Iúil
<< Iúil >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | ||
6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 |
13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 |
20 | 21 | 22 | 23 | 24 | 25 | 26 |
27 | 28 | 29 | 30 | 31 | ||
2020 | ||||||
Laethanta na bliana go léir |
Is í Mí Iúil an seachtú mí den bhliain. Úsáidtear an leagan Béarla d'ainm na míosa go forleathan sna canúintí, agus is minic a thugtar July an Chabáiste ar Mhí Iúil fosta, nó nuair a bhí drochbhliain ann, ní bhíodh le hithe ag na daoine bochta ach cabáiste, sula n-aibíodh na prátaí i Mí Lúnasa.
Fuair an mhí a hainm ón Impire Rómhánach Iúl Caesar, a thug isteach féilire nua, Féilire Iúil, lena linn. In Éirinn is í seo an tríú mí den samhradh.
Tá a laethanta náisiúnta ag dhá cheann de na tíortha is cumhachtaí ar domhan i mí Iúil, an 4ú lá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá a cheiliúrann Fógra na Saoirse, agus an 14ú lá ag an bhFrainc, Lá an Bastille.
Cuireadh Cath na Bóinne ar an 12 Iúil 1690, nuair a rug an tÍsiltíreach Liam, a raibh coróin na Breataine bronnta air ag an bParlaimint, bua ar an Rí Séamus II, agus ceiliúrann an tOrd Oráisteach an lá sin gach bliain.
TagairtíCuir in Eagar
Míonna |
---|
Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig |