Eris (abhacphláinéad)

(Athsheolta ó Eris (mionphláinéad))

Abhacphláinéad is ea Eris (nó 136199 Eris, nó 2003 UB313, siombail: ⯰)[9] atá suite ar imeall an ghrianchórais, níos faide ón ghréinPlútón. Ba é an réad is mó a fionnadh sa ghrianchóras ó nochtadh Neiptiún i 1846. Ceann de réadanna an diosca scaipthe atá inti, nó ní féidir í a aicmiú go sásúil mar réad de chuid Chrios Kuiper ná mar cheann de chuid Scamall Oort, ach an oiread.

WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochEris ⯰
Ainmniú136199 Eris
Ainmniú sealadach2003 UB313 (21 Deireadh Fómhair 2003) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmniúcháin eileXena
Cineálabhacphláinéad agus plutoid (en) Aistrigh
Grúpa mionphláinéidréad tras-Neiptiúnach agus plutoid (en) Aistrigh
FionnachtaíMichael E. Brown[1]
Chad Trujillo[1]
David L. Rabinowitz[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtana21 Deireadh Fómhair 2003[2], Réadlann Palomar[3]
EapainmEaras
Réad tuismitheoraan Ghrian
Réad linbh
Sonraí fithiseacha
 Féach ar an staid reatha
Apaipsis97.468 AU[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Pearaipsis38.013 AU
(arg (ω): 151.6871)[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Ais mhór a67.74 AU[3]
Éalárnacht e0.43883[3]
0.43465546719259
Tréimhse fhithiseach P557.55 a[3]
Meán-Aimhrialtacht M205.384 °[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Claonadh i44.1444 °[3]
Fad an nóid éirithigh Ω35.9045 °[3]
Dátaí pearaipsise14 Deireadh Fómhair 2258
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Ga1,163 km Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas2,326 km[5] Cuir in eagar ar Wikidata
Dearbhmhéid−1.1[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Méid dhealraitheach (V)18.7 (banda V) Cuir in eagar ar Wikidata
Trastomhas uilleach34.3 "[6]
Achar dromchla17,000,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Mais16.6 Yg[7] Cuir in eagar ar Wikidata
Meándlús2.52 g/cm³ Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse rothlaithe25.9 h[4] Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.96 (ailbéideacht gheoiméadrach) Cuir in eagar ar Wikidata
Teocht an dromchla
íosmhéid  meán  uasmhéid
30 K  42.5 K  55 K[8] Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dediosca scaipthe Cuir in eagar ar Wikidata
Catalóga réalteolaíochta
Aitheantóir JPL2136199 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
« (136198) 2003 UJ296 Cuir in eagar ar Wikidata • (136200) 2003 VS5 Cuir in eagar ar Wikidata »

Tá sé déanta as carraig is oighear, timpeall 3,000km ar trastomhas, níos mó ná Plútón.

Tá sé 3 oiread níos faide amach uainn ná Plútón, i bhfithis ag uillinn chlaonta 44° ó fhithisí na bpláinéad eile. Measann na réalteolaithe gur dócha gur theilg Neiptiún amach é uair éigin ina fhithis chlaonta.

 
Abhacphláinéid

Braitheadh den chéad uair é i gCrios Kuiper i 2003, agus cinntíodh é i 2005.

Ba iad na réalteolaithe Michael Brown, Chad Trujillo is David Rabinowitz a bhraith den chéad uair é, ar an 14 Samhain 2003, le teileascóp Samuel Orschin i Réadlann Palomar agus an teileascóp Gemini North ar Mauna Kea i Haváí

Is féidir gur pláinéad é, an 9ú ceann, le teacht in ionad Phlútóin a dícháilíodh mar phláinéad i 2006.

 
Fithis ar 9 D.F. 2006

Nuair a thángthas trasna ar Eris, b'éigean aicmiú nua a fháil do Phlútón, ós rud é nach raibh aon chúis cheart le "pláinéad" a thabhairt ar Phlútón a thuilleadh, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cuid mhaith réadanna eile amuigh ansin ar féidir dóibh a bheith ar aon mhéid le Plútón.

Go bunúsach, is é an t-aon ábhar a bhí ann le Plútón a aicmiú mar "phláinéad" ná gur fionnadh é i bhfad roimh na réadanna tras-Neiptiúnacha eile, chomh luath leis an mbliain 1930. Mar sin, cheap Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta. coincheap nua - abhacphláinéad - leis an bhfadhb a fhuascailt.

 

Tá foireann Mike Brown ag obair in Ollscoil Teicneolaíochta California, nó Caltech, i bPasadena, agus ní hí Eris an chéad fhionnachtain den chineál seo a rinne siad ar aon nós. Roimhe seo, tháinig Brown agus Trujillo trasna ar Quaoar, agus bhí Rabinowitz ag comhoibriú leo cheana nuair a d'fhionn siad Sedna agus Orcus.

Ba ea é an chéad ainm a thug na réalteolaithe ar an réad ná Xena - ag tagairt do bhanphrionsa na gcogaí ar an teilifís! Ar ndóigh, nuair a thug siad faoi deara gealach bheag ag timpeallú "Xena", bhaist siad "Gabrielle" uirthi.

 
Fithis

Is é an t-ainm atá uirthi inniu ná Dysnomia. Tá an dá ainm ag tagairt do chonspóid agus d'easaontas, nó ba mhór an t-ábhar easaontais do shaol na réalteolaíochta é an catagóir ceart réalteolaíoch a cheapadh d'Eris. B'í Eris bandia an easaontais i gcreideamh na sean-Ghréige, agus ciallaíonn Dysnomia "aindlí". Is féidir tagairt do Xena a aithint san ainm seo, freisin, ós rud é gurb é an focal Béarla ar "aindlí" ná "lawlessness", agus páirt Xena á déanamh ag aisteoir mná arb ainm di Lucy Lawless.

  1. 1.0 1.1 1.2 URL tagartha: https://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
  2. URL tagartha: https://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Ráite i: JPL Small-Body Database. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "Q4026990" defined multiple times with different content
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Ráite i: JPL Small-Body Database. JPL Small-Body Database SPK-ID: 2136199.
  5. Ráite i: Size, density, albedo and atmosphere limit of dwarf planet Eris from a stellar occultation. Údar: Bruno Sicardy. Teanga an tsaothair nó an ainm: Béarla. Dáta foilsithe: 2011.
  6. URL tagartha: https://iopscience.iop.org/article/10.1086/504843/pdf. DOI: 10.1086/504843.
  7. URL tagartha: http://hubblesite.org/pubinfo/pdf/2007/24/pdf.pdf.
  8. URL tagartha: http://web.gps.caltech.edu/~mbrown/planetlila/.
  9. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
athraigh An Grianchóras
 An GhrianMearcairVéineasAn GhealachAn DomhanMarsPhobos agus DeimosCeiréasAn príomhchrois astaróideachIúpatarGealacha IúpatairSatarnGealacha ShatairnÚránasGealacha ÚránaisNeiptiúnGealacha NeiptiúinPlútónGealacha PhlútóinHaumeaGealacha HaumeaMakemakeCrios KuiperErisDysnomiaAn diosca scaiptheScamall HillsScamall Oort
An Ghrian · Mearcair · Véineas - an Domhan - Mars · Ceiréas · Iúpatar · Satarn · Úránas · Neiptiún · Plútón · Haumea · Makemake · Eris