Réadlann Palomar
Ar Shliabh Palomar gar do San Diego, California. Inti atá teileascóp 5 m frithchaiteach Hale (1948). Baintear feidhm as teileascóp 1.12 m Schmidt inti chun suirbhéireacht fhótagrafach a dhéanamh ar an spéir. Thosaigh an chéad suirbhéireacht sna 1950idí, an príomhbhunachar sonraí do réadlanna ar fud an Domhain. Rinneadh suirbhéireacht nua sna 1980idí le heibleachtaí nua fótagrafacha. Anois táthar i mbun comparáidí a dhéanamh idir an dá shraith torthaí le gluaisní na mílte míle réalta a ríomh.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |