Seangán
Is feithid é an seangán.[1] Ball d'fhine na Formicidae atá ann. Tá siad gaolta leis na beacha agus leis na foichí.
Formicidae | |
---|---|
Iridomyrmex purpureus | |
Taifead | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Hymenoptera |
Forfhine | Formicoidea |
Fine | Formicidae Latreille, 1809 |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | gearradh agus Formica |
Tháinig an seangán ar an bhfód idir 110 agus 130 milliún bhliain ó shin. Tá seangáin ina gcónaí i ngach cuid den domhan ach amháin Antartaice agus oileáin áirithe.
Tá ról an-tábhachtach ag an seangán sa ghairdín. Bogann siad tríd an gcré, agus mar sin, cuireann siad aer ann. Cabhraíonn sé seo le fás na bplandaí.
Sa bhliain 2022, rinne taighdeoirí staidéar chun líon na seangán ar an bpláinéad a mheas. Is cosúil go bhfuil ar a laghad 20 cuaidrilliún seangán ar Domhan. Ciallaíonn seo go bhfuil ar a laghad 20,000,000,000,000,000 acu ann.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ ““seangán” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-07.
- ↑ maynoothuniversity.ie (4 Deireadh Fómhair 2022). "ELeathanach 417".
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |