Báisteach aigéadach
Báisteach, sneachta is flichshneachta a bhfuil a pH níos lú na 5.6 (a nglactar leis mar luach normálta) is ea báisteach aigéadach.
Déantar báisteach níos aigéadaí ná mar a bheadh normálta ag dé-ocsaíd sulfair is ocsaídí nítrigine a sceitear san atmaisféar, ag loscadh breoslaí iontaisithe i bhfoirnéisí ollmhóra, stáisiúin ginte leictreachais agus innill dócháin inmheánaigh. Imoibríonn na ceimiceáin seo le galuisce san atmaisféar chun aigéad sulfarach (H2SO4) is aigéad nítriúil (HNO3) a tháirgeadh.
Is féidir go dtitfidh an bháisteach aigéadach na mílte ciliméadar i gcéin ón mbunionad dóite. Níl sé cinnte go gcuireann sí isteach go díreach ar dhaoine, ach cuireann isteach go tubaisteach ar éisc is gach beo uisciúil eile. Déanann sí damáiste tubaisteach do chrainn freisin.
Ó dheireadh na 1980idí tá comhaontuithe idir na príomhthíortha tionsclaíocha, an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe is an tSeapáin, chun na hastaíochtaí tionsclaíocha is cúis léi a laghdú de réir a chéile.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Báisteach aigéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 60.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |