pH
Tomhas ar aigéadacht tuaslagáin. Cothrom, a bheag nó a mhór, le míneas logartam coiteann thiúchan na n-ian hidrigine sa tuaslagán (i móil in aghaidh an lítir). San uisce bíonn iolrú thiúchan na n-ian hidrigine [H+] is na n-ian hiodrocsaíde [OH-] cothrom le 10-14 ag gnáth-theochtaí. Luíonn pH tuaslagán uisciúil idir 0 (an-aigéadach) agus 14 (an-bhunata). Tugtar tuaslagán neodrach ar thuaslagán le pH = 7.[1]
Cineál | feidhm aigéadachta |
---|---|
Ar bhonn foirmiúil ag | S. P. L. Sørensen |
Foirmle |
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "PH". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 515.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le heolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |