Imeartas optúil annamh ina mbíonn cuma ghorm ar dhiosca na Gealaí. Má bhíonn páirteagail le trastomhas 0.8-1.8 miocrón san atmaisféar—mar shampla, de thoradh brúchtadh bolcáintine foraoise — scaiptear an solas dearg amach as an líne radhairc ach tagann an solas gorm isteach, agus bíonn cuma ghorm ar an nGealach. Tarlaíonn a leithéid maidir leis an nGrian freisin, agus feictear grian ghorm.[1]

Gealach ghorm le linn urú na gealaí na bliana 2009

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gealach ghorm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 309.