Is foirm dhlúth damhna atá i gceist le leacht atá in ann sreabhadh ach nach bhfuil in ann fórsaí rothlaithe a tharchur. Bíonn an dlús céatadán beag níos lú ná dlús an tsolaid chomhfhreagraigh. Bíonn sí beagnach do-chomhbhrúite. Bíonn na hadaimh inti ag síorathrú ionad ar mhodh randamach. Ní bhíonn aon ord meánraonach ná fadraonach sna hadaimh, ní hionann is an-chuid solad, ach roinnt oird ghearr-raonaigh. Maidir le struchtúr, bíonn leachtanna an-slaodacha cosúil le solaid dhímhorfacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Leacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.