Conradh na Náisiún
Eagraíocht idirnáisiúnta sna 1920idí agus 1930idí a bhí i gConradh na Náisiún[1]. Bunaíodh an Conradh tar éis comhdháil síochána i Versailles, Páras sa bhliain 1919.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | LN, SDN, SdN, VB, SDN, 國聯, 国联, 國聯, Kok-liân, SDN, SDN, ΚτΕ, ОН agus SDN | ||||
Cineál | eagraíocht idir-rialtasach eagraíocht idirnáisiúnta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | idirnáisiúnachas | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla agus an Fhraincis | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1919 | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 18 Aibreán 1946 20 Aibreán 1946 | ||||
Rud nó duine a tháinig ina áit | na Náisiúin Aontaithe | ||||
Suíomh a chartlainne | |||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú (1920–1936) |
| ||||
Ceanncheathrú (1936–) | |||||
Uachtaránacht | Eric Drummond (1920–1933) Joseph Louis Anne Avenol (1933–1940) Seán Lester (1940–1946) | ||||
Ardrúnaí | Eric Drummond (–1933) Joseph Louis Anne Avenol (1933–1940) Seán Lester (1940–) | ||||
Secretary-General of the League of Nations (en) | Eric Drummond | ||||
Fochomhlacht | |||||
Codanna | |||||
Bunú
cuir in eagarCé gur chuidigh an Rúis leis na comhghuaillithe an Chéad Chogadh Domhanda a bhaint[2], níor tugadh cuireadh dá gceannairí bheith páirteach i gComhdháil Síochána Pháras a shocraigh ceisteanna na hEorpa le Conradh Versailles.
Mar sin, níor ligeadh do APSS bheith páirteach i gConradh na Náisiún (roimh 1934).
Ní raibh na Stáit Aontaithe ina bhall riamh.
Neamhéifeachtach
cuir in eagarNí raibh an Conradh éifeachtach ach ar éigean.
Bhí dí-armáil, cosc ar chogadh agus réiteach fadhbanna trí idirbheartaíocht mar aidhmeanna ag an gConradh.
Ach ní raibh airm ag an gConradh, agus bhí sé ag brath ar na cumhachtaí móra lena rúin a chur i bhfeidhm (mar shampla, smachtbhannaí eacnamaíochta). Bhí drogall ar bhaill an chonartha iad a úsáid áfach.
An faisisteachas agus cogadh
cuir in eagarTar éis ráthanna agus teipeanna sna 1920í, bhí sé soiléir nach raibh an Conradh in ann forrántacht chumhachtaí na hÁise a stopadh sna 1930í.
Nuair a bhris an An Dara Cogadh Domhanda amach sa bhliain 1939 ba léir go raibh teipthe ar phríomhaidhm an Chonartha: an cogadh a sheachaint.
Tar éis an chogaidh, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, atá fós ag déanamh oibre ar son na síochána sa lá atá inniu ann.
Éire
cuir in eagarBhí sé de chuspóir ag idirbheartaithe na hÉireann i Londain sa bhliain 1921 ballraíocht i gConradh na Náisiún a bhaint amach, ar comhchéim leis an Ríocht Aontaithe.
Ar an 10 Meán Fómhair 1923, ghlac Saorstát Éireann le ballraíocht i gConradh[3] na Náisiún (ACHT CUMANN NÁISIÚN (URRAÍOCHT), 1923).[4] Chuaigh toscaireacht Éireannach, treoraithe ag Liam T Mac Cosgair, chun Chonradh na Náisiún sa Ghinéiv don lá mór.
Dhearbhaigh sé seo aitheantas idirnáisiúnta ar stádas an tSaorstáit. I measc na ngníomhartha ní ba luaithe a rinne sé mar bhall de, chláraigh sé na hAirtiogail Chó-aontuithe do Chonnradh idir an Bhreatain Mhóir agus Éire (6 Nollaig 1921) leis an gConradh, d'ainneoin na hagóide ó rialtas na Ríochta Aontaithe.[5]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "A Translator's View of Irish Terminology le hAntain Mac Lochlainn". www.aistear.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-07. Dáta rochtana: 2020-09-10.
- ↑ An Cogadh Fuar, St Mary's, Béal Feirste
- ↑ An Conradh: téacs https://treaties.un.org/doc/Publication/UNTS/LON/Volume%2026/v26.pdf#page=9
- ↑ Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT CUMANN NÁISIÚN (URRAÍOCHT), 1923" (ga). achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-08. Dáta rochtana: 2020-09-10.
- ↑ difp.ie. "The Anglo-Irish Treaty". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-26. Dáta rochtana: 2020.