Is poblacht sa Mheánoirthear í an Liobáin, agus í suite ar chósta thoir na Meánmhara. Tá teorainneacha na Liobáine le hIosrael sa deisceart agus leis an tSiria san oirthear agus sa tuaisceart. Is í an Araibis an teanga oifigiúil agus an teanga is mó a labhraítear. Is í Béiriút príomhchathair na tíre. Poblacht dhaonlathach atá inti ina bhfuil ról tábhachtach ag na seicteanna éagsúla lena mbaineann muintir na tíre. Cé go raibh roinnt prionsacht uathrialach i Sliabh Liobáine ó dheireadh na séú haois déag i leith, faoi réim na nOtománach, níor cruthaíodh an stát Liobánach mar atá inniu ann ach i 1920 nuair a dheighil na húdaráis Fhrancacha amach é ó na críocha Síriacha a tugadh dóibh faoi Shainordú Chonradh na Náisiún. Bhain an stát nua a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. D'fhulaing an Liobáin cogadh cathartha fada millteanach ó 1975 go 1990, agus bhí cuid de faoi fhorghabháil mhíleata Iosraelach ó 1982 go 2000.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Liobáin
الجمهورية اللبنانية (ar)
لبنان (ar)
Republic of Lebanon (en)
Lebanon (en)
Republik Lubnan (ms)
Lubnan (ms) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAmhrán náisiúnta na Liobáine Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Lebanon Passion for Living» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 33°50′00″N 35°46′00″E / 33.83333°N 35.76667°E / 33.83333; 35.76667

PríomhchathairBéiriút Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán6,100,075 (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús583.63 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Meánoirthear
Iarthar na hÁise Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla10,452 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeQurnat as Sawda' (en) Aistrigh (3,088 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Mheánmhuir (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú22 Samhain 1943
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Liobáine Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Lebanon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataNajib Mikati Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Liobáine Cuir in eagar ar WikidataHassan Diab (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil23,131,941,557 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraLebanese pound (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.lb Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+961 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála140, 175, 112 agus 160 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreLB Cuir in eagar ar Wikidata
An_Liobáin

Ionad tábhachtach don chultúr Arabach is ea an Liobáin. Roimh an Chogadh Chathartha mheall sí scríbhneoirí agus smaointeoirí ón domhan Arabach mar gheall ar an tsaoirse intleachtúil a bhí le blaiseadh inti, tráth a bhí deachtóireachtaí ag cur greim ar fhormhór na bpoblachtaí eile sa réigiún. Bhí neart comhlachtaí foilseoireachta agus preas beoga lonnaithe i mBéiriút agus bhí an chathair ina lárionad don cheol fosta. Go dtí tús an chogaidh, bhí sí ar na hionaid tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear, le tionscnamh mór baincéireachta.

An Córas Polaitiúil cuir in eagar

B'iad na Críostaithe Márúnacha an tseict ba chumhachtaí nuair a cruthaíodh an Liobáin Mhór in 1920, agus iad i bhfabhar ag na húdaráis Fhrancacha. Faoin am chéanna b'iad na Moslamaigh Shunnacha an dara dream ó thaobh cumhachta de agus bhí an tríú áit ag na Moslamaigh Shíacha. B'iad na Críostaithe Caitliceacha Gréagacha agus Ceartchreidmheacha Gréagacha agus na Moslamaigh Dhrúsacha na grúpaí eile ba mhó tábhachta. Mar gheall air sin cuireadh socrú polaitíochta, ar a dtugadh an Pact Náisiúnta, ar bun sna 1940í a gheall post Uachtarán na Poblachta do Chríostaí Marúnach, post Uachtarán Chomhairle na nAirí do Mhoslamach Sunnach, agus post Uachtarán na Parlaiminte do Mhoslamach Síach. Rinneadh socrú a scar suíocháin na Parlaiminte ar bhunús 6:5 idir na seicteanna Críostúla agus na seicteanna Moslamacha fosta. De réir a chéile tháinig nós i bhfeidhm maidir le postanna riaracháin agus postanna míleata a scaradh de réir na seicte fosta. Tháinig athrú ar na socruithe seo i ndiaidh Chogadh Sibhialta na Liobáine a mhair ó 1975 go 1990, nuair a hathscaradh suíocháin na Parlaiminte ar bhunús cothrom idir Críostaithe agus Moslamaigh agus tugadh roinnt cumhachtaí, a bhí ag Uachtarán na Poblachta roimhe sin, don rialtas. Rinneadh a leithéid mar gheall ar an bhorradh suntasach a bhí tagtha ar chion na Moslamach sa daonra, agus cion na Moslamach Síach go háirithe, ó aontaíodh an Pact Náisiúnta an chéad uair.

Na Palaistínigh sa Liobáin cuir in eagar

I dteannta an daonra Liobánaigh dhúchasaigh tá thart faoi 400,000 Palaistíneach ina gcónaí sa Liobáin, an formhór mór acu teifigh a díbríodh óna dtír dhúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948. Níl ach cearta an-teoranta acu agus ós rud é go bhfuil an formhór acu ina Moslamaigh agus iad uile, beag nó mór, i bhfabhar an náisiúnachais Araibigh, ní raibh na fórsaí polaitíochta Críostúla sásta ariamh na cearta céanna a thabhairt dóibh agus a tugadh do na teifigh Phalaistíneacha sa tSiria nó san Iordáin. Dá ainneoin sin, agus mar gheall ar laige an Stáit Liobánaigh, bhí Eagraíocht Fuascailte na Palaistíne in inmhe fórsa míleata suntasach a eagrú sa Liobáin ó dheireadh na 1960idí, rud a tháinig salach ar shocracht na tíre. D'éirigh na hairm Phalaistíneacha ina n-ábhar conspóide idir an eite chlé (Moslamach don chuid is mó agus báúil don náisiúnachas Arabach) agus an eite dheis (Márúnach don chuid is mó agus níos meaite ar fhéiniúlacht agus neamhspleáchas Liobánach), agus rinne Iosrael ruathair ar an Liobáin, cuid acu mar bhearta díoltais ar ionsaithe a rinne na Palaistínigh ar Iosrael óna mbunáiteanna sa tír. B'é ionsaí de chuid mhílíste Críostaí na bhFalangach, an 13 Aibreán 1975, ar bhus a bhí ag iompar sibhialtach Palaistíneach ó agóid an chéad bheartas de Chogadh Sibhialta na Liobáine.

Neamhspleáchas agus gaolta eachtrannacha cuir in eagar

Chruthaigh an Fhrainc an stát as an tSiria i 1920 agus bhain an Liobáin a neamhspleáchas amach sa bhliain 1943. Rinne Iosrael ionraithe i 1978 agus 1982, nuair a chuir siad léigear ar Bhéiriút agus chuir siad d'iallach ar na fórsaí armtha Palaistíneacha an chathair a fhágáil. Choinnigh Iosrael stráice de dheisceart na tíre faoi fhorghabháil mhíleata go dtí 2000 nuair a tharraing siad amach faoi bhrú ón ghluaiseacht Shíach Hizbullah. Bhí forlámhas ag an tSiria ar chuid mhór den tír ó 1976 i leith, agus ar gach chuid de nach raibh faoin fhorghabháil Iosraelach ó dheireadh an Chogaidh Shibhialta sa bhliain 1990 go dtí 2005. I 2005 dúnmharaíodh iar-Uachtarán Chomhairle na nAirí Rafiq al-Hariri le buama, tar éis dó cur i gcoinne bheartas na Siriach fadú téarma a shocrú do Uachtarán na Poblachta Emíl Lahúd. Dúirt roinnt polaiteoirí Liobánacha gurbh iad na Sírigh a mharaigh an t-iar-Uachtarán agus mar gheall ar agóidí móra i mBéiriút agus brú idirnáisiúnta, tharraing an tSiria a fórsaí armtha agus a seirbhísí slándála as an tír. Thug lucht tacaithe na n-agóidí Intifada an Neamhspleáchais orthu, agus bháistigh rialtas Mheiriceá, a thug tacaíocht dóibh, the Cedar Revolution orthu.

 
An bratach Liobánach, roimh neamhspleáchas (1920-43)

Tagairtí cuir in eagar