Is é is brí le teaghlach ná lánúin - is é sin, na tuismitheoirí - agus a gclann - is é sin, na páistí.

Family (1979), dealbh chré-umha le Edwina Sandys ag ceannáras na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv

Is ionann clann an duine agus an chéad ghlúin dá shliocht, is é sin, na páistí (na mic agus na hiníonacha) a saolaíodh dó.

Gaeilge cuir in eagar

Sa Ghaeilge, úsáidtear an focal clann le tagairt don sliocht (offspring i mBéarla) atá ag an lánúin le chéile, cé go bhfuil sé de nós ag foghlaimeoirí na teanga an focal Béarla family a aistriú mar "clann". Níl an nós seo ag teacht le dul ceart na Gaeilge.

Faoi thionchar an Bhéarla, úsáidtear an focal "clann" go minic le tagairt don teaghlach, ach ba chóir an úsáid seo a sheachaint.

Mar sin féin, ós rud é go bhfuil coincheap an teaghlaigh féin tar éis an-chraiceann a chur de i rith na fichiú haoise, is deacair focal maith Gaeilge a aimsiú nach mbeadh cuimhne éigin greamaithe di ón seanaimsir, nuair a bhí na hiníonacha agus na mic fhásta go minic ina gcónaí faoi aon díon lena dtuismitheoirí, nó na seandaoine lena gclann féin.

Focal Ultach é "teaghlach", agus d'fheicfeá é ag scríbhneoirí cosúil le Séamus Ó Grianna.

Focail eile Gaeilge ar theaghlach is ea iad

  • líon tí (is é sin, na daoine a bhfuil cónaí orthu in aon teach le chéile),
  • muirínmuirear (an chlann a gcaithfidh na tuismitheoirí bia agus beatha a choinneáil léi - cf. an téarma Gaeilge úd "pleanáil muiríne") agus
  • comhluadar (a úsáidtear sa chiall seo go háirithe i nGaeilge Chonamara).

Tá glacadh áirithe leis an bhfocal Béarla family sa ghnáthchaint, go háirithe i nGaeilge na Mumhan.

Maidir leis an bhfocal muintir, is féidir é a úsáid sa chiall "teaghlach" freisin: is iad "mo mhuintir" na daoine a bhfuil baint éigin ar leith agam leo, agus ina lán coimhthéacsanna, is é is brí leis ná "mo theaghlach".

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar