Troideadh Cath na Bóinne sa bhliain 1690, agus tá sé ar na cathanna is mó a troideadh riamh in Éirinn.

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath na Bóinne
Cogadh an Dá Rí

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta11 Iúil 1690 agus 1 Iúil 1690 (Iúlach)
Comhordanáidí53°43′23″N 6°25′25″W / 53.7231°N 6.4236°W / 53.7231; -6.4236
ÁitDroichead Átha
TírRíoghacht Éireann
RannpháirtitheRíocht Shasana, Na Seacaibítigh, Ríocht na hAlban, an Fhrainc agus Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe

Sa bhliain 1660 tháinig Rí Séarlas II Shasana i gcoróin, tar éis ré Chromail. Bhíothas i ndiaidh an chuid is mó d'Éirinn a chur i seilbh tiarnaí talún Protastúnacha faoin am seo. Tháinig an Rí Séamus II Shasana i réimeas i 1685, rí a raibh cáil an Chaitliceachais air, ach trí bliana dár gcionn tháinig Liam Oráiste i dtír i Sasana, tar éis dó cuireadh a fháil ón bParlaimint glacadh le coróin Shasana. I 1689 tháinig an Rí Séamus go hÉirinn.

Geopholaitíocht cuir in eagar

D’fhéadfadh sé gurb é an cath seo an ceann is cáiliúla i stair na hÉireann ach ba é ba chúis leis ná dhá rud a tharla lasmuigh d’Éirinn.[1]

Sa bhliain 1669, chuir Séamas an pharlaimint agus na huaisle ina aghaidh nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach agus nuair a dhearbhaigh sé cearta iomlánacha na monarcachta.[2][3]

Sa bhliain 1672, rinne Rí Louis na Fraince ionradh ar Phalaitíneacht na Réine agus ar an Ísiltír.[4] Tháinig Liam Oráiste chun cinn mar phearsa thábhachtach sa chomhghuaillíocht leathan a tháinig chun cinn in aghaidh na Fraince mar thoradh ar an ionradh sin.

Snaidhmeadh an dá shaincheist sin le chéile mar aon ábhar amháin nuair a tháinig Liam, ar nia agus cliamhain Shéamais é, go Sasana i mí na Samhna 1688 agus 15,000 saighdiúir in éineacht leis. Corónaíodh é féin agus a bhean chéile, Máire, iníon Shéamais, mar rí agus mar bhanríon.

Tháinig a mhac céile, Liam Oráiste (nó Liam III) agus a iníon Máire i gcomharbacht air nuair a cuireadh as cumhacht é i Sasana.[1]

le Jan van Huchtenburgh, 1733 sa Rijksmuseum

Feachtas in Éirinn cuir in eagar

Tháinig Rí Séamas i dtír in Éirinn i mí an Mhárta 1689 agus 6,000 saighdiúir Francach in éineacht leis mar iarracht a choróin a fháil ar ais arís.[5]

I ndiaidh an ratha i dtosach báire i nDroim Mór, thig leis na Seacaibítigh gabháil leo ó thuaidh agus Béal Feirste a chur faoina smacht. Ba ag Caisleán na Croma an 28 Iúil 1689, i ngar d‘Inis Ceithleann, a fuarthas an tréanlámh in uachtar ar na Seacaibítigh den chéad uair.

An cath cuir in eagar

Go deimhin, ba é cath na Bóinne, a raibh 36,000 saighdiúir ar thaobh Liam agus 25,000 saighdiúir ar thaobh Shéamais páirteach ann, an cath ba mhó a troideadh riamh roimhe sin ar thalamh na hÉireann.[1]

Cath pan-Eorpach a bhí ann mar go raibh saighdiúirí as an Ísiltír, as an Danmhairg, as an nGearmáin, as an Iorua agus as an bPolainn páirteach ann, gan trácht ar na saighdiúirí as an mBreatain agus as Éirinn.

an suíomh

Bhí Francaigh ag troid ar an dá thaobh, is é sin, roinnt Protastúnach Úgónach ag troid ar son Liam agus arm 6,500 saighdiúir a chuir Louis ar fáil chun tacú le Séamas.

Ar deireadh bhuail Liam fórsaí Shéamuis ag Cath na Bóinne, a troideadh ar an 1 Iúil nó – san fhéilire nua – ar an 12 Iúil 1690.[6]

'Séamas an chaca' a tugadh ar an Rí Séamas II nuair a 'rith sé' as Cath na Bóinne.[7]

Donoreː lárionad inniu

Iarmhairtí cuir in eagar

Dá bhrí sin, ní raibh Cath na Bóinne cinntitheach: bhí Cath Eachroma, a tharla i mí Iúil 1691, i bhfad níos fuiltí agus bhí sé níos críochnaithí.[1]

Príomhalt: Cath Eachroma

Ná ní raibh i gCath na Bóinne ach bua simplí seicteach a bhfuil cáil air ó shin: ba Chaitlicigh iad rúidtrúpaí Liam, is e sin, an Garda Gorm Dúitseach, agus i measc a chuid comhghuaillithe áiríodh an Vatacáin agus Vín, inar canadh Te Deum chun bua na Bóinne a cheiliúradh. Os a choinne sin, d’fhan cuid mhór den ordlathas Protastúnach dílis do Shéamas.

Dá ainneoin sin, ós rud é go raibh an dá rí i láthair, tugadh cumhacht mhiotasach do Chath na Bóinne agus, sa deireadh, ba é sin ba chúis le toradh an chatha a thiontú ina bhua Protastúnach. Chinntigh bua na nUilliamaíteach in Éirinn go mbeadh an lámh in uachtar ag an mBreatain agus ag Protastúnaigh ar Éirinn

Oldbridge House ː lárionad inniu

Tar éis Chath na Bóinne, rinneadh plandáil in Ultaibh de thiarnaí talún agus de thionóntaí as Sasana agus as Albain.

Príomhalt: Plandáil Uladh

Léirmhíniú cuir in eagar

Ba é seo an phlandáil ba threise riamh a rinneadh in Éirinn, agus féachann a síol siúd, Aontachtaithe agus Protastúnaigh, siar ar Chath na Bóinne le lúcháir, mar gurbh é bua an Rí Liam ar an Rí Séamus a thug tús áite don Phrotastúnachas i Sasana agus in Éirinn ón lá sin i leith.

Bíonn máirseáil ar fud Chúige Uladh i mí Iúil, go háirithe ar an 12ú lá, ag an bpobal Aontachtach le comóradh a dhéanamh ar Chath na Bóinne.

Le deireanas, cheannaigh rialtas Phoblacht na hÉireann suíomh an chatha [8] chun forbairt turasóireachta stairiúla a dhéanamh air, éacht a leanann as Comhaontú Aoine an Chéasta.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 100 (2019-05-27). "Lámhainní Fada an Rí Liam" (en). 100 Objects. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  2. connie.fisher (2016-02-26). "James II (r.1685-1688)" (en). The Royal Family. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  3. 100 (2019-05-27). "Lámhainní Fada an Rí Liam" (en). 100 Objects. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  4. "Dutch War | 1672–1678 | Britannica" (en). www.britannica.com. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  5. pleanala.ie. "Cath na Bóinne". Dáta rochtana: 2022.
  6. battleoftheboyne.ie. "Battle of the Boyne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-02-21. Dáta rochtana: 2022.
  7. "Nach gránna é? Ní raibh sé míle ó chac bó ariamh…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  8. RTÉ news (1999-12-05). "Government to buy the site of the Battle of the Boyne" (as en). 

Naisc Sheachtracha cuir in eagar