An Spáinnis

teanga Rómánsach

Is í an SpáinnisCaistílis teanga náisiúnta na Spáinne, chomh maith leis an gcuid is mó de Mheiriceá Theas agus Láir. Tá tábhacht ag an teanga, freisin, sna hOileáin Fhilipíneacha, i Meicsiceo agus i gcuid mhaith de Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe de thoradh na hinimirce ó thíortha Mheiriceá Laidineach. Labhraítear Spáinnis i dtuaisceart Mharacó go fóill, sa chuid den tír a bhí ina coilíneacht ag an Spáinn. Is teanga Rómánsach í, is é sin, is teanga de bhunadh na Laidine í. Tugtar Castellano ar an gcaighdeán oifigiúil go minic, is é sin, an Chaistílis, nó teanga Chúige na Caistíle. Dealraíonn sé gur tháinig an Spáinnis, mar theanga nó mar chanúint ar leith, ar an bhfód i gCantabria i dtuaisceart na Spáinne, ach ansin, chuaigh sí in úsáid sa Chaistíl freisin. Sa bhliain 1492, foilsíodh an chéad ghramadach chaighdeánach don Spáinnis. Sa bhliain chéanna, chuaigh Críostóir Colambas, nó Cristobal Colón, mar a thugann na Spáinniseoirí air, i dtír san Oileán Úr, agus chuir sé an chéad tús leis an ngabháltas millteanach, an Conquista nó an Concas, a rinne na Spáinnigh ansin. Thug siad a dteanga leo, agus ní raibh aon mhoill ar na bundúchasaigh í a fhoghlaim. Mar sin, is í an Spáinnis an teanga Rómánsach is líonmhaire cainteoirí inniu. Creidtear go bhfuil sí ó dhúchas ag ceithre chéad is deich milliún duine, agus an uimhir sin ag dul in airde. Mar sin, tá an Spáinnis ar theangacha móra an domhain, agus is fiú í a fhoghlaim, de réir gach caighdeán.

Infotaula de llenguaAn Spáinnis
español agus castellano

Cineálteanga nádúrtha, teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais485,000,000 (2023)
Dúchasach doan Spáinn
Stáitan Spáinn, Andóra, an Airgintín, An Bheilís, an Bholaiv, an tSile, An Cholóim, Cósta Ríce, Cúba, an Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, an tSalvadóir, An Ghuine Mheánchriosach, Giobráltar, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Uragua, Veiniséala, Poblacht Dhaonlathach Arabach an Sahára, Arúba agus Na hOileáin Fhilipíneacha
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Iodál-Iartharacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
teangacha Ibéar-Rómánsacha
teangacha Iar-Ibéaracha
teangacha Caistíleacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAsociación de Academias de la Lengua Española
Staidéar agléann Easpáinneach
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Stairstair na Spáinnise
Cóid
ISO 639-1es
ISO 639-2spa
ISO 639-3spa
Glottologstan1288
Linguasphere51-AAA-b
Ethnologuespa
ASCL2303
IETFes

Ainm na teanga cuir in eagar

Is nós le muintir na Spáinne español nó Spáinnis a thabhairt ar an teanga le hí a scaradh ó theangacha náisiúnta na dtíortha eile, ach is rogha leo castellano nó Caistílis a ghlaoch uirthi le béim ar leith a chur ar an difríocht idir í agus teangacha réigiúnda na Spáinne, an Bhascais agus an Chatalóinis ach go háirithe. Dá réir sin, is é an téarma a úsáideann bunreacht na Spáinne ná castellano. Iad siúd a bhfuil teanga réigiúnda éigin á labhairt acu, is minic a bhíonn siad míshásta leis an bhfocal español, ó shamhlaíonn siad le húsáid oifigiúil na deachtóireachta faoi Francisco Franco é. Is amhlaidh nach raibh meas an mhadra ag Franco ar na teangacha mionlaigh, agus é den tuairim go gcaithfí iad a bhaint de bhéal na ndaoine agus teanga ghlórmhar na Spáinne a chur ina n-áit. Ón taobh eile de, is féidir do náisiúnaí Bascach nó Catalónach an t-ainm sin español a thabhairt ar an teanga, agus é ag iarraidh a chur in iúl nach leis an Spáinn a réigiún féin ar aon nós, agus gur teanga choimhthíoch í an Spáinnis.

Maidir leis na tíortha eile ina labhraítear an Spáinnis, ní bhíonn mórán polaitíochta ag greamú den téarma sin español, agus braitheann sé ar an nós áitiúil, cé acu focal is minicí a chloistear. Tríd is tríd, áfach, is é an t-ainm sin castellano an ceann is lú idé-eolaíochta.

Teangacha Gaolmhara cuir in eagar

Is iad na teangacha Ibéaracha Rómánsacha eile sa Leithinis Phirinéach na gaolta is dlúithe atá ag an Spáinnis, mar atá, an Phortaingéilis, an Aragóinis, an Chatalóinis, an Ghailísis, agus an Spáinnis Ghiúdach chomh maith leis na canúintí úd Asturianu, Estremeñu, Aranès, agus Llïonés. An chuid is mó de na teangacha seo, tháinig siad ar an bhfód nuair a d'fhoghlaim na ciníocha Ceilteacha in Iarthar na hEorpa leagan éigin den Laidin, agus mar sin, is féidir comhthréithe a aithint eatarthu go raidhsiúil. Tá an Iodáilis sách intuigthe ag an Spáinniseoir chomh maith, cé nach bhfuil an gaol chomh dlúth céanna. Ón taobh eile de, bíonn sé deacair ag an Spáinneach mórán adhmaid a dhéanamh de chaint an Fhrancaigh, mura bhfuil staidéar déanta aige ar an bhFraincis.

Maidir leis an Spáinnis Ghiúdach, is ionann í, go bunúsach, agus Spáinnis na Meánaoise. Cruthaíodh mar theanga ar leith í, nuair a ruaigeadh na Giúdaigh as an Spáinn sa chúigiú haois déag. Chuaigh siad ina gcónaí sna Balcáin, áit a raibh na Turcaigh i gceannas san am sin, agus lean siad ag labhairt na Spáinnise ansin. Chuir siad aibítir na hEabhraise i bhfeidhm ar an Spáinnis, agus is follasach gur imir teangacha áitiúla a dtimpeallachta, ar nós na Bulgáirise agus na Tuircise, tionchar áirithe ar an teanga. Dúirt an pianódóir Meiriceánach Murray Perahia, a bhfuil an Spáinnis Ghiúdach ó dhúchas aige, go magúil go bhfuair sé an teanga san úrscéal Don Cíochótae an-nua-aimseartha - scríobhadh an leabhar i dtús na seachtú haoise déag. Bhí an Spáinnis Ghiúdach ó dhúchas ag an scríbhneoir Elias Canetti freisin, cé gur roghnaigh sé a chuid scríbhneoireachta a dhéanamh trí mheán na Gearmáinise.

An Spáinnis agus an Phortaingéilis cuir in eagar

Tá dlúthghaol ag an Spáinnis agus ag an bPortaingéilis le chéile, ach mar sin féin, is iomaí difríocht is féidir a aithint eatarthu. Ó thaobh na foghraíochta de, is luath a thosaigh comhcheangail na gconsan ag forbairt a mbealach féin sa dá theanga.


Laidin Spáinnis Portaingéilis
octo ocho oito ocht
nocte(m) noche noite oíche
ltu(m) mucho muito a lán, cuid mhór
argilla(m) arcilla argila cré
clamāre llamar chamar glaoch (a chur ar dhuine), scairteadh
flamma(m) llama chama bladhaire, lasair
plēnu(m) lleno cheio lán
blandu(m) blando brando bog
homĭne(m) > hom'ne hombre homem fear
tremulāre > trem'lare temblar tremer crith, creathnú
sĕu(m) queso queijo cáis
au(m) ajo alho gairleog
ocŭlu(m) > oc'lu ojo olho súil, rosc

Sna háiteanna ina bhfuil an Spáinnis agus an Phortaingéilis i síor-theagmháil le chéile, bíonn siad ag imirt tionchair ar a chéile, ionas go bhforbraítear cineál béarlagair measctha. Tugtar Portuñol ("Portáinnis", as portugués, is é sin, Portaingéilis, agus español, Spáinnis) nó Fronterizo ("teanga na teorainne", "Teorainnis") ar theangacha measctha den chineál seo. Is é an leagan is aithnidiúla den Phortuñol ná an ceann a labhraítear in aice le teorainn na Brasaíle agus Uragua. Imríonn an cineál seo Portuñol, fiú, tionchar nach beag ar an Spáinnis a chloistear i lár na tíre.

Stair cuir in eagar

Teanga Rómánsach í an Spáinnis, rud a chiallaíonn gurb í an Laidin - nó an leagan labhartha den Laidin - is bunús léi. D'imir an Cheiltibéiris, an Bhascais agus an Araibis tionchar ar an Spáinnis, agus í á forbairt cois chósta thuaidh na Leathinise Ibéirí. Tréithe tipiciúla iad séimhiú na gconsan - rinneadh vida [βi:δa] de vita na Laidine - an caolú (annum -> año), agus défhoghrú na ngutaí (terra -> tierra, novus -> nuevo). De réir mar a bhí Críostaithe an Tuaiscirt ag athghabháil na Leathinise ó na Muslamaigh, leath an chanúint seo ó dheas. Sa bhliain 1492, d'fhoilsigh Elo Antonio de Nebrija an chéad ghramadach Spáinnise leis an teanga a chaighdeánú. Nuair a chuir sé an saothar seo faoi bhráid na Banríona Isibéil, d'fhiafraigh sise de: Cén úsáid a bheadh ina leithéid seo dom, agus an teanga go líofa agam cheana féin? Is é an freagra a thug Nebrija ná: A Mhórgacht, is iontach an áis an teanga chun an Impireacht a rialú.

Tháinig focail Nebrija isteach fíor, nó de réir mar a bhí an Spáinn ag gabháil coilíneachtaí nua ar fud an domhain, chuaigh an teanga i bhfairsinge.

 
An Domhan:

██ Dearg - teanga oifigiúil

██ Dubhghorm - dara teanga

Cá Labhraítear Spáinnis? cuir in eagar

Inniu, labhraítear Spáinnis ar fud Mheiriceá Theas. Is í an Bhrasaíl an t-aon tír mhór san ilchríoch sin nach bhfuil an Spáinnis mar phríomhtheanga ansin, nó is í an Phortaingéilis teanga na Brasaíle. Tá stádas oifigiúil ag an Spáinnis sa Bholaiv, i bPeiriú, san Airgintín, sa tSile, sa Cholóim, i gCósta Ríce, i gCúba, sa Phoblacht Dhoiminiceach, i Meicsiceo, sa tSalvadóir, in Eacuadór, sa Ghuine Mheánchiorclach, i nGuatamala, i Hondúras, i bPórtó Ríce, sa Spáinn, i Veiniséala, i bParagua, in Uragua, agus sa tSahára Thiar.

Níl stádas oifigiúil ag an Spáinnis sa Bheilís, ach mura bhfuil féin, tá sí á labhairt ansin go fairsing. Sna Stáit Aontaithe, tá sí ag tríocha milliún duine, ach níl stádas oifigiúil aici ach i bPortó Ríce. Is minic a shíltear go bhfuil an Spáinnis ina teanga oifigiúil i Nua-Mheicsiceo, ach le fírinne, níl teanga oifigiúil ar bith ag Nua-Mheicsiceo. Cibé faoin stádas oifigiúil, tuigeann cuid mhór de na húdaráis áitiúla sna Stáit go gcaithfidh siad freastal éigin a dhéanamh ar riachtanaisí lucht labhartha na Spáinnise, líonmhar is uile agus atá siad. Tá tábhacht na Spáinnise ag dul i méadaíocht sna Stáit, agus a lán daoine á foghlaim mar theanga iasachta.

Maidir leis na hOileáin Fhilipíneacha, bhí an Spáinnis á saothrú mar theanga choilíneach ar feadh i bhfad, ach níor éirigh leis na Spáinnigh na teangacha bundúchasacha a bhaint de bhéal na ndaoine. Cé gur imir an Spáinnis an-tionchar orthu, d'imigh sí as úsáid go géar gasta i ndiaidh an ghabháltais a rinne na Meiriceánaigh ar na hoileáin i dtús na fichiú haoise. Níl sí ina teanga oifigiúil a thuilleadh, agus níl sí ó dhúchas ag trí mhíle duine sna hoileáin. Na leaganacha fásteangaithe den Spáinnis a tháinig ar an bhfód de thoradh theagmháil na Spáinnise leis na teangacha bundúchasacha, tá siad á labhairt ag trí chéad míle duine sna hoileáin. San am céanna, tá an Tagálaigis, an ceann is tábhachtaí de na teangacha bundúchasacha, ó dhúchas ag dhá mhilliún is fiche de dhaoine, agus í foghlamthe mar fhrancbhéarla réigiúnda ag dhá nó trí oiread eile. Tríd is tríd, níl mórán tábhachta leis an Spáinnis sna hOileáin Fhilipíneacha inniu, cé go raibh na hoileáin á gcoilíniú ag na Spáinnigh go deireadh na naoú haoise déag.


Ordú de réir na hAibítre Líon na gCainteoirí Dúchais
  1. Andorra (40,000)
  2. An Airgintín (41,248,000)
  3. An Astráil (150,000)
  4. An Bheilís (130,000)
  5. An Bholaiv (7,010,000)
  6. An Bhrasaíl (19,700,000)
  7. Ceanada (272,000)
  8. An Chóiré Theas (90,000)
  9. An Cholóim (45,600,000)
  10. Cósta Ríce (4,220,000)
  11. Cúba (11,285,000)
  12. Eacuadór (10,946,000)
  13. An Fhionlainn (17,200)
  14. An Fhrainc (2,100,000)
  15. An Ghearmáin (410,000)
  16. Guatamala (8,163,000)
  17. An Ghuine Mheánchiorclach (447,000)
  18. Hondúras (7,267,000)
  19. An Iodáil (455,000)
  20. Iosrael (160,000)
  21. An Liobáin (2,300)
  22. Meicsiceo (106,255,000)
  23. Maracó (86,000)
  24. Nicearagua (5,503,000)
  25. Na hOileáin Fhilipíneacha (2,900,000)
  26. Panama (3,108,000)
  27. Paragua (4,737,000)
  28. Peiriú (26,152,265)
  29. An Phoblacht Dhoiminiceach (8,850,000)
  30. Pórtó Ríce (4,017,000)
  31. An Ríocht Aontaithe (900,000)
  32. An Rómáin (7,000)
  33. An Rúis (1,200,000)
  34. An tSalvadóir (6,859,000)
  35. An tSeapáin (500,000)
  36. An tSile (15,795,000)
  37. An tSín (250,000)
  38. An Spáinn (44,400,000)
  39. Stáit Aontaithe Mheiriceá (41,000,000)
  40. An tSualainn (39,700)
  41. An Tuirc (29,500)
  42. Uragua (3,442,000)
  43. Veiniséala (26,021,000)
  44. An Sahára Thiar (341,000)
  1. Meicsiceo (106,255,000)
  2. An Cholóim (45,600,000)
  3. An Spáinn (44,400,000)
  4. An Airgintín (41,248,000)
  5. Stáit Aontaithe Mheiriceá (41,000,000)
  6. Peiriú (26,152,265)
  7. Veiniséala (26,021,000)
  8. An Bhrasaíl (19,700,000)
  9. An tSile (15,795,000)
  10. Cúba (11,285,000)
  11. Eacuadór (10,946,000)
  12. An Phoblacht Dhoiminiceach (8,850,000)
  13. Guatamala (8,163,000)
  14. Hondúras (7,267,000)
  15. An Bholaiv (7,010,000)
  16. An tSalvadóir (6,859,000)
  17. Nicearagua (5,503,000)
  18. Paragua (4,737,000)
  19. Cósta Ríce (4,220,000)
  20. Pórtó Ríce (4,017,000)
  21. Uragua (3,442,000)
  22. Panama (3,108,000)
  23. Na hOileáin Fhilipíneacha (2,900,000)
  24. An Fhrainc (2,100,000)
  25. An Rúis (1,200,000)
  26. An Ríocht Aontaithe (900,000)
  27. An tSeapáin (500,000)
  28. An Iodáil (455,000)
  29. An Ghuine Mheánchiorclach (447,000)
  30. An Ghearmáin (410,000)
  31. An Sahára Thiar (341,000)
  32. Ceanada (272,000)
  33. An tSín (250,000)
  34. Iosrael (160,000)
  35. An Astráil (150,000)
  36. An Bheilís (130,000)
  37. An Chóiré Theas (90,000)
  38. Maracó (86,000)
  39. Andorra (40,000)
  40. An tSualainn (39,700)
  41. An Tuirc (29,500)
  42. An Fhionlainn (17,200)
  43. An Rómáin (7,000)
  44. An Liobáin (2,300)
Is deacair líon cruinn na Spáinniseoirí a shainiú, nó fiú sna tíortha ina bhfuil stádas oifigiúil aici, is iomaí duine nach bhfuil in ann í a labhairt. Ón taobh eile, an chuid is mó de na Spáinniseoirí sna Stáit Aontaithe nó i dtíortha móra Béarla eile, bíonn Béarla acu, agus cuid acu tá líofacht níos fearr acu sa Bhéarla ná sa Spáinnis féin.

Difríochtaí Réigiúnda cuir in eagar

Fuaimniú na litreach z agus c roimh e agus i cuir in eagar

Ceann de na príomhdhifríochtaí idir Spáinnis Mheiriceá Theas agus Spáinnis na Leathinise (is é sin, an cineál Spáinnis a labhraítear sa Spáinn féin) is ea fuaimniú na litreach z chomh maith le fuaimniú na litreach c nuair a thagann sé roimh ei. Sa chuid is mó den Spáinn, cleachtaítear an fuaimniú ar a dtugtar zezeo, is é sin, fuaimnítear an z agus an c mar [θ] - is é sin, th an Bhéarla san fhocal "thick". San Andalúis agus i Meiriceá Theas, áfach, is mar [s] a fhuaimnítear iad - ceceo a thugtar air seo.

Le nó lo? cuir in eagar

Cé go bhfuil an chuid is mó de dhíochlaonta na Laidine imithe as an Spáinnis, aithnítear an tuiseal cuspóireach agus an tuiseal tabharthach ó chéile i gcónaí i bhforainmneacha áirithe. De réir an chaighdeáin, deirtear lo hice "rinne mé é" (tuiseal cuspóireach), ach le hablé "labhair mé leis", nó "labhair mé ", focal ar fhocal (tuiseal tabharthach). Sna canúintí ina gcleachtaítear an loísmo, úsáidtear lo sa dá chiall: lo hice, lo hablé. Ní cuid den teanga chaighdeánach é an loísmo dar le hAcadamh Ríoga na Spáinnise, ach mar sin féin, cloistear go minic sa Spáinn féin é, go háirithe i gcanúintí Thuaisceart na Caistíle.

Voseo cuir in eagar

Le coincheap an voseo a thuiscint, ní mór dúinn súil a chaitheamh ar iarmhíreanna pearsanta na mbriathar Spáinnise mar a labhraítear sa Spáinn féin í:

yo soy = tá mé, is mé
tú eres = tá tú, is tú
él/ella es = tá sé/sí, is é/í
nosotros somos = tá muid, is sinn
vosotros sois = tá sibh, is sibh
ellos/ellas son = tá siad, is iad
Usted es = tá tú (ag labhairt go múinte le duine nach bhfuil aithne mhaith agat air)
Ustedes son = tá sibh (ag labhairt go múinte le daoine nach bhfuil aithne mhaith agat orthu)

I gcanúintí Mheiriceá Theas, tá an forainm úd vosotros dulta in éag, agus úsáidtear ustedes ina áit, fiú má táthar ag labhairt le daoine a bhfuil aithne mhaith ag an gcainteoir orthu. San am céanna, maireann an sean-fhorainm úd vos i gcónaí in áiteanna i Meiriceá Theas, agus an fhoirm den bhriathar atá ag dul leis, tá sí cosúil leis an bhfoirm atá ag dul le vosotros, ach amháin go bhfuil an t-i roimh an s fágtha ar lár: vos sos in áit tu eres, vos hablás in áit tu hablas "labhraíonn tú, tá tú ag labhairt" (cf. vosotros habláis = "labhraíonn sibh, tá sibh ag labhairt"). Tabhair faoi deara, áfach, go ndéantar -ís seachas -és den iarmhír -éis: tu comes = "itheann tú, tá tú ag ithe", vosotros coméis = "itheann sibh, tá sibh ag ithe", vos comís = "itheann tú, tá tú ag ithe" (sna canúintí leis an voseo).

Tá glacadh leis an voseo sa teanga liteartha féin i dtíortha Río de la Plata, mar atá, Uragua, An Cholóim, Paragua, agus an Airgintín, ach bíonn sé coitianta go leor sa ghnáthchaint ina lán tíortha eile, go háirithe i Lár Mheiriceá.

Gramadach cuir in eagar

Tá tuisil agus inscne neodrach na Laidine imithe as an Spáinnis go hiomlán, agus tá sé an-fhurasta uimhir iolra na n-ainmfhocal a fhoirmiú, nó níl de dhíth ach -s nó -es a chur leo: hombre - hombres, mujer - mujeres, país - países, agus araile. Scéal eile ar fad é an briathar, go háirithe úsáid an mhodha fhoshuitigh, nó is ar éigean is féidir í a fhoghlaim mar is ceart gan an teanga a chleachtadh i gcuideachta na gcainteoirí dúchais nó dianstaidéar a dhéanamh ar an litríocht Spáinnise.

Is iad na haimsirí is tábhachtaí sa Spáinnis ná an aimsir láithreach, an aimsir fháistineach, an aimsir chaite neamhfhoirfe agus an aimsir chaite fhoirfe, ach tá foirmeacha eile ann fós. Tá modh coinníollach ag na briathra freisin.

Cosúil leis an nGaeilge, baineann an Spáinnis úsáid as dhá bhriathar éagsúla le to be an Bhéarla a aistriú - ser (arb ionann, ar go leor bealaí, é agus is na Gaeilge) agus estar (agus é níos cosúla le na Gaeilge ina úsáid).

Vicipéid le fáil as An Spáinnis freisin

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar