Is éard is flichshneachta ann ná frasaíocht comhdhéanta de bháisteach agus de shneachta leáite go páirteach. Murab ionann agus millíní oighir, atá crua, agus báisteach seaca, atá sreabhach go dtí go mbuaileann sí réad, áit a reonn sí go hiomlán, tá an fhrasaíocht seo bog agus tréshoilseach, ach tá roinnt rianta de chriostail oighir ann ó gcáithníní sneachta atá comhleáite go páirteach, ar a dtugtar bogoighear freisin. In aon láthair amháin, tarlaíonn sé ar feadh tamall gearr mar chéim trasdul ón mbáisteach go dtí an sneachta nó a mhalairt, ach buaileann sé an dromchla sula n-athraítear go hiomlán í.

Is féidir méid beag greallaí (nó bhogoighir) a tháirgeadh ó mheascán de bháisteach agus sneachta