An Lúnasa
<< Lúnasa >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | 2 | 3 | 4 | |||
5 | 6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 |
12 | 13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 |
19 | 20 | 21 | 22 | 23 | 24 | 25 |
26 | 27 | 28 | 29 | 30 | 31 | |
2019 | ||||||
Laethanta na bliana go léir |
Is é Lúnasa, Mí Lúnasa nó Lughnasadh an, t-ochtú mí den bhliain.
LughCuir in Eagar
Ainmnítear an mhí ó cheann de mhórfhéilte na nGael, Lá Lúnasa. Ba é Lugh dia ag na Ceiltigh. Lugh Lámhfhada a tugadh air mar gheall ar réimse a chuid arm. Dar le Dáithí Ó hÓgáin, ina chiclipéid faoi bhéaloideas na hÉireann, ba as seanfhocal Ceilteach a chiallaigh mion (lugio) a tháinig an t-ainm Lugh.
Bhí Lugh nó Lú ar dhuine de na déithe ba thábhachtaí a bhí ag na sean-Cheiltigh[1], ní amháin in Éirinn ach ar fud na hEorpa. Bhí baint ag Lugh leis an ghrian agus leis an samhradh.
Ní nach ionadh mar sin gur thug sé a ainm don mhí is teo san fhéilire in Éirinn, Mí Lúnasa.
Thug muintir na Breataine Bige Lleu Llaw Gyffes uirthi.
Ainmníodh Léon na Spáinne as Lugh, chomh maith le Lyon na Fraince agus Londain fosta, síltear.
NósannaCuir in Eagar
Féile a bhí ann le fáiltiú roimh fhás an arbhair agus roimh thús an fhómhair. Is minic a bhíodh daoine in Éirinn ag déanamh damhsaí agus tinte cnámha le Féile Lúnasa a cheiliúradh. Bhí cuid de na nósanna seo beo go fóill go dtí an fichiú haois.
Chum Brian Friel, drámadóir clúiteach as Tír Eoghain, dráma darb ainm Dancing at Lughnasa a bhfuil a lán tagairtí ann do na traidisiúin seo.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
Míonna |
---|
Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig |