanscannáin ó laethanta na spásárthaí de shraith Apollo, tá a fhios aige an dóigh a raibh na spásairí in inmhe léimeanna millteanacha a thógáil, beag beann ar na spáschultacha troma a bhí siad a chaitheamh, idir chlogaid, choimeádán ocsaigine, agus ghléasra brúchóirithe.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochAn Ghealach ☾
Cineálplanetary moon (en) Aistrigh, planetary-mass moon (en) Aistrigh agus gnáthghealach
Eapainmsolas
Réad tuismitheoraAn Domhan
Suite ian Ghealach
Cruthú4,527 milliún bliain RCh
Sonraí fithiseacha
Cineál fithisehighly elliptical orbit (en) Aistrigh
Apaipsis405,500 km Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis363,300 km Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a384,400 km
Éalárnacht e0.0567
Tréimhse fhithiseach P27.321661 d[1]
Tréimhse shionodúil29.530589 d
Claonadh i5.145 ° ↔ éiclipteach
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Fad ón Domhan385,000.5 km [2] Cuir in eagar ar Wikidata
Gameán: 1,737.1 km
meánchiorcal: 1,738.14 km
geographical pole (en) Aistrigh: 1,735.97 km Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas3,476.2 km[3] Cuir in eagar ar Wikidata
Leacú0.00125 Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)−12.74[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas uilleach34.1 ′[5]
Achar dromchla37,930,000 km²[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Mais73.4767 Yg[6] Cuir in eagar ar Wikidata
Toirt21,968,000,000 m³ Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús3.344 g/cm³[7] Cuir in eagar ar Wikidata
Imtharraingt dromchla1.62 m/s² Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.136 (radiance (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Teocht an dromchla
íosmhéid  uasmhéid
95 K  390 K[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deEarth-Moon system (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Tréithe fisiceacha na Gealaí cuir in eagar

Achoimre cuir in eagar

An Fhithis cuir in eagar

Imlíne na fithise: 2,413,402 km (0.016 aonad réalteolaíoch)

Éalárnacht 0.0554

Peirigí (garphointe don Domhan) 363,104 km (0.0024 aonad réalteolaíoch)

Apaigí (cianphointe ón Domhan) 405,696 km (0.0027 aonad réalteolaíoch)

Tréimhse rothlaithe

(réalt-tréimhse) 27.321 66155 lá (27 lá 7 n-uaire 43.2 nóiméad)

Tréimhse shionadach 29.530 588 lá (29 lá 12 uair 44.0 nóiméad)

Meánluas fithise 1.022 km/s

Uasmhéid an luais ar an bhfithis 1.082 km/s

Íosmhéid an luais ar an bhfithis 0.968 km/s

Claonadh ag guagadh idir 28.60° agus 18.30° (5.145 396° i gcomparáid leis an éiclipteach)

Fad an nóid éirithigh ag cúlú, 1 imrothlú in aghaidh 18.6 bliain

Argóint an pheirigí ag ascnamh, 1 imrothlú in aghaidh 8.85 bliain

Ag timpeallú an Domhain


Tréithe fisiceacha na Gealaí féin cuir in eagar

Trastomhas ag an meánchiorcal 3,476.2 km (tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.273)

Trastomhas polach 3,472.0 km (tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.273)

Oblátacht 0.0012

Achar an dromchla 3.793×107 km² (tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.074)

Toirt 2.1958×1010 km³ (tomhas céanna an Domhain méadaithe faoi 0.020)

Mais 7.347 673×1022 kg (mais an Domhain méadaithe faoi 0.0123)

Meándlús 3,346.2 kg/m3

Imtharraingt ag an meánchiorcal 1.622 m/s2 (an domhantarraingt méadaithe faoi 0.1654)

Treoluas éalaithe 2.38 km/s

Tréimhse rothlaithe 27.321 661 d (sioncronach)

Luas rothlaithe 16.655 km/h (ag an meánchiorcal)

Claonadh na haise 1.5424° i gcomparáid leis an éiclipteach

Ailbéideacht 0.12

Méid dhealraitheach -12.74

Méid uilleach 29′ - 33′

Teocht ar an dromchla: íosmhéid 40 K, meán 250 K, uasmhéid 396 K

Comhdhéanamh ceimiceach na Gealaí (screamh agus maintlín) cuir in eagar

(Meastachán. Céatadáin mhaise.)

Ocsaigin 42.6 %

Maignéisiam 20.8 %

Sileacan 20.5 %

Iarann 9.9 %

Cailciam 2.31 %

Alúmanam 2.04 %

Nicil 0.472 %

Cróimiam 0.314 %

Mangainéis 0.131 %

Tíotáiniam 0.122 %

Tráchtaireacht cuir in eagar

Críochnaíonn an Ghealach aon imrothlú amháin thart ar an Domhan gach seacht lá fichead agus ocht n-uaire (27 lá 8 h). Sin í mí na Gealaí, ach, ar ndóighe, ní hionann í agus mí an fhéilire. Tugtar éapacht ar an difríocht ama idir mí na Gealaí agus mí cibé cineál féilire a úsáidtear de ghnáth.

Tá meánteocht an dromchla beagáinín níos mó ná aon chéim amháin Celsius, ach ós rud é nach bhfuil atmaisféar ag an nGealach (amach ón gcorr-adamh ocsaigine, argóin, sóidiampotaisiam), ní choinníonn sí an teas thar a hoíche fhada, agus an dromchla ag éirí fuar feanntach roimh theacht an lae. Ón taobh eile de, nuair a bhíonn sé ina lá ar an nGealach, bíonn sé dofhulaingthe ar fad, agus an dóigh a bhfuil an Ghrian ag soilsiú, gan aer ar bith ann lena teocht a scaipeadh, a chothromú is a mhaolú.

An dóigh a bhfuil an Ghealach ag rothlú (ag casadh ar a hais), is rothlú sioncronach é. Is é sin, tá an rothlú (an casadh ar an ais) agus an t-imrothlú (timpeallú an Domhain) ceangailte dá chéile. De réir mar atá an Ghealach ag dul timpeall an Domhain, tá sí ag casadh ar a hais, i gcruth is go ndrannann sí an taobh chéanna leis an Domhan. Mar sin, roimh fhorbairt na spásloingseoireachta, ní raibh ach aithne aon leathsféar amháin againn ar ár satailít nádúrtha féin, go bunúsach.

Ní mór a lua, áfach, go mbíonn an Ghealach ag guagadh anonn is anall, beagáinín, mar a fheictear dúinn í, i gcruth is gur féidir linn ábhairín níos mó ná aon leathsféar amháin den tsatailít a fheiceáil, ó am go ham. Thar aon rud eile, níl fithis na Gealaí ar aon leibhéal leis an éiclipteach. Is é is toradh dó seo ná go mbíonn an Ghealach ag éirí níos airde ná an leibhéal sin agus ag titim níos doimhne, de réir mar atá sí ag dul ar aghaidh ar a fithis. Uaireanta, bíonn an Ghealach thíos, mar a fheicimid féin í, agus an pol thuaidh á nochtadh dúinn. Uaireanta eile, is dóigh linn í a bheith thuas, i gcruth is go bhfeicimid an pol theas. Thairis sin, ós rud é nach ciorcal cruinn ceart í fithis na Gealaí, bíonn luas a himrothlaithe cineál éagsúil. Bíonn sí ag moilliú agus ag géarú ar a siúl, agus dá réir sin, bíonn sí "chun deiridh", ar dhóigh is go bhfuil radharc againn ar bheagáinín níos mó den "taobh chun tosaigh", agus a mhalairt a bhíonn fíor nuair a thagann géarú ar a coiscéim.

Is é is toradh don iomlán dhearg seo ná go bhfuil caoga naoi faoin chéad (59 %) de dhroim na Gealaí le feiceáil againn gan dul i dtuilleamaí spásbháid. B'é an taiscéalaí Sóivéadach Lunik III an chéad ghléas spáis, thiar sa bhliain 1959, a thug radharc dúinn ar an taobh eile den Ghealach, ach b'iad na spásairí Meiriceánacha, sna seascaidí agus sna seachtóidí, ba mhó a rinne léarscáiliú ar na codanna aineoil den Ghealach. Tá an taobh eile ag breathnú cineál difriúil leis an taobh is aithin dúinn féin, ós rud é nach bhfuil an oiread céanna de spotaí móra dorcha - "mara" nó "farraigí" a thugtar orthu, siúd is gur ísleáin iad go bunúsach, agus iad clúdaithe le cloch laibhe - nach bhfuil an oiread céanna de na "mara" seo le feiceáil ar an taobh eile.

Céimeanna na Gealaí cuir in eagar

Cé gurb ionann, a bheag nó a mhór, an leath den Ghealach atá ag drannadh linn, ní hionann an leath den Ghealach atá soilsithe. I rith na míosa, téann an solas timpeall na Gealaí, agus sinn á feiceáil ag "fás" nó ag "dul i laghad". Deirtear go bhfuil céimeanna ag an nGealach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, ós rud é nach bhfuil an leath infheicthe di soilsithe ag an nGrian, deirtear go bhfuil nuaré ann. I ndiaidh na nuaré, fásfaidh an Ghealach. Deirtear go bhfuil an Ghealach i mbéal ceathrún nuair atá leath di soilsithe, agus í ag fás go fóill. Tá an Ghealach ina lánré agus í soilsithe ina hiomláine. I ndiaidh na lánré, rachaidh an Ghealach i ndorchadas arís, de réir a chéile. Deirtear go bhfuil an cheathrú dheireanach ann nuair atá leath na Gealaí soilsithe, agus í ag druidim leis an nuaré arís. Ansin, tiocfaidh an nuaré arís, agus tosóidh an scéal in athuair.

An chuma atá ar an nGealach roimh an mbéal ceathrún nó i ndiaidh na ceathrún deireanaí, tugtar corrán gealaí uirthi. Tá an Ghealach scothlán i ndiaidh an bhéil cheathrún agus roimh an gceathrú dheireanach.

Nuair a bhíonn an Ghealach ag dul i méid, feictear an solas ag teacht ón taobh deas, agus an dorchadas ag éalú ar an taobh clé. I ndiaidh na lánré, tiocfaidh an dorchadas ón taobh deas. Sin é an chuma atá ar na cúrsaí ar an leathsféar thuaidh den Ghealach, áit a bhfuil Éire suite. Ar an leathsféar theas, san Astráil mar shampla, a thagann an solas agus an dorchadas ar an nGealach ón taobh clé.

Na hUruithe cuir in eagar

Má tharlaíonn cónasc na Gréine, an Domhain, agus na Gealaí le linn na nuaré - is é sin, má tharlaíonn an triúr acu suite ar an líne chéanna le linn na nuaré - fágfar an Ghrian, nó cuid di, clúdaithe nó uraithe ag an nGealach. Tugtar urú na gréineéiclips na Gréine air seo. Má tá an Ghrian uraithe ina hiomláine, deirtear gur lánurú nó lánéiclips atá ann, agus mura bhfuil an scáth caite ach ar chuid den Ghrian, páirturú nó páirtéiclips atá i gceist. Má tharlaíonn an Ghealach chomh cóngarach don Domhan le linn an uraithe agus nach féidir léi an Ghrian a chlúdach ina hiomláine fiú nuair atá sí go cruinn idir an Domhan agus í, fágtar fáinne den Ghrian ag taithneamh timpeall na Gealaí. Urú fáinneach a thugtar ar a leithéid, ar ndóigh.

Murar féidir d'urú na Gréine titim amach ach le linn na nuaré, ní féidir d'urú na Gealaí féin tarlú ach le linn na lánré. Is é cónasc na Gréine, na Gealaí agus an Domhain is cúis leis an urú seo freisin, agus ós rud é go bhfuil an Domhan i bhfad níos mó ná an Ghealach, bíonn na huruithe Gealaí i bhfad níos coitianta ná na huruithe Gréine. Is é sin, tá scáth an Domhain níos leithne ná scáth na Gealaí, agus níl cónasc cruinn de dhíth le haghaidh urú na Gealaí. Ní bhíonn an Ghealach dofheicthe go hiomlán fiú le linn an lánuraithe, ós rud é go n-athraontar solas na Gréine in atmaisféar an Domhain, ar dhóigh is go gcaitear cuid de a fhad leis an nGealach. Cuireann an Ghealach dathanna neamhghnácha di le linn an uraithe, áfach.

Taiscealaíocht ar an nGealach cuir in eagar

Tá an Ghealach ar an t-aon rinn neimhe amháin taobh amuigh den Domhan a bhfuil a droim siúlta ag daoine daonna. Bhí Neil Armstrong agus Edwin Aldrin ar an chéad bheirt a bhain an Ghealach amach. An tríú spásaire a ghlac páirt ins an mhisean, mar atá, Michael Collins, bhí sé ag fanacht lena chairde sa Mhodúl Ceannasaíochta, an chuid den spásárthach a bhí fágtha ag timpeallú na Gealaí. Ina dhiaidh sin, chruthaigh Collins go maith ina iriseoir agus ina scríbhneoir ag tabhairt cur síos ar cheird na spásloingseoireachta don tsaol mhór. D'fhoilsigh an Coileánach seo leabhar suimiúil inar thug sé léargas dúisitheach ar shaol an spásaire, idir chruatan agus ghlóir, - Carrying the Fire ("Ag Iompar na Tine").


Thiar sa bhliain 1969 a rinne Armstrong agus Aldrin a n-éacht. Thuirling siad i Muir na Sáimhe, in aice le Rimae Hypatia. Roimh dheireadh na bliana céanna, tháinig an chéad mhisean eile go dtí an Ghealach síos in Aigéan na Stoirmeacha. Níl aigéan ar bith ann, ach ísleán mór, agus is beag stoirm a bhagródh ort ansin ach an oiread. Bhí an mí-ádh leis an chéad mhisean eile, nó phléasc cóimeádán ocsaigine, ach mar sin féin, d'éirigh le NASA na spásairí a thabhairt slán abhaile. Ina dhiaidh sin, b'iomaí áit fós ina bhfacthas spásairí Meiriceánacha ag dul ag spaisteoireacht ar an nGealach. B'iar-eitleoirí cogaidh iad formhór mhór na spásairí a shroich an Ghealach, agus cathanna curtha acu i gCogadh na Cóiré, ach ghlac geolaí oilte arbh ainm dó Harrison Schmidt páirt sa mhisean dheireanach i Mí na Nollag 1972. Siúd is gurbh é Schmidt an t-aon gheolaí amháin a tháinig a fhad leis an nGealach ina phearsa féin, rinneadh éacht mór geolaíochta le linn na dturasanna seo, nó thug na spásairí leo trí chéad cileagram de shamplaí ó na láthracha difriúla tuirlingthe.

An mol theas cuir in eagar

Is suíomh straitéiseach é mol theas na gealaí. Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil.[8][9] Measann eolaithe go mb’fhéidir go bhfuil uisce reoite sna cráitéir ar thaobh dorcha na gealaí, cráitéir a bhíonn faoi scáth i gcónaí.[10] Creidtear go mb'fhéidir go bhféadfaí an-leas a bhaint san am atá le teacht as an leac oighir ag an mol theas. Cuir i gcás, d'fhéadfaí uisce óil nó ocsaigin le haghaidh spásairí idirnáisiúnta a dhéanamh as an leac oighir, é sin nó breosla a dhéanamh as.[9]

Sa bhliain 2023, thuirling na spásárthaí Luna-25 agus Chandrayaan-3 ar an mol theas.

Méid na Gealaí cuir in eagar

Tá an Ghealach cuíosach mór, mar shatailít nádúrtha, i gcomparáid leis an bpláinéad atá sí a thimpeallú. Níl ach Carón, gealach Phlútóin, níos mó i dtéarmaí comparáideacha, agus ar an gcúis chéanna, is gnách pláinéad dúbailte a thabhairt ar chóras Charóin agus Phlútóin. Scéal eile, ar ndóigh, go bhfuil gealacha níos mó agus níos troime ag Iúpatar, cuir i gcás. I bhfarradh is an pláinéad millteanach atá siad a thimpeallú, áfach, is lú i bhfad iad ná an Ghealach.

Tá screamh na Gealaí thart ar sheachtó ciliméadar ar doimhneacht, nó sin é an meánluach. Bíonn sé éagsúil ó áit go háit, áfach, nó sáraíonn an doimhneacht sin céad ciliméadar i dtimpeallacht Chraitéar Korolev. Ón taobh eile de, níl ach cúpla ciliméadar screimhe taobh thíos de "mhara" áirithe. Faoin screamh sin atá an maintlín, nó an brat, agus é míle ciliméadar ar doimhneacht. Tá croí na Gealaí faoi bhun an mhaintlín sin, ar ndóighe, agus é trí chéad go leoth de chiliméadar ar gha, a bheag nó a mhór. Níl sé chomh te le croí ár bpláinéid féin, nó tá an Ghealach i bhfad níos suaimhní ó thaobh na geolaíochta de ná an Domhan. Bíonn talamhchreathanna (nó "gealach-chreathanna") ann ó am go ham, ach bíonn siad i bhfad níos fannlaige ná na talamhchreathanna ar an Domhan. Tá fórsaí taoidmheara an Domhain chomh lag is nach bhféadann siad croí na Gealaí a chroitheadh an oiread is go leáfadh sé. (Is féidir a ghlanmhalairt sin a rá i dtaobh Io, an ceann is lú de ghealacha Galileo, atá ar bharr lasrach an t-am ar fad lena chuid bolcánachais - nó is í imtharraingt Iúpatair agus na fórsaí taoidmheara a théann léi is mó is cúis leis an mbolcánachas sin.) Uaireanta, feictear "feiniméin dhíomuana Gealaí" - is é sin, an chorrlasair sholais nó an chorrchalc thoite - ar an nGealach, agus tá cuid de na saineolaithe inbharúla go bhfuil baint ag an mbolcánachas leis na feiniméin seo. Níltear ar aon tuairim faoi sin, áfach, nó deir na heolaithe eile nach bhfuil i gceist ach gnáthiomrall súl.

Geolaíocht na Gealaí cuir in eagar

Glactar leis go coitianta gur cuid den Domhan a bhí sa Ghealach ar tús, nó gurb as an Domhan a fáisceadh í. Ceithre bhilliún go leith de bhlianta ó shin, bhuail an Domhan fá chorpán nó rinn neimhe a bhí, a bheag nó a mhór, ar aon mhéid le Mars. An conamar a caitheadh amach sa spás sa teagmháil seo, ba chloch leáite é a tháinig le chéile ina dhiaidh sin le haon réad amháin a dhéanamh, mar atá, an Ghealach. Ar dtús, bhí an tsatailít s'againn ar fad ina farraige mhór de chloch leáite, magma, agus í ar bharr lasrach le teas. De réir a chéile, áfach, d'fhuaraigh an magma seo, agus b'ansin a cruthaíodh sléibhte agus tailte arda na Gealaí. Is iad na bruthcharraigeacha seo an chuid is sine de thírdhreach ár satailíte. Anortaisít a thugtar ar an gcineál cloiche atá sna bruthcharraigeacha seo. Tá an anortaisít saibhir i mianra sileacáite a dtugtar plagaclás air. Is é an plagaclás is cúis leis an dath gheal in ardchríocha na Gealaí.

"Farraigí" na Gealaí cuir in eagar

Na hísleáin dhorcha a dtugtar "mara" nó "farraigí" orthu, - Muir na Scamall, Aigéan na Stoirmeacha, Muir na nGábh, Muir na Gaile, Muir na Báistí, Muir an tSuaimhnis, Muir na Sáimhe, Muir an Fhuachta, Muir an Neachtair agus Muir na Lionnta - tá na "mara" seo níos óige, dar leis na geolaithe, ná na sléibhte is na bruthcharraigeacha. Is dócha go bhfuair an Ghealach bombardú mór ón spás, agus na dreigítí ag tochailt imchuachanna doimhne ar a haghaidh. Ansin, ins an chéad chúpla billiún eile, líonadh na himchuachanna le magma (laibhe), de thoradh an bholcánachais a bhí ann san am. Nuair a d'fhuaraigh an laibhe, d'iompaigh sí ina basalt dubh. Is é an basalt seo a d'fhág a ndath ar na "farraigí".

Uisce ar an nGealach? cuir in eagar

Tháinig a gcuma ar na "mara" dhá bhilliún bliain ó shin, a bheag nó a mhór. Ina dhiaidh sin, lean na dreigítí ag criathrú dromchla na satailíte s'againn agus ag fágáil craitéir ina ndiaidh. Ar ndóigh, bhain na himbhuailte seo conamar as droim an réada, conamar cloiche a dtugtar reigilít air.

Iad siúd atá ag brionglóideach faoi bhunú coilíneachtaí ar an Ghealach, is suim leo an reigilít, nó creidtear go bhfuil uisce reoite - oighear - measctha tríd an reigilít i dtimpeallacht an dá phol, thuaidh agus theas. Táthar ag déanamh go mbeadh sé indéanta coilíneachtaí a chur ar bun ar na poil, agus iad ag maireachtáil ar uisce na reigilíte. Níl anseo ach aisling, ach is aisling é a spreag go leor daoine i gceann réalteolaíochta an chéad uair.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ADS bibcode: 2006RvMG...60..221W.
  2. URL tagartha: https://cddis.nasa.gov/lw13/docs/papers/sci_williams_1m.pdf.
  3. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/moonfact.html. Quotation: Equatorial radius (km): 1738.1.
  4. 4.0 4.1 4.2 NASA FACTS” (Béarla). NASA.
  5. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/moonfact.html.
  6. Mark Wieczorek (1 Eanáir 2006). "The Constitution and Structure of the Lunar Interior" (1): 221-364. doi:10.2138/RMG.2006.60.3. 
  7. URL tagartha: https://nssdc.gsfc.nasa.gov/planetary/factsheet/moonfact.html.
  8. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-28.
  9. 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2023-08-23). "Spásárthach ón India tuirlingthe gan tuisliú ar an ngealach" (as ga-IE). 
  10. "An India an chéad tír le spásárthach a thuirlingt le hais mhol theas na gealaí" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-23). Dáta rochtana: 2023-08-28.
athraigh An Grianchóras
 An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall Oort
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris