Abhacphláinéad
Tugtar abhacphláinéad ar rinn neimhe a shásaíonn na coinníollacha seo thíos:
- tá sí ag fithisiú na Gréine
- tá sí chomh trom téagartha is go bhfuil sí tar éis fórsaí an choirp righin a shárú, ionas go bhfuil cothromaíocht hidreastatach sroichte aici, agus í ar déanamh liathróide a bheag nó a mhór - is é sin, beagnach sféarúil ina cosúlacht
- níl sí in ann timpeallacht a fithise a ghlanadh, is é sin, tá reanna neimhe eile ag timpeallú na Gréine in aice a fithise
- ní gealach de chuid aon phláinéid í.
Tugadh an téarma "abhacphláinéad" isteach sa bhliain 2006. Bhítí tar éis teacht ar astaróidigh mhóra a bhí ar aon mhéid le Plútón, nó níos mó ná é fós, sna réigiúin den spás atá taobh thiar de Neiptiún (Crios Kuiper agus Scamall Oort), agus bhí gá le haicmiú nua.
Bhí an rinn spéire bheag fhuar oighir Plútón luaite mar phláinéad ó d'fhionn Clyde Tombaugh é i 1930[1]. Ach de bhrí gur fionnadh reanna spéire eile cosúil leis níos faide amach sa ghrianchóras, íslíodh ina abhacphláinéad é i 2006 ag an Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta.
Inniu, glactar leis go bhfuil cúig abhacphláinéad ann, mar atá, Ceiréas, Plútón, Makemake, Haumea, agus Eris. Réadanna tras-Neiptiúnacha iad Plútón agus Eris, ach tá Ceiréas ag fithisiú na Gréine i gcrios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |