Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe

Is éard a bhí i bPoblacht na Seacht nDúiche Aontaithe (Ollainnis: Republiek der Zeven Verenigde Nederlanden; Laidin: Res Publica Coniunctarum Provinciarum) , ná stát cónaidhme neamhspleách i dtuaisceart na hEorpa (1588–1795), le gnéithe de chomhghuaillíocht chosanta agus d'aontas custaim. Chlúdaigh sé críoch na hÍsiltíre mar a thugtar anois air den chuid is mó, san áit a bhfuil an Ísiltír sa lá atá inniu. Bhain sé cumhacht mhór pholaitiúil agus eacnamaíoch amach sa 17ú haois agus bhí ról ceannaireachta aige ar stáitse an domhain le tamall maith anuas. Tháinig deireadh leis an Chónaidhm le hionradh na Fraince 1792-1795, cé go raibh an meath tosaithe cheana féin.

Infotaula de geografia políticaPoblacht na Seacht nDúiche Aontaithe
Republiek der Zeven Verenigde Nederlanden (nl) Edit the value on Wikidata
States Flag (en) Coat of arms of the republic of the united Netherlands.svg
States Flag (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Aintiún Wilhelmus (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Suíomh
Republic of the Seven United Netherlands (1789).svg
 52°05′N 4°18′E / 52.08°N 4.3°E / 52.08; 4.3

Príomhchathair An Háig Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 1,880,500 (1795) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Ollainnis Edit the value on Wikidata
Reiligiún Dutch Reformed Church (en) Aistrigh agus Cailvíneachas Edit the value on Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Seventeen Provinces (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cruthú Iúil 26, 1581
Díscaoileadh Eanáir 19, 1795
Á leanúint ag Batavian Republic (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtais poblacht Edit the value on Wikidata
Comhlacht reachtach States General of the Netherlands (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadra Reichsthaler (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
1715 - 1785

StairCuir in Eagar

Ní raibh stát substainteach seasmhach ar bith ann san áit a bhfuil an Bheilg, Lucsamburg, agus an Ísiltír go dtí an 16ú haois, ach sraith de stáit bheaga, ceantair easpagóideachta, bailte neamhspleácha agus réigiúin faoi smacht tíortha móra eile, go háirithe An Spáinn.

Bunaíodh an phoblacht tar éis do sheacht gcúige Ollannacha san Ísiltír Spáinneach éirí in aghaidh smacht na Spáinne. Bhunaigh na cúigí comhghuaillíocht in aghaidh na Spáinne sa bhliain 1579 (Aontas Utrecht) agus dhearbhaigh siad a neamhspleáchas sa bhliain 1581 (Acht Shéanta). Chuimsigh sé Groningen, Frisia, Overijssel, Guelders, Utrecht, an Olainn agus Zeeland.

Cé go raibh an stát beag agus nach raibh ann ach timpeall 1.5 milliún áitritheoir, rialaigh sé líonra domhanda de thrádbhealaí farraige. Trína chuid cuideachtaí trádála, an Vereenigde Oostindische Compagnie (VOC) (Gaeilge:Comhlacht Dúitseach na hIndia Thoir ) agus an Geoctrooieerde Westindische Compagnie (GWC) (Gaeilge: Comhlacht Dúitseach na hIndia Thiar), bhunaigh sé impireacht choilíneach Ollannach (Ollainnis: Nederlandse koloniale rijk). Thug an t-ioncam ón trádáil seo deis don Phoblacht Dúitseach dul san iomaíocht go míleata i gcoinne tíortha i bhfad níos mó. Chruinnigh sé cabhlach ollmhór de 2,000 long, ar dtús níos mó ná cabhlaigh Shasana agus na Fraince le chéile. Troideadh mórchoimhlintí: Cogadh na nOcht mBliana in aghaidh na Spáinne (ó bhunú an Phoblacht Dúitseach go dtí 1648), Cogadh na hOllainne-na Phortaingéile (1602–1663), ceithre Chogadh Angla-Dhúitseach i gcoinne Ríocht Shasana (3 in aghaidh Ríocht Shasana agus an ceathrú ceann in aghaidh Ríocht na Breataine Móire: 1652–1654, 1665–1667, 1672–1674 agus 1780–1784), an Cogadh Franc-Dhúitseach (1672–1678), agus Cogadh na Naoi mBliana (1688–1697) in aghaidh Ríocht na Fraince.

Ar 30 Eanáir 1648, thángthas ar shocrú maidir le téarmaí Shíocháin Münster, trínar thug an Spáinn aitheantas foirmiúil do Phoblacht na hÍsiltíre mar stát neamhspleách. Is é seo an chéad cheann de na conarthaí a rinneadh sa bhliain 1648 ar a dtugtar Síocháin Westfalen i dteannta a chéile.

Mheastar go hiondúil gurb iad bunús na bprionsabal go bhfuil na stáit ceannasach agus nach féidir le stát amháin a ladar a chur isteach i gnóthaí baile aon tíre eile. Is orthusan atá an dlí idirnáisiúnta bunaithe go fóill.[1]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Síocháin Münster" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-30.