Osclóidh seo an príomhroghchlár
An Andalúis
Andalucía
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidad Autónoma de Andalucía
Bratach na hAndalúise Armas na hAndalúise
Bratach Armas
Suíomh na hAndalúise
Tír An Spáinn
Príomhchathair Sevilla
Aonaid Riaracháin Cúigí: Almería, Cádiz, Córdoba, Granada, Huelva, Jaén, Málaga agus Sevilla
Bardais 774
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Aintiún La bandera blanca y verde
Rialtas
 • Uachtarán

José Antonio Griñán (PSOE)
Achar
 • San iomlán
 
87,268 (2ú) cm²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
8,409,738 (1ú)
96.38/cm²
17.84% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
62 (as 350)
40 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is comhphobal féinrialaitheach í an Andalúis (Spáinnis: Andalucía) atá suite i ndeisceart na Spáinne. Is í Sevilla an phríomhchathair. Is í an dara réigiún is mó sa tír agus tá an daonra is mó aici.

Tá an Andalúis timpeallaithe ag Extremadura agus Castilla-La Mancha ó thuaidh; taobh thiar de Murcia agus an Mheánmhuir (anoir aneas); taobh thoir den Phortaingéil agus an tAtlantach (aniar aneas). Tá an Afraic (Maracó) agis an Andalúis scartha óna gcéile le Caolas Ghiobráltar. Tá an teorainn idir an choilíneacht Briotanach Giobráltar agus an cúige Cádiz suite san Andalúis, trí ceathrú de mhíle ar fhad.

Tagann an ainm "Andalúis" ón focal araibis Al-Andalus (الأندلس). Tá an tainm le feiceáil ar bhonn a bhuail rialtas Muslamach na Spáinne sa bhliain 716.

Clár ábhair

StairCuir in Eagar

Bhí tionchar ar stair an réigiúin ag na Féinícigh, na Cartagaigh, na Gréigigh, na Rómhánaigh, na Vandail, na Viseagotaigh, Biosántaigh, na Giúdaigh, Romainis, na Múraigh agus na Críostaithe ó thuaisceart na Spáinne a athghabh an réigiúin i dtreo deireadh an Reconquista.


Ba shibhialtacht an-mhór agus an-chumhachtach í Tartessos sa réamhstair, suite in Andalucía. Deirtear gurb í Cadiz an chathair is sine agus í fós ina sheasamh in Iarthar na hEorpa agus is cathair an-sean í Malaga chomh maith.

Nuair a thit cathracha na Féinícigh bhí an Chartaig mar an chumacht farraige is láidir sa mheánmhuir iarthar agus pairtnéir thradála ag na cathracha Féinícigh ar chósta an Andalúis. Idir na Cogaí Púnacha sín Cartaig amach agus ghabh siad an leithnis iomláin seachas Tír na mBascach. Bhí an Andalúis mar áit tosaigh cogadh na Cartagaigh leis na Rómhánaigh faoi Ghinearál Hannibal. Bhí an lámh in uachtar sa deireadh ag na Rómhánaigh agus ghabh siad an cheantar iad féin. Ghlaoigh siad Baetica air. Is an áit seo a tháinig Impirí Trajan agus Hadrian.

 
Cailifeacht Cordoba san 10ú haois

Sa bhliain 711 ghabh na Muslamaigh ó thuaisceart Afraice faoi cheannas Ginearal Tariq ibn Ziyad. Sna 750í, thóg siad leath Ardeaglais Cordoba ar chíos le úsáid mar mhosc.

Tá sé soiléir go raibh tionchar mór ar chultúr na hAndalúise ag na Moslamach a rialaigh an áit ar feadh ocht n-aois agus a chríochnaigh sa bhliain 1492 le bua na Ríthe Caitliceacha i nGranada.

 
Ardeaglais Cordoba

Tagann an Spáinnis a labhraítear i Meiriceá Laidineach, go mór ón saghas Spáinnise a labhraítear in Andalucía toisc go raibh Sevilla ina geata don Domhan nua sa 16ú agus 17ú aois.


Tír EolasCuir in Eagar

SuíomhCuir in Eagar

Ó thaobh acahr de is é Andalúis an dara réigiúin is mó sa Spáinn. Is iad Sierra Morena agus Baetic na sliabh raonis mó. Sa tuaisceart deighleann Sierra Morena an réigiúin ó má Extremadura agus Castile–La Mancha. Ó dheas tá Andalúise Uachtarach ag suí sa chóras Baetic, agus ansin tá an Andalúis Íochtarach suite i logán Baetic an ghleanna Guadalquivir.

