Scamall OortScamall Öpik-Oort: scamall de phíosaí oighir a chreidtear a bheith ag timpeallú na Gréine níos faide amach ná na pláinéid - ó fiche míle go céad míle aonad réalteolaíoch ón nGrian. Iarsma is ea an scamall seo den réaltnéal as ar fáisceadh an Ghrian agus an grianchóras i dtús ama. Ó am go ham, cuireann imtharraingt na bpláinéad nó trasnaíocht éigin eile ceann de na réadanna seo óna sheanfhithis, i gcruth is go dtéann sé ina chóiméad ócáidiúil i dtreo na Gréine. Tá an scamall seo ainmnithe as an réalteolaí Ollannach Jan Hendrik Oort. Bhí Oort ina shaineolaí ar chúrsaí Bhealach na Bó Finne, ach rinne sé staidéar ar na réaltaí scuaibe fosta, agus é ag áitiú go mbeadh cuid acu ag teacht óna leithéid sin de scamall. Tháinig an chéad smaoineamh ó Ernst Öpik, áfach, nó chomh luath leis an mbliain 1932, phostaláidigh seisean go bhféadfadh sé go raibh na cóiméid ag teacht ó scamall a bhí ag timpeallú na Gréine ar imeall an ghrianchórais. I dtús na gcaogaidí, d'athbheoigh Oort smaoineamh Öpik. I dtéarmaí na réalteolaíochta, ní mhaireann na cóiméid i bhfad, agus iad ag teacht i gcóngar na Gréine: bíonn siad á gcur óna bhfithisí, á dtreascairt in éadan na réadanna eile nó á sá isteach sa Ghrian. Murach go bhfuil soláthar seasta de chóiméid nua ann, dar le hOort, ní bheadh oiread is aon cheann fágtha againn chomh deireanach seo i ndiaidh bhreith an Ghrianchórais. Mar sin, caithfidh sé go bhfuil a leithéid de scamall ann.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochScamall Oort
Cineálréad tras-Neiptiúnach agus aonán hipitéiseach
FionnachtaíJan Hendrik Oort Cuir in eagar ar Wikidata
EapainmJan Hendrik Oort agus Ernst Öpik
Réad tuismitheoraAn Ghrian
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Cuid degrianchóras lasmuigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Creidtear go bhfuil an scamall seo sféarúil, is é sin, go bhfuil sé ar dhéanamh na liathróide, agus é ag timpeallú na Gréine idir caoga míle agus céad míle aonad réalteolaíoch. Is ionann sin agus thart ar sholasbhliain amháin, rud a chiallaíonn go bhfuil an scamall seo suite leath an bhealaigh go dtí an chéad réalta eile. Maidir le Crios Kuiper, is fáinne de chóiméid é a chloíonn, a bheag nó a mhór, le leibhéal an éicliptigh, agus é suite taobh istigh den scamall. Is dócha nach féidir teorainn deifnídeach a aithint eatarthu, áfach.

Is féidir go bhfuil an teoiric fá dtaobh den scamall seo le cúpla craiceann a chur di go fóill, nó siúd is nach gcuireann na saineolaithe aon amhras mór sa scamall mar rud, bheir na breathnuithe réalteolaíocha le fios gur féidir go bhfuil sé suite níos gaire dúinn ná mar a shíl siad go dtí seo. Is í an eochair an réad rúndiamhrach ar cuireadh sonrú ann sa bhliain 2003, mar atá, Sedna. Sórt pláinéad beag nó astaróideach í Sedna, agus í ag timpeallú na Gréine níos faide ná Crios Kuiper, agus níos cóngaraí ná mar ba chóir, más réad de chuid Oort é dáiríre. Le míniú ceart a thabhairt ar an gcineál réad atá i gceist le Sedna, deir na saineolaithe gur féidir go bhfuil struchtúr scamall Oort curtha trí chéile ag réalt éigin a tháinig i ngaire ár ngrianchórais fadó.

Tagairtí cuir in eagar

athraigh An Grianchóras
 An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall Oort
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris