Is acmhainn nádúrtha é gás nádúrthagás aiceanta. Gás atá ann, atá comhdhéanta de meatán, don chuid is mó (meascán hidreacarbón gásach indóite, meatán mar 80% de, agus beagán eiteáin, propáin, bútáin, nítrigine is héiliam).[1]

Gás nádúrtha

Tarraingthe as carnadh faoi thalamh, faightear leis féin é, nó le deascáin ola i gcuid mhaith réigiún ar fud an domhain. Faightear i mbreoslaí iontaise é, á cruthú ag orgánaigh meatánaigine i bportaigh, i riasca agus i líonta talún.

Fógra rabhaidh i mBaile Átha Cliath ó Bord Gáis. Suite ar Bhóthar Naomh Mháiréad i mBaile Munna

Baintear feidhm as an gás mar bhreosla an-tábhachtach agus i leasacháin. Is gás ceaptha teasa láidir é chomh maith. Is mó faoina dhó nó mar sin an fuinneamh ann ná i ngás baile. Úsáidtear mar bhreosla bunúsach é sa teaghlach is an tionscal (bunábhar d'an-chuid ceimiceán).

Stair cuir in eagar

Bhí an gás nádúrtha in úsáid sa tSín sa 1ú céad RC chun sáile a ghalú.[1]

Sa 20ú haois, bhí an gás nádúrtha á mholadh mar mhalairt breosla in ionad peitril i gcomhair feithiclí. Bheadh buntáistí aige sa bhfeidhmiú seo, sa mhéid is go bhfuil sé saor slán sábháilte agus go dtáirgeann i bhfad níos lú gás truaillithe nuair a dhóitear é. Ach is lú an fuinneamh ann ná i bpeitreal ná díosal, agus mar sin bheadh gá le tanc an-mhór i ngluaisteán, nó athluchtú i bhfad níos minice, chun taisteal chomh fada agus is féidir le gluaisteán peitril ar lántanc.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais". Dáta rochtana: 2022.