Bíonn truailliú san aer nuair a bhíonn ceimiceáin, gáis, agus cáithníní gan iarraidh ann.[1]

Mar a bhí .... truailliú aeir i mBÁC agus simléir an Phoill Bhig

Déanann truailliú an aeir damáiste ollmhór dár sláinte agus dár gcomhshaol. Maraíonn truailliú aeir níos mó ná 3 mhilliún duine in aghaidh na bliana[2] – tarlaíonn thart ar 75% de na básanna sin san Áise.[1]

Is féidir le taisleach agus truailleáin dhíobhálacha a bheith sáinnithe i bhfoirgnimh.[3]
aonocsaíd charbóin ag 5,000 méadar san atmaisféar timpeall an domhain

Tagann formhór an truaillithe ó mhúch thionsclaíoch agus ó mhúch thráchta. Uaireanta is rudaí nádúrtha is cúis leis an truailliú – tine foraoise nó bruchtú bolcáin, b’fhéidir. Ní i gcónaí gur féidir linn na tarlúintí sin a chosc. Ach is féidir linn bheith gníomhach maidir leis an truailliú aeir a thagann ó bhreoslaí iontaise, a laghdú, chomh maith le foinsí eile, lena n-áirítear iad siúd ó na hearnálacha iompair, talmhaíochta agus cónaithe. Is féidir le taisleach, truailleáin dhíobhálacha agus víris ar nós COVID bheith sáinnithe i bhfoirgnimh.[3]

caighdeán domhanda an aeir (NASA)

Cé gur saincheist áitiúil ar gá gníomhaíocht áitiúil a dhéanamh ina leith is ea aerthruailliú den chuid is mó, ní stadann sé ag teorainneacha polaitiúla. Is é a thagann as sin ná rud ar a dtugtar aerthruailliú trasteorann.[4]

Iarmhairtí

cuir in eagar

Nuair a mheascann truailliú aeir le báisteach, titeann báisteach aigéadach. Cuireann sin isteach ar na fréamhacha agus ar an duilliúr agus is laige an crann dá bharr. Déanann feithidí, fungais agus galair an-dochar do chrainn laga ansin.[5]

Glactar leis go forleathan gur planda tábhachtacha táscaire é brífít maidir le truailliú aeir is talún.[6]

Bunriachtanas le haghaidh ár gcáilíochta beatha is ea aer glan. Ach tá an fhianaise ann go bhfuil an beagán is lú truaillithe in ann damáiste a dhéanamh do shláinte an duine, fiú amháin é a chur den tsaol ar fad.[7]

Measann (estimate) eolaithe go n-análaimid 20,000 lítear aeir in aghaidh an lae. Má tá an t-aer an-truaillithe, análóimid an-chuid substaintí dainséaracha isteach sna scamhóga.[1]

Sa bhliain 2023, d'fhoilsigh Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC nó EPA i mBéarla) tuarascáil. Theip ar Éire coinníollacha leagtha síos in 2021 ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) a shásamh, agus imní ann faoi ghníomhartha áirithe i gceantair ar leith, go háirithe bailte móra agus cathracha '.[7] Ábhair as breosla soladach a úsáidtear i dtéamh tithe cónaithe chomh maith leis an truailliú a thagann de bharr chúrsaí tráchta a chothaíonn na príomh-fhadhbanna in Éirinn a dúradh. Caithfear athruithe a dhéanamh chun an WHO a shásamh, ina measc

  • painéil ghréine ar dhíon an tí,
  • breis lánaí rothaíochta a fheistiú ar fud na háite,
  • agus a chinntiú go bhfuil neart deiseanna iompar poiblí ann ionas nach gcaithfidh daoine braith ar charr an t-am uilig,
  • srl

Bhí súil ag an GCC go gcomhlíonfadh Éire na riachtanas ar fad atá ag an WHO faoi 2040 agus spriocanna eatramhacha a bhaint amach sna blianta 2026 agus 2030.[7]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 COGG (Imleabhar 12, Eagrán 24, 20 Aibreán 2016). "Eureka - Lá an Domhain". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 Aibreán 2022. Dáta rochtana: 2023.
  2. sa bhliain 2014
  3. 3.0 3.1 Bileog arna táirgeadh ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. "An fáth ar cheart duit aeráil cheart a bheith i do theach". Dáta rochtana: 2023.
  4. 4.0 4.1 "An Straitéis Náisiúnta um Aer Glan" (ga). www.gov.ie (2023-04-26). Dáta rochtana: 2023-09-26.
  5. Foras na Gaeilge. "Foraoisí". Dáta rochtana: 2023.
  6. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  7. 7.0 7.1 7.2 Nuacht RTÉ (2023-09-25). "Níl caighdeán an aeir anseo ag teacht le forálacha WHO" (as ga).