Is é atá i gceist le breosla iontaise[1]hidreacarbóin atá le fáil i ngual, ola, gás nádúrtha, nó aon bhreosla a dhéantar as plandaí agus ainmhithe marbha.

Is breoslaí iad – amhail gual, gás, móin agus ola – a chruthaítear sa talamh in imeacht na mílte nó na milliúin bliain, as plandaí agus ainmhithe marbha, agus a ídítear go hiomlán nuair a dhóitear iad chun fuinneamh a fháil.[2]

Is iad na hábhair go léir a úsáideann daoine mar bhreoslaí indóite, ach amháin an mhóin, a rinneadh is a leagadh síos faoin talamh is a iontaisíodh na milliúin bliain ó shin ó phlandaí.[3]

Maidir le móin, níl sí chomh sean leis na breoslaí eile, agus le fírinne ní chuige seo a iontaisíodh í. Go bunúsach, is ó fhuinneamh na gréine a tháinig an fuinneamh folaithe sna breoslaí seo - gual, ola is gás nádúrtha - agus sa mhóin. Nuair a dhóitear na breoslaí seo go léir táirgtear dé-ocsaíd charbóin, agus nuair a sceitear an gás seo san atmaisféar, cuireann sé le truailliú an aeir is an iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar.[3]

Ba é an t-eolaí Rúiseach Mikhail Lomonosov a mhol an teoiric go raibh na hidreacarbóin seo le fáil ó na foinsí seo sa bhliain 1757.

Sa lá atá inniu ann, creidtear go forleathan go ndéanann na breoslaí iontaiseacha an dochar atá le feiceáil leis an iarmhairt cheaptha teasa agus téamh domhanda.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. “breosla iontaise” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-21.
  2. gov.ie. "Breoslaí Iontaise" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2024-05-29.
  3. 3.0 3.1 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.