AeráidCuir in Eagar

Is é cúlchríoch na hAndalúise an áit is teo san Eoraip. Bíonn meán teochta 36 °C ag cathracha mar Córdoba agus Sevilla i rith an tsamhraidh. Fiú déanach sa tráthnóna fanann siad ag 35 °C go dtí meánoíche uaireanta níos mó ná 40 °C i rith an lae.

Aonaid riaracháin na hAndalúiseCuir in Eagar

Tá an Andalúis roinnte in ocht gcúigí agus bíonn an ainm céanna ag príomhchathair gach cúige:

Cúige Príomhchathair Daonra Dlús Daonra Bardais Dúiche
Almería Almeria 702,819 72.5 /km2 102 8
Cádiz Cádiz 1,243,519 158.8 /km2 44 14
Córdoba Córdoba 805,857 72.4/km² 75 12
Granada Granada 924,550 68.7/km² 168 9
Huelva Huelva 521,968 47.7 /km² 79 6
Jaén Jaén 670,600 49.1/km² 97 10
Málaga Málaga 1,625,827 204.1/km² 101 11
Sevilla Sevilla 1,928,962 129.2/km² 105 15
 
Mapa de Andalucía

Faoi bun na cúigí tá comarcas nó contaetha. Níl aon aitheantas oifigiúil acu i Reacht Féinrialú na hAndalúise ach go praicticiúil tá aitheantas neamh-oifigiúil acu mar aonán tíreolach, cultúir, staire, geographic agus riaracháin. Chomh maith leis sin tá mancomunidad, sé sin comhlathas bardais ar féidir le bardas ar a stuaim fhéin a chruthú mar uirlis forbairt geileagar agus soisialta a eagrú idir bardais.

 
Bardais na hAndalúis

Tá 774 bardais (nó municipios) san Andalúis, sé sin comhairle riaracháin na gcathrach agus na mbailte. Tá riaracháin na mbardais rialaithe ag comhairle bardais nó ayuntamiento, le cumas aige i soláthair seirbhisí comhphobail, uisce, dramhaíl, agus ar ndóigh pleanáil uirbeach agus cur chun cinn na háite i dtaobh turasóireacht, cultúr, spóirt agus rudaí eile nach iad.


DaonraCuir in Eagar

Tá an Andalúis mar an Chomhphobail Fhéinrialaithe is mó as 17 ó thaobh daonra de sa Spáinn. Sa bhliain 2018 bhí thar ar 8,409,700 daoine ina gcónaí ann, sé sin isliú 124,000 ón mbliain 2009. Tá an daonra lonnaithe don chuid is mó i bpríomhchathracha na gcúigí agus ar an gcósta, mar sin tá urbiú ard i gceist, tá leath de dhaonra an réigiúin lonnaithe sna 28 cathracha is mó le níos mó ná 50,000 daoine iontu. Tá an daonra ag aosú cé go bhfuil imirceach ag cur moill ar meath an daonra.

Sa bhliain 1950, bhí 20% de daonra na Spáinne ina gcónaí san Andalúis. Tháinig isliú beag ar sin go 17.09% de bharr eisimirce cé go raibh an ráta breith is airde sa Spáinn anseo. Ach ó shin i leith tá a mhalairt i gceist, faoi láthair tá 18% de dhaonra na Spáinne lonnaithe sa réigiúin cé go bhfuil an ráta breithe thíos agus an daonra iomláin tar eis isliú. Tá go leoir daoine ag filleadh ar an áit chomh maith le imircigh ó tíortha éagsúla (agus ag a bhfuil ráta breithe ard acu) agus go ginireálta tá rath ar leith ar daonra na háite i gcomparáid leis na comhphobail fhéinrialaithe eile sa tír agus fiú réigiúin inchomparáide san Eoraip.

Rugadh thart ar 5.35 % de dhaonra na hAndalúise thar lear. Ráta measartha íseal i gcomparáid le réigiúin eile na Spáinne (agus níos lú ná meán na tíre). Is as Maracó 17.79% de imircigh na háite agus is iad Sasnaigh 15.25% dóibh. Mar sin féin is iad lucht Meiriceá Theas an grúpa is mó imircigh san áit ag cur go mór le lucht oibre an réigiúin.

Cathracha an RéigiúinCuir in Eagar

Seo iad a leanas na cathracha is mó ó thaobh daonra de sa réigiúin.

Bardais is mó san Andalúis (2017)[1]

 
Sevilla
 
Málaga
 
Córdoba
 
Granada
 
Jerez de la Frontera

Bardas Cúige Daonra Bardas Cúige Daonra

 
Almería
 
Huelva
 
Marbella
 
Dos Hermanas
 
Algeciras

1   Sevilla   Sevilla 689,434   16   El Ejido   Almería 88,096
2   Málaga   Málaga 569,002   17   Chiclana de la Frontera   Cádiz 83,148
3   Córdoba   Córdoba 325,916   18   Vélez-Málaga   Málaga 79,878
4   Granada   Granada 232,770   19   Mijas   Málaga 77,151
5   Jerez de la Frontera   Cádiz 212,915   20   Alcalá de Guadaira   Sevilla 75,106
6   Almería   Almería 195,389   21   Fuengirola   Málaga 74,929
7   Huelva   Huelva 145,115   24   Benalmádena   Málaga 68,859
8   Marbella   Málaga 141.172   22   Torremolinos   Málaga 67.701
9   Dos Hermanas   Sevilla 132,551   23   Sanlúcar de Barrameda   Cádiz 67,640
10   Algeciras   Cádiz 121,133   25   Estepona   Málaga 66,863
11   Cádiz   Cádiz 118,048   26   La Línea de la Concepción   Cádiz 63,146
12   Jaén   Jaén 114,238   27   Motril   Granada 60,420
13   San Fernando   Cádiz 95,643   28   Linares   Jaén 58,449
14   Roquetas de Mar   Almería 93,363   29   Utrera   Sevilla 52,701
15   El Puerto de Santa María   Cádiz 88,430   30   Mairena de Aljarafe   Sevilla 45,471


GeilleagarCuir in Eagar

Bhí an Andalúis mar réigiúin talamhaíochta le fada an lá ach le forbairt an comhphobail tá fás mór tagtha i dtionscadail éagsúil agus soláthair seirbhisí sa réigiúin, comh maith le tábhacht an turasóireachta.

CultúrCuir in Eagar

Tá cultúr saibhir agus féiniúlacht láidir le fáil sa réigiúin. Tá neart rudaí a feictear orthu mar gnéithe de cultúr na Spáinne a thagann as an réigiúin seo mar shampla damhsa flamenco agus troid tairbh. Ar ndóigh Tá clú agus cáil ag Andalucía mar gheall ar a hailtireacht Mhoslamach. I measc na séadchomhartha is cáiliúla tá an Alhambra i nGranada, an Mezquita (mosc) i gCórdobha, an Torré del Oro (túr óir), na túir Girealda agus an Réales Alcázares i Sevilla, agus an Alcazaba i Málaga. Ó thaobh an seandálaíochta de tá tábhacht ag baint le Medina Azahara, in aice le Córdoba agus Itálica, in aice le Sevilla agus port Huelva.

Déantar ceiliúradh ar lá Andalusía (Día de Andalucía) ar an 28 Feabhra, ceiliúradh dáta an reifrinn áitiúla faoi fhéinriail atá ann.


SpórtCuir in Eagar

Mar aon leis an gcuid eile den tír is é sacair an spóirt is fearr. Thóg Sasnaigh a bhí ag obair mar mianadóirí Rio Tinto i gcúige Huelva, agus is léir gur éirigh go maith leo. Is é Recreativo de Huelva an club sacair is sine sa tír, bunaithe sa bhliain 1889. I rith séasúir 2018/19 bhí dhá club sacair na hAndalúise ag imirt i bpríomhsraith na Spáinne: Real Betis agus Sevilla FC. Bhuaigh Betis an sraith sa bhliain 1935 agus bhuaigh Sevilla é sa bhliain 1946. Imríonn na clubanna sacair eile; Córdoba CF ,Granada CF, UD Almería agus Málaga CF sa dara sraith faoi láthair. Tá Recreativo de Huelva, (an club is sine) agus Real Jaén ag imirt sa Segunda División B.

Le déanaí tá níos mó tóir ar cisphéil sa réigiúin. Imríonn CB Málaga, nó Unicaja Málaga go minic san Euroleague cispheile agus bhuaigh siad an Liga ACB sa bhliain 2007 agus Corn Korać sa bhliain 2001. Tá CB Sevilla agus CB Granada ag imirt i bpríomhsraith na Spáinne chomh maith.

TagairtíCuir in Eagar