Osclóidh seo an príomhroghchlár
Reino de España
Ríocht na Spáinne
Bratach na Spáinne Armas na Spáinne
Bratach Armas
Mana: Plus Ultra
(Laidin: Tuilleadh Thall)
Amhrán náisiúnta: Marcha Real
Suíomh na Spáinne
Príomhchathair Maidrid
40°26′ Thuaidh 3°42′ Thiar
An chathair is mó Maidrid
Teangacha oifigiúla Spáinnis1
Rialtas Monarcacht Parlaiminte
Felipe VI
Mariano Rajoy Brey
Comhaontú
1492
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
504,782 km² (50ú)
1.04%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2001
 • Dlús
 
43,209,511 (27ú)
40,847,371
85/km² (84ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$1,026,340 milliún (14ú)
$24,803 (29ú)
Airgeadra Euro (€)2 (EUR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET3 (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .es
Glaochód +34
1 Labhraítear Gailísis, Catalóinis, agus Bascais mar dhara theanga oifigiúil sa cuig réigiún.
2 Roimh 1999: Peseta na Spáinne
3 Seachas na hOileáin Chanáracha - GMT an crios ama ansin.

Is tír í an Spáinn (Spáinnis: España), nó Ríocht na Spáinne go hoifigiúil (Spáinnis: Reino de España), atá suite in iardheisceart na hEorpa ar leithinis na hIbéire.

Is ball den Aontas Eorpach í agus is monarcacht bhunreachtúil í.

Tá tionchar ag an Spáinn ar fud an domhain: sa lá atá inniu ann, tá 500 milliún daoine ag labhairt na Spáinnise.

Clár ábhair

Tíreolaíocht Cuir in Eagar

Le 194,884 mi² (504,782 km²), is í an Spáinn an 51ú tír is mó ar domhan.

San iarthar tá teorainn aici leis an bPortaingéil, ó dheas tá Giobráltar (réigiún de chuid na Ríochta Aontaithe) agus Maracó, (de bharr na cathracha i dtuaisceart na hAfraice; Ceuta agus Melilla).

San oirthuaisceart, in aice le sliabhraon na bPiréiní, tá teorainn aici leis an bhFrainc agus Andorra.

na hOileáin Bhailéaracha sa Mheánmhuir, agus Na hOileáin Chanáracha san Aigéain Atlantach chomh maith.

Sa Chatalóin tá baile beag timpeallaithe ag an bhFrainc, Llívia.

Tá lár na Spáinne lán le sliabhraonta agus talamh ard, mar shampla Sierra Nevada. Sna hairde seo éiríonn na haibhneacha móra; an Tagus, an Ebro, an Duero, an Guadiana agus an Guadalquivir.

machairí glárach ar fud an chósta. Is í an Guadalquivir in Andalucía an ceann is mó sa tír.

RéigiúinCuir in Eagar

Tá an tír roinnte i 17 réigiúin de réir bunreacht 1978.

Is í Maidrid príomhchathair na tíre. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse.

Is í Barcelona an dara chathair is mó sa tír agus príomhchathair na Catalóine.

Is cathracha féinrialaithe iad Ceuta agus Melilla, chomh maith.

StairCuir in Eagar

EacnamaíochtCuir in Eagar

Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Spáinn. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Spáinne an 16ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) chothroime cumhachta ceannaíochta (CCC), agus an 14ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI CCC de réir chónaithigh, is an 34ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Spáinn, é ar $38,171 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Spáinn an 37ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 24ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as na 28 ballstát atá ann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Spáinn an 36ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Márta 2019, is ag 14.0% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[2]

TagairtíCuir in Eagar

  1. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.