An tOrd Oráisteach

(Athsheolta ó Ord Oráisteach)

Is cumann Protastúnachas Éireannach agus polaitiúil iad an tOrd Oráisteach. Fuair siad an t-ainm ón Protastúnach Liam Oráiste a bhí an bua aige i gcoinne an Caitliceach Seamús II Shasana sa bhliain 1690 ag Cath na Bóinne.[1] Bunaíodh an t-Ord Oráisteach sa bhliain 1795 i gcontae Ard Mhacha.

An tOrd Oráisteach
[[Íomhá:Flag of the Orange Order|Bratach an tOrd]]
Bratach an tOrd
Ceanncheathrú: Béal Feirste
Ballraíocht: 30,000 +
Ard-Rúnaí: Edward Stevenson
Foirmiú: 1795
Suíomh gréasáin oifigiúl: https://www.goli.org.uk/

Is cumann dian Protastúnach iad agus ní ghlactar le baill neamh-Protastúnach, seachas sa chás gur iompaigh duine a reiligiúin agus go bhfuil siad sásta cloí le phrionsabail an Oráisteach. Comh maith leis sin ní ghlactar le Protastúnaigh atá pósta le Caitlicigh.[2] Bíonn gach baill bainteach le Lóiste faoi leith. Tá breis agus 1,000 Lóiste in Éirinn a thagann faoi údarás an Príomh Lóiste Oráiste. Tá ballraíocht oscailte le haghaidh fir fásta a bhfuil dílseacht do phrionsabail an Protastúnachas. Tá cumann éagsúla eile ann i gcomhair mná agus páistí a bhfuil páirteach don chlann Oráiste atá níos leithne.[3] Imríonn an t-Ord ról lárnach in eagrúchán reiligiúnda, polaitiúil agus saol sóisialta le haghaidh neart protastúnaigh i dTuaisceart Éireann.[4]

Feiceann an tOrd orthu féin mar cosantóirí do shaoirse sibhialta agus do shaoirse reiligiúnach na Protastúnaigh. Áfach áitíonn na gcriticeoirí go bhfuil acu gur dream biogóideach atá iontu.[5]

Bunluachanna an t-OrdCuir in Eagar

  1. Protastúnachas a chur chun cinn.
  2. Caomhnú an Aontais idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann.
  3. Caidreamh bráithreachais agus tacaíocht fhrithpháirteach.
  4. Caoinfhulaingt agus meas reiligiúnach.
  5. Seirbhís don Choróin.
  6. Dualgas agus freagracht chathartha.
  7. Tacaíocht charthanúil ar chúiseanna maithe.
  8.  
    Éadach na Fir Bhuí
    Taighde agus caomhnú Stairiúil agus Cultúrtha.[3]

StairCuir in Eagar

Rinneadh ceiliúradh ar bhua an Rí Liam Oráiste III ag na céad cumainn Oráiste ag tús na 1700aí, áfach níor bunaíodh an tOrd Oráisteach go dtí an bhliain 1795.[3] Bunaíodh an tOrd i Meán Fómhair 1795 i ndiaidh Cath na Cearnóige a tharla in aice Loch gCál i gcontae Ard Mhaca. Mharaíodh 30 duine ó na Cosantóirí, Caitliceach ab ea iad.[6] Is i dteach ‘James Sloan’s’ i Loch gCál gur bhunaíodh an t-Ord Oráisteach agus tógadh an céad craobh in An Daighean i gcontae Tír Eoghain.[7]

B’iad James Sloan, James Winter, agus Daniel Winter na triúir príomh bunaitheoirí go raibh ag an eagraíocht. Bhí an eagraíocht déanta suas de Lóiste cloíte le rún mionn, pasfhocail agus comharthaí rúnda.[8] Ón tús bhíodh dronganna Oráiste freagrach as na mílte Caitliceach a chur as a dtithe agus amach ó gCúige Uladh.[8]

Sa bhliain 1835 rinneadh Teach na dTeachtaí achainí chuig an Rí, leis an t-Ord ar intinn acu, chun go mbeadh deireadh cuartha le eagraíochtaí rúnda agus eagraíochtaí nach ceadaíodh ballraíocht mar thoradh ar bhunús reiligiúin.[1] Níor éirigh leo sin a dhéanamh.

Bhíodh breis agus 90,000 baill ag an cumann ag a buaicphointe sna 1960aí, sa lá atá inniu creidtear go bhfuil timpeall 34,000 baill ag an cumann.[9] I gcaitheamh na 1970aí bhí treocht ballraíocht níos airde in san tOrd le feiceáil i gceantracha gur b’iad Caitlicigh tromlach an daonra. Bhí níos mó Protastúnaigh den chreidimh ‘Oráiste’ le fáil i gcontaetha Caitliceach i gcomparáid le contaetha Protastúnach.[10]

Maraíodh breis agus 300 baill ón t-Ord i gcaitheamh na Trioblóidí. Rinneadh formhór na dúnmharú ag an tIRA Sealadach.[9]

Le déanaí tá laghdú tagtha ar láidreacht an t-Ord i gceantracha uirbeacha. Creidtear go bhfuil seo tarlaithe mar thoradh ar laghdú i gcaipitil shóisialta agus an ardú i mbannaí dílseoirí máirseáil atá neamhspléach. Tá na mbannaí neamhspléach níos tarrainteach do dhílseoirí óige uirbeacha dá bharr minicíocht na mórshiúil agus dearcadh níos réchúiseach ar alcóil.[10]

12ú IúilCuir in Eagar

 
Mórshiúl Oráiste i mBaile Uí Rónáin (2004)

Is ar an dara lá dhéag de mhí Iúil gach bhliain go mbíonn mórshiúl ag an tOrd chun ceiliúradh Cath na Bóinne a tharla sa bhliain 1690. Go hiondúil bíonn mórshiúl déanta ag na lóiste Oráisteach ar fad roimh an 12ú Iúil. Ansin ar an dara lá dhéag déantar mórshiúl eile leis na lóiste ar fad atá i gceantar áirithe. Bíonn 17 príomh mórshiúl ar siúl ar an 12ú, tá an ceann is mó i gcónaí i mBéal Féirste. Bíonn ceann eile ar siúl i nDún na nGall ar an Sathairn roimh an 12ú.[9] Bíonn banna máirseáil le feadóga móra agus drumaí in éineacht leis na mórshiúil. Is minic go mbíonn liricí seicteach le chloisteáil sna port.[2] Bíonn an dara lá dhéag mar lá saoire bainc i dTuaisceart na hÉireann.[11] Tosaíonn an ócáid le tinte chnámh agus tinte ealaíona ag an oíche don t-aonú lá dhéag.[12] Ansin ar an lá é féin tosaíonn na mórshiúil ag na Hallaí Oráiste agus téann siad tríd na cathracha nó bailte áitiúla agus amach ansin go dtí páirceanna nó spás oscailte faoi leith. Bailíonn an lucht máirseála lena gclann agus cairde chun cheiliúradh ansin le bia, deoch agus óráidí. Caitheann na Fir Bhuí culaith dubh, sais oráiste, lámhainní bán agus hata babhlaer.[13]

 
Tine Cnámh (11ú Iúil)

Is minic go gcruthaítear trioblóid mar thoradh ar na mórshiúil. Téann cuid de na mórshiúil tríd ceantracha Caitliceach i dTuaisceart na hÉireann.[14] Creidtear ag roinnt Náisiúnaigh go bhfuil na mórshiúl caithréimeach agus bagrach ach creideann na Fir Bhuí go bhfuil sé ina ceart acu siúl ar na mbóithre poiblí.[15] Feictear gnéithe forchiníoch ag an am sin den bhliain ó dílseoirí. Seinntear fonn gránna agus na mórshiúl in aice le Séipéil Caitliceach agus dóitear bratanna áirithe, go hiondúil cinn Éireannach agus Poblachtánach, ar na tinte cnámha.[16] Le blianta anuas tá iarrachtaí déanta na bealaí mórshiúil a athrú ó gceantracha Caitliceacha chun trioblóid a sheachaint. Sa bhliain 1998 bhí an bealach máirseáil athraithe in aice Phort an Dúnáin chun ceantar Caitliceach a sheachaint. Phléasc agóid ollmhór Protastúnach amach mar thoradh. Dódh teach Caitliceach síos i mBaile Monaidh i gcontae Aontroma mar cuid den agóide agus fuair triúir buachaill, Richard, Mark agus Jason Quinn bás.[5] Dúradh ag an Príomh Lóiste Oráiste in Éirinn nach raibh an ionsaí nasctha leo cé gur ón agóid, maidir leis an bealach máirseáil a bheith athraithe, gur tharla sé.[17]

Le blianta anuas tá iarrachtaí déanta ag an t-Ord Oráisteach bogadh leis na hamanna. Cruthaíodh an ‘Orangefest’ ar mhaithe le ath-bhrandáil a dhéanamh ar chéiliúradh an 12ú. Ba bheart caidreamh poiblí é chun a bheith níos ionchuimsitheach. Bhíodar ag iarraidh go gcruthóidh sé níos mó turasóireacht i dTuaisceart na hÉireann comh maith.[18]

Ní raibh aon mórshiúl ar siúl sa bhliain 2020 mar gheall ar srianta Covid-19. Na hamanna deireanach gur cuireadh cosc ar na mórshiúl ná i gcaitheamh an Chéad agus Dara Cogadh Domhanda, agus mar gheall ar an Fliú Spáinneach sa bhliain 1918.[19]

Hallaí OráisteCuir in Eagar

 
Halla Oráiste i nDún na nGall

Tá thart ar 700 hallaí Óráiste in Éirinn. Úsáidtear iad go príomhúil le haghaidh cruinnithe don tOrd a bhíonn ar siúl de gnáth ar an gcéad Luain do gach mhí.[20] Ar aon le sin úsáidtear iad mar ionad phobail le haghaidh Protastúnaigh agus daoine ó reiligiúin éagsúla. Léirigh Mary Bradley (2007)[21] go mbíonn úsáid trasphobail ag na hallaí seo le haghaidh naíonra mar shampla. In aon bailte i dTuaisceart Éireann go bhfuil slua Protastúnach ina gcónaí ann bheadh Halla Oráiste ann nó ar a laghad lóiste Oráiste.[4]

I gcaitheamh na Trioblóidí dírigh coirloisceoirí Poblachtánach ar bhreis agus 250 hallaí a dhóigh. Dúradh ag Drew Nelson gur ionsaithe seicteach a bhí i gceist leis na hiarrachtaí.[22]

Páipéar NuachtáinCuir in Eagar

Bunaíodh an páipéar nuachtáin ‘The Orange Standard’ sa bhliain 1973. D’fhorbair an fhoilseacháin thar na mblianta go dtí nuachtáin a thugann trácht, nuacht óna lóiste éagsúla, nuacht ón domhain óráiste, ailt stairiúil agus beathaisnéise na mbaill dá léitheoirí. Sa bhliain 2017 cuireadh an nuachtáin ar fáil go dhigiteach chun cabhrú le meath na léitheoirí. Déantar 5,000 cóip fisiciúil a tháirgeadh go mhíosúil agus bíonn siad dáilte chuig na lóiste éagsúla agus daoine aonaracha.[3]

Cursaí PolaitiúilCuir in Eagar

Tá ceangal láidir ag an tOrd Oráisteach le Aontachtach na Bhreataine. Go hoifigiúil ní eagraíocht polaitiúil iad an t-Ord, é sin ráite feictear air mar fórsa lárnach i gcoinne athaontú na hÉireann. Mar thoradh ar sin is cinne polaitiúil é ballraíocht a ghlacadh san t-Ord agus is ráiteas do fhéiniúlacht polaitiúil é comh maith.[4] Bhíodh an t-Ord ceangailte leis an UUP ó 1905 go dtí 2005. Léiríonn W. McAuley & Tonge (2007)[4] go raibh míshástacht go forleathan in san t-Ord mar gheall ar an Comhaontú Aoine an Chéasta. Mar thoradh ar an míshásamh d’athraigh formhór na vótálaithe a dhílseacht go dtí an DUP. Nuair a raibh parlaimint i dTuaisceart Éireann idir 1921 agus 1972 bhí gach Príomh Aire, seisear as seisear, mar ceannairí lárnach in Aontachtach na Bhreataine agus in san t-Ord Oráiste.[4]

 
An tOrd Oráiste i gCeanada (1911)

Sa bhliain 2014 cláraigh an t-Ord Oráisteach mar rannpháirtí ceadaithe in Reifrinn Saoirse na hAlban. Bhíodar i bhfábhar cosaint an t-Aontas agus iad ag stocaireacht le haghaidh an vóta ‘Níl’.[23]

Go DomhandaCuir in Eagar

Ní in Éirinn amháin go bhfaightear fréamhacha den cumainn. Tá fréamhacha le fáil timpeall an domhain, ina measc tá cinn i Sasana, an Albain, Ceanada, na Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, an Nua Shéalainn agus san Aifric Thiar.[3] Is i nGána agus i dTóga go bhfaightear na fréamhacha is randamacha don t-Ord.[24]

