Meatán
CH4 is ea meatán, an t-alcán (hidreacarbón pairifín) is simplí dá bhfuil ann.[1] Cruth teitrihéidreach atá ar an móilín, agus is tábhachtach an cruth sin sa cheimic orgánach. Gás inlasta gan dath gan bholadh, príomhchuid den ghás nádúrtha.
Éiríonn sé trí dhianscaoileadh anaeróbach, as seangáin ar thalamh dhífhoraoisithe, mianaigh guail, dumpaí, portaigh, dóiteáin foraoise, agus bealaí díleáite na mílte milliún ainmhithe ar domhan. Gás portaigh a thugtaí air leis na céadta bliain.[2]
Iarmhairt cheaptha teasaCuir in Eagar
Measann na heolaithe go bhfuil breis is dúbailt ar an tiúchan meatáin san aer le 300 bliain anuas, ó 650 cuid sa bhilliún go dtí 1700 cuid sa bhilliún, agus go bhfuil sé ag méadú 1% gach bliain anois. Cuireann sé go suntasach leis an iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar agus le timpeall 25% den fhorthéamh domhanda atá ag tarlú de bharr sceitheadh gáis cheaptha teasa ag an gcine daonna.[2]
B'fhusa iarmhairt meatáin sa phróiseas seo a laghdú ná iarrnhairt déocsaíd charbóin, de bhrí nach maireann sé ach 10 mbliain san atmaisféar (maireann déocsaíd charbóin timpeall 200 bliain) agus nach gá ach gearradh siar 20% ar a tháirgeadh chun a thiúchan san atmaisféar a laghdú. Tá an tuairim ag eolaithe ar leith go raibh tionchar tábhachtach ag meatán i dtéamh is fuarú an domhain sna hoighearaoiseanna seo caite.[2]