Osclóidh seo an príomhroghchlár
Stáisiún peitril i gContae Dhún na nGall.

Is éard is peitreal (nó artolagásailín uaireanta ) ann ná breosla, de ghnáth breosla leachtach le húsáid in innill dócháin inmheánaigh ina n-adhantar meascán breosla / aeir le spréach[1].

FocalCuir in Eagar

Tagann an focal ó 'petra-oleum' na Laidineola a thagann ó charraig. Is é an bunús céanna atá aige seo agus an téarma eile Gaeilge air, artola. Is ionann art agus cloch.

 
Texaco Skychief

TáirgeadhCuir in Eagar

Is ó mheascán díorthaithe ó pheitriliam a thagann peitreal, úsáidtear go príomha é in innill dhócháin inmheánaigh. Úsáidtear mar thuaslagóir é i gcúrsaí péinte é chomh maith.

Is meascán an peitreal féin de hidreacarbóin sho-ghalaithe a fhaightear ó dhriogadh is scoilteadh peitriliam, a chuimsíonn breiseáin cosúil le comhdhúile luaidhe chun an adhaint a rialú uaireanta, agus coscaire meirge.

Saothraíodh peitreal saor ó luaidhe trí bheinséin is breiseáin eile a chur ann, agus is é seo is mó a úsáidtear anois.

TruailliúCuir in Eagar

Mar thoradh ar an truailliú comhshaoil le luaidhe ag sceithgháis gluaisteán, thosaigh aighneas sna 1980idí mar gheall air sin.

 
The Texas Company, Galveston c 1910-1920

StairCuir in Eagar

Ar 7 Aibreán 1902, bunaíodh an comhlacht Texas Company, ar a dtugtar Texaco sa lá atá inniu ann[2].

Mar thoradh ar an truailliú comhshaoil le luaidhe ag sceithgháis gluaisteán, thosaigh aighneas sna 1980idí mar gheall air sin.

Féach freisinCuir in Eagar

 
Gulf Oil Corporation, Waddell Gasoline Plant, Texas, 1956

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. https://aoghs.org/petroleum-pioneers/sour-lake-produces-texaco/