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 Britannica. (2021) Orange Order. Ar fáil ag: https://www.britannica.com/topic/Orange-Order (faighte: 07/02/2021)
  2. 2.0 2.1 Lynch, P. (2005) The Orange Marches. Ar fáil ag: https://www.abc.net.au/radionational/programs/archived/perspective/paul-lynch/3358870 (faighte: 14/02/2021)
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 Grand Orange Lodge of Ireland. (2020) ABOUT US. Ar fáil ag: https://www.goli.org.uk/about-us (faighte: 07/02/2021)
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 W. McAuley, J., Tonge, J. (2007) ‘"For God and for the Crown": Contemporary Political and Social Attitudes among Orange Order Members in Northern Ireland’, Political Psychology, 28(4). Lth 33-52. Ar fáil ag: https://www.jstor.org/stable/20447019?seq=1#metadata_info_tab_contents (faighte: 07/02/2021)
  5. 5.0 5.1 O’Dowd, N. (2009) Kinder, gentler or same old Orange? Ar fáil ag: https://www.irishcentral.com/opinion/kinder-gentler-or-same-old-orange-50952382-237651421 (faighte: 14/01/2021)
  6. History Ireland. (2021) The Men of No Popery: the Origins of the Orange Order. Ar fáil ag: https://www.historyireland.com/18th-19th-century-history/the-men-of-no-popery-the-origins-of-the-orange-order/ (faighte: 12/01/2021)
  7. Connolly, S.J. (2007) The Oxford Companion to Irish History. Oxford University Press. Eagrán 2. Lth. 434.
  8. 8.0 8.1 Your Irish Culture. (2020) The Founding of the Orange Order in 1795. Ar fáil ag: https://www.yourirish.com/history/18th-century/founding-of-the-orange-order (faighte: 14/04/2021)
  9. 9.0 9.1 9.2 The Irish Times. (2014) A concise history of the Orange Order. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/culture/heritage/a-concise-history-of-the-orange-order-1.1855664 (faighte: 08/02/2021)
  10. 10.0 10.1 Kaufmann, E. (2010) Demographic Change and Conflict in Northern Ireland: Reconciling Qualitative and Quantitative Evidence. Ar fáil ag: http://www.sneps.net/wp-content/uploads/2011/09/1-Dominant-Ethnicity-demography-and-conflict_revision-Dec2010.pdf (faighte: 01/02/2021)
  11. Northern Ireland Direct. (2021) Bank Holidays. Ar fáil ag: https://www.nidirect.gov.uk/articles/bank-holidays (faighte: 14/02/2021)
  12. Carswell, S. (2019) Why do Orangemen march? The Twelfth of July explained. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/politics/why-do-orangemen-march-the-twelfth-of-july-explained-1.3952749 (faighte: 08/02/2021)
  13. Belfast Telegraph. (2010) The boy and the bonfire. Ar fáil ag: https://www.belfasttelegraph.co.uk/life/features/article14871526.ece (faighte: 15/02/2021)
  14. DW Documentary. (2018) Protestants and Catholics in Northern Ireland | DW Documentary. 24 Iúil 2018. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=z8LCsV6JWc8 (faighte: 08/02/2021)
  15. BBC News. (2010) Orangemen take part in Twelfth of July parades. Ar fáil ag: https://www.bbc.com/news/10592915 (faighte: 12/01/2021)
  16. Collins, J. (2017) Why did Pope Innocent XI support the Orange? Ar fáil ag: http://www.judecollins.com/2017/07/pope-innocent-xi-support-orange-joe-mcveigh/ (faighte: 14/02/2021)
  17. Murphy, C. (1999) Three life terms for murder of Quinn brothers. Ar fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/three-life-terms-for-murder-of-quinn-brothers-1.244508 (faighte: 15/01/2021)
  18. BBC News. (2012) Who are the Orangemen? Ar fáil ag: https://www.bbc.com/news/uk-northern-ireland-18769781 (faighte: 15/02/2021)
  19. RTÉ News. (2020) Orange Order cancel 12th of July parades due to Covid-19. Ar fáil ag: https://www.rte.ie/news/ulster/2020/0406/1128808-coronavirus-orange-parades/ (faighte: 09/02/2021)
  20. Slugger O’Toole. (2019) The Orange Order: An Insider’s View… Ar fáil ag: https://sluggerotoole.com/2019/07/11/the-orange-order-an-insiders-view/ (faighte: 14/02/2021)
  21. Bradley, M. (2007) Attacks on Orange Halls. Ar fáil ag: https://www.theyworkforyou.com/ni/?id=2007-09-11.2.60 (faighte: 14/02/2021)
  22. Belfast Telegraph. (2007) Fresh threats to Orangmen, DPP members. Ar fáil ag: https://archive.is/20120723044603/http://www.belfasttelegraph.co.uk/news/local-national/article3169950.ece#selection-1715.0-1715.38 (faighte: 14/02/2021)
  23. BBC News. (2014) Scottish independence: Orange Lodge registers to campaign for a 'No' vote. Ar fáil ag: https://www.bbc.com/news/uk-scotland-scotland-politics-28020183 (faighte: 11/02/2021)
  24. History Ireland. (2006) The Orange Order in Africa. Ar fáil ag: https://www.historyireland.com/20th-century-contemporary-history/the-orange-order-in-africa/ (faighte: 14/02/2021)