Ionradh na Moslamach
Thosaigh Ionradh na Moslamach sa Spáinn sa bhliain 711, faoi riail chailifeacht na hUmayyadach (Al-Walid I) agus faoi cheannas Tariq ibn Ziyad. Bhí an t-arm comhdhéanta, den chuid is mó, de Bheirbeirigh, muintir iarthuaisceart na hAfraice a d'iompaigh ina Moslamaigh tamall roimhe sin. Rinne siad ionradh ar Ríocht Críostaí na Viseagotach a bhí suite ar Leithinis na hIbéire. Go luath sa bhliain 711 thrasnaigh Tariq ibn Ziyad agus a chuid fórsaí an Mhuir, b'fhéidir ag Giobráltar, agus lean siad orthu ó thuaidh, neartaigh Emir Musa ibn Nusair (ceannasaí Tariq) agus a chuid fórsaí Tariq an bhliain dár gcionn.
concas na Moslamach | |
---|---|
Cineál | ionradh, concas agus cogadh |
Dáta | 711 – 726 |
Áit | Leithinis na hIbéire agus Hispania |
Rannpháirtithe | Cailifeacht Umayyad, Ríocht Toledo agus Arm Chailifeacht Umayyad |
Cronologia | |
I rith an fheachtais 8 mbliana seo, d'fhorghabh na Moslamaigh an leithinis ar fad ach amháin ceantair san iarthuaisceart (An Ghailís agus Asturias) agus Tír na mBascach. Ghabh na Moslamaigh al-Andalus, agus bhí sé mar chuid d'Impireacht na hUmayyad.
Chuaigh siad soir ó thuaidh trasna na bPiréiní ach bhí an lámh in uachtar ag an bhFrancach Charles Martel ag cath Tours (Poitiers) sa bhliain 732.