Lá na nAithreacha
Is lá saoire é Lá na nAithreacha chun Aithreacht agus aithreacha a cheiliúradh, sa dóigh is a cheiliúrann Lá na Máithreacha Máithreacht. Titeann Lá na nAithreacha ar an tríú Domhnach de mhí an Mheithimh in Éirinn agus sa Bhreatain.
Cineál | lá saoire lá idirnáisiúnta flag day in Finland (en) ![]() ![]() |
---|---|
Comóireann sé | athair ![]() |
Lá | second Sunday of May (en) ![]() 19 Márta Easter + 39 days (en) ![]() second Sunday in November (en) ![]() 8 Lúnasa 8 Lúnasa second Sunday in June (en) ![]() ![]() |
Haischlib | #FathersDay agus #Vatertag ![]() |
Tugtar bronntanais mar aon le hearraí crua agus uirlisí d'aithreacha ar fud an domhain ar an lá sin.
StairCuir in Eagar
I Stáit Aontaithe Mheiriceá, ba í an Bhean Sonora Smart Dodd an duine a chuir tús le Lá na nAithreacha. Bhí a hathair ina sheansaighdiúir sa Chogadh Cathartha Mheiriceá, William Jackson Smart. B'fhear é a thóg seisiúr páiste agus é ina thuismitheoir aonair i Spokane, Washington. Tugadh spreagadh di ó iarracht Anna Jarvis chun tús a chur le Lá na Máithreacha.
Cé gur mhol sí an 5 Meitheamh ar dtús, cothrom lae báis a hathar, níor thug sí go leor ama do na heagraithe socruithe a dhéanamh, agus cuireadh an ceiliúradh ar ceal go dtí an tríú Domhnach i Mí an Mheithimh. Tugadh tacaíocht neamhoifigiúil ó dhaoine mar aon le William Jennings Bryan caol díreach.
Cé gur rinne Lyndon Johnson lá saoire de Lá na nAithreacha, sa bhliain 1966, níor aithníodh an saoire go hoifigiúil go dtí go raibh Richard Nixon ina uachtarán sa bhliain 1972.
Dátaí i dTíortha ÉagsúlaCuir in Eagar
- An Airgintín, Ceanada, an tSile, an Fhrainc, an India, an Ísiltír, Málta, Meicsiceo, an Ríocht Aontaithe, an tSeapáin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Tuirc, agus Veiniséala: an tríú Domhnach i Mí an Mheithimh (19 Meitheamh sa bhliain 2005)
- An Astráil agus an Nua-Shéalainn: an chéad Domhnach i Mí Mheán an Fhómhair
- An Bheilg: Lá Fhéile Ióseof (a bhíonn an ar an 19 Márta), agus an dara Domhnach i Mí an Mheithimh ("Gan bhaint leis an gcreideamh")
- An Bhrasaíl: an dara Domhnach i Mí Lúnasa
- An Bhulgáir: 20 Meitheamh
- An Chóire Theas: 8 Bealtaine, Lá na dTuismitheoirí
- An Danmhairg: 5 Meitheamh, an dáta céanna ná Lá an Bhunreachta
- An Fhionlainn, an Iorua, an tSualainn,: an dara Domhnach i Mí na Samhna
- An Ghearmáin: ar Lá an Ardaithe (ceaptha ar dtús ag na sóisialaigh chun áit na saoire Críostaí a ghlacadh, agus cuirtear an dá le chéile don chuid is mó)
- An Liotuáin: an chéad Domhnach i Mí an Mheithimh
- An Mhalaeisia: an tríú seachtaine i Mí an Mheithimh
- An Ostair: an dara Domhnach i Mí an Mheithimh
- An Pholainn: 23 Meitheamh
- An Phortaingéil, an Spáinn, an Iodáil: 19 Márta
- Poblacht na Síne (an Téaváin): 8 Lúnasa
- Is comhfhuaimneach é an focal don dáta, ba ba, (8ú/8) leis an Mandairínis ar athair, "爸爸" bàba.
- An Téalainn: 5 Mí na Nollag, breithlá an Rí Bhumibol Adulyadej
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Stair Lá na nAithreacha (Béarla)