Haumea (abhacphlainéad)
Is abhacphláinéad í Haumea, nó (136108) Haumea, de réir chóras ainmneacha foirmiúla Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta, agus í ag timpeallú na gréine i gCrios Kuiper, taobh amuigh d'fhithis Neiptiúin. Is ionann a mais agus an tríú cuid de mhais Phlútóin.
![]() | ||||
Tipus |
Abhacphláinéad, distant minor planet (en) ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Epònim |
Haumea (en) ![]() | |||
| ||||
Història | ||||
Cronologia | ||||
naming (en) ![]() | ||||
Any descoberta | 2004 | |||
|
StairCuir in Eagar
Ba iad Mike Brown agus a fhoireann i Réadlann Palomar, Institiúid Teicneolaíochta California (Caltech), ba thúisce a d'aithin í, thiar sa bhliain 2004.
Sa bhliain 2005, tháinig an scéala ó fhoireann réalteolaithe eile - foireann a bhí ag obair i réadlann Sierra Nevada sa Spáinn faoi cheannas José Luis Ortiz Moreno - go raibh siad tar éis sonrú a chur i Haumea freisin. Ach níor tugadh aitheantas coitianta don fhionnachtain sin ag an am.
Ar an 17 Meán Fómhair 2008, d'aicmigh Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. Haumea mar abhacphláinéad.
Fuair an abhacphláinéad a ainm ó bhandia na breithe i seanreiligiún mhuintir Haváí.
Tá déanamh fadaithe ar Haumea, agus an chuma ar an scéal gurb é an rothlú luath a chuir as riocht na liathróide í. Tá dhá shatailít aici, mar atá, Hi'iaka agus Namaka. Fuarthas ainmneacha na ngealach ó mhiotaseolaíocht mhuintir Haváí freisin.
athraigh An Grianchóras |
---|
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceres · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris |
Pláinéid · Abhacphlainéid · Gealacha (Domhanda · Marsacha · Ióbhacha · Satarnacha · Úránasacha · Neiptiúnacha · Plútónacha · Haomaeacha · Eiriosacha)
|