An t-imchlúdach tanaí aeir a choimeádtar timpeall an Domhain ag an aomadh domhantarraingthe is ea atmaisféar an Domhain (Gréigis: ἀτμός - atmos "gal" agus σφαῖρα - sphaira "sféar")ː[1] nítrigin (78%), ocsaigin (20%), dé-ocsaíd charbóin (níos lú ná 1%), argón (níos lú ná 1 %) a chomhdhéanamh, ach tagann galuisce is rianmhéid de hidrigin, héiliam, meatán, crioptón, neon, xeineon, ózón is truaillithe éagsúla san áireamh freisin.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAtmaisféar an Domhain
Íomhá
CineálImchlúdach tíreolaíochta, geoisféar agus atmosphere of a planet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDomhan
timpeallacht Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Tréithe
Déanta asnítrigin, ocsaigin, argón, dé-ocsaíd charbóin, neon, héiliam, meatán agus crioptón Cuir in eagar ar Wikidata

Ní mar sin a bhí i gcónaí: ar dtús meastar gur meascán de mheatán is amóinia a bhí san atmaisféar. Le hathruithe fisiciúla ar dhromchla an Domhain agus éabhlóid na bplandaí, tháinig an comhdhéanamh chun a bheith mar a bhfuil sé timpeall 20 milliún bliain ó shin.

Tá an ocsaigin ann de bharr na beatha, agus go mór mór de bharr na fótaisintéise, an cumas atá ag plandaí feidhm a bhaint as fuinneamh sholas na Gréine. Glacann plandaí dé-ocsaíd charbóin isteach, agus cruthaíonn an próiseas fótaisintéise ocsaigin ghásach mar fhotháirge.

Baineann dó breoslaí is meitibileacht ainmhithe feidhm as ocsaigin, agus cruthaíonn dé-ocsaíd charbóin mar fho-tháirge. Cuid lámach den éiceachóras domhanda an t-atmaisféar. Má athraítear tiúchan aon fho-choda nádúrtha, nó má shuimítear aon ábhar as an nua, b'fhéidir go mbeidh córas beatha an Domhain thíos leis. Samhlaítear an t-atmaisféar roinnte ina sceallaí comhlámacha.

Sa trópaisféar, ó dhromchla an Domhain go dtí an trópastad timpeall 14 km in airde (mar a mbíonn an teocht ag -60°C), a tharlaíonn an aimsir, gaotha, báisteach is sneachta. Os cionn an trópastad tá an strataisféar, suas go dtí timpeall 50 km mar a bhfuil an stratastad (agus an teocht ag O°C).

Tá an ciseal ózóin, a chosnaíonn daoine, ainmhithe is plandaí ón radaíocht ultraivialait sa ghrianradaíocht, ag airde timpeall 28 km. Os cionn an stratastad tá an méisisféar, a shíneann go dtí airde 80 km (mar a mbíonn an teocht ag - 100°C). Scarann an méiseastad an méisisféar ón teirmisféar (agus an teocht ann suas le 1 00°C ag airde timpeall 130 km, suas le 1 200 °C ag 600 km) a shíneann amach sa spás.

Ag airde timpeall 400 km tá an sceall a dtugtar an t-easféar air, ar féidir le gáis éadroma éalú uaidh. Cuimsíonn an t-ianaisféar an méisisféar is an teirmisféar, leis an D-chiseal timpeall 80 km in airde, ciseal Heaviside (E-chiseal) ag timpeall 120 km, agus ciseal Appleton (F-chiseal) timpeall 260 km in airde.

Brú atmaisféarach

cuir in eagar

Is éard is brú atmaisféarach ann ná an fórsa in aghaidh an aonaidachair, atá i bhfeidhm go hingearach ar dhromchla, ag an gás máguaird. Aimsítear é ó fhórsa imtharraingthe an phláinéid i gcomhar le mais iomlán cholún aeir os cionn suímh. Tá aonaid brú an aeir bunaithe ar chaighdeán atá aitheanta go hidirnáisiúnta, sé sin 'an tAtmaisféar Caighdeánach', a shainmhínítear mar 101,325 Pa (nó 1,013,250 díneacha in aghaidh cm ²). Laghdaíonn brú ghás atmaisféarach le hairde mar gheall ar laghdú mhais an gháis os cionn an tsuímh.

Tugtar an airde scála ar an airde ag a bhfuil an brú atmaisféarach laghduithe ag fachtóir de 'e' (uimhir éagóimheasta le luach de 2.71828 ..) ar a dtugtar 'H' air. Nuair atá atmaisféar ann le teocht aonfhoirmeach, tá an 'airde scála' comhréireach leis an teocht agus i gcomhréireach contrártha leis an mais mhóilíneach mheánach d'aer tirim oiread luasghéarú imtharraingteach an phláinéid. I gcás den sórt sin samhail atmaisféir eiseamláir, titeann an brú go heaspónantúil le airde na hairde. Níl, áfach, atmaisféir aonfhoirmeach i teochta, mar sin tá cinneadh cruinn ar bhrú an atmaisféir ag aon airde áirithe níos casta fós.

Éalaitheach atmaisféarach

cuir in eagar

Tá difríocht shubstaintiúil idir Imtharraingt dromchla i measc na bpláinéad, an fórsa a choinníonn síos an t-atmaisféar. Mar shampla, tá fórsa mór imtharraingthe an ollphláinéid Iúpatar in ann gáis éadroma, mar hidrigin agus héiliam a choinneáil, a éalaíonn ó réada le himtharraingt níos ísle. 'Fad ón ghrian' a chinneann an fuinneamh atá ar fáil chun gás atmaisféarach a théamh go dtí an pointe nuair a sháraíonn gluaisne theirmeach a mhóilíní treoluas éalaithe an phláinéid, (.i. an luas ina sáraíonn móilíní gáis greim imtharraingthe an phláinéid). Dá bhrí sin, tá Tiotán, Tríotón agus Plútón in ann a n-atmaisféar a choinneáil, in ainneoin imtharraingtí réasúnta íseal. Féadfaidh pláinéid idir-réaltacha, go teoiriciúil, atmaisféir tiubha a choimeád freisin.

Ós rud é, ag aon teocht ar leith, go mbíonn móilíní gháis ag bogadh ar raon leathan treoluasanna, beidh roinnt mall-sceitheadh de gháis amuigh sa spás ag titim amach, beagnach go leanúnach. Bogann móilíní a bhíonn níos éadroime níos tapúla ná na cinn níos troime leis an bhfuinneamh cinéiteach céanna, agus mar sin, bíonn gáis de mheáchan móilíneach íseal a chailleadh níos tapúla ná iad siúd de mheáchan móilíneach ard. Síltear go mbéidir gur chaill Véineas agus Mars a gcuid uisce go léir beagnach nuair, tar éis a bheith fótai-díthiomsaithe chuig hidrigin agus ocsaigin ag solas ultraivialait na Gréine, d'éalaigh an hidrigin.

Comhshuíomh

cuir in eagar
 
Scaipeann gáis atmaisféarach solas gorm níos mó ná tonnfhaid eile, ag tabhairt luan gorm ar an Domhan nuair a fheictear air ó spás.

Is é is cúis le comhshuíomh ceimiceach atmaisféir tosaigh ná go ginearálta ceimiceáin agus teochtaí an réaltnéil áitiúil, i rith fhoirmíocht phláinéadach, agus an t-éalaíoch gháis ón taobh istigh ina dhiaidh sin. Tháinig éabhlóid nach beag ar na hatmaisféir bunaidh thar tréimhse ama, le hairíonna éagsúla na bpláinéad mar thoradh ar na torthaí an-difriúil atá fágtha.

Tá atmaisféir na bpláinéad Véineas agus Mars comhdhéanta go príomha de dhé-ocsaíd charbóin, le cainníochtaí beaga de nítrigine, argón, ocsaigin agus rianta de gáis eile.

Comhdhéanamh

cuir in eagar

Cuimsíonn atmaisféar an Domhain, ón dtalamh aníos, an trópaisféar (a chuimsíonn an tsraithe ar fhódchiseal an phláinéid nó an peploisféar mar an tsraith is ísle), an strataisféar, an méisisféar, an teirmisféar (ina bhfuil an t-ianaisféar agus an t-eisisféar) agus freisin an maighnéadaisféar. Tá ráta laghdaithe éagsúla ag gach ceann de na sraitheanna, a shainíonn an ráta athraithe teochta le hairde.

Luíonn trí cheathrú den atmaisféar istigh sa trópaisféar, agus athraíonn doimhneacht an chisil idir 17 km ag an Mheánchiorcal agus 7 km ag na moil. Is é an ciseal ózóin, a ionsúnn fuinneamh ultraivialait ón Ghrian, atá lonnaithe go príomha ins an strataisféar, ar airde de 15-35 km. Úsáidtear go coitianta an líne Kármán, atá suite laistigh den atmaisféar ag airde de 100 km, chun an teorainn idir atmaisféar an Domhain agus an spás lasmuigh a shainmhíniú. Ach, is féidir leis an eisisféar leathnú ó 500 suas go dtí 10,000 km thuas ar an dromchla, áit a n-idirghníomhaíonn sé le maighnéadaisféar an phláinéid.

Tá atmaisféir aitheanta ag reanna réalteolaíocha eile mar seo a leanas.

Laistigh d'ár gcrianchóras

cuir in eagar

Lasmuigh d'ár gchrianchóras

cuir in eagar

Cúrsaíocht

cuir in eagar

Tarlaíonn cúrsaíocht an atmaisféir mar gheall ar dhifríochtaí theirmigh má éiríonn comhiompar níos éifeachtaí mar iompróir teasa ná radaíocht theirmeach. Ar phláinéid ina mbíonn radaíocht na gréine ina phríomhfhoinse teasa, iompraítear iomarca teasa ó na Trópaicí go domhanleithidí níos airde. Nuair a ghineann pláinéad méid suntasach teasa go hinmheánach, mar atá an cás le Iúpatar, is féidir le cúrsaíocht an atmaisféir fuinneamh teirmeach a iompair ón taobh istigh suas go dtí an dromchla.

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).