Na Náisiúin Aontaithe

eagraíocht idirnáisiúnta idirnáisiúnta agus idir-rialtasach

Bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe (nó Na Náisiúin Aontaithe de ghnáth) sa bhliain 1945. Fóram is ea na Náisiúin Aontaithe inar féidir leis na 193 ballstát ceisteanna deacra a ardú agus a phlé, fadhbanna cogaidh agus síochána ina measc.[1] Chomh maith leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothú ar domhan, cosnaíonn Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cearta an duine, tugann sí cabhair dhaonnúil, cuireann sí an fhorbairt inbhuanaithe chun cinn agus seasann sí leis an dlí idirnáisiúnta.

Bosca Sonraí EagraíochtaNa Náisiúin Aontaithe
(en) United Nations
(zh) 联合国
(es) Organización de las Naciones Unidas
(ru) Организация Объединённых Наций
(ar) منظمة الأمم المتحدة
(fr) Organisation des Nations unies Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearr🇺🇳, ONU, OSN, UN, БДО, PBB, BM, FN, YK, ONU, ÜRO, PBB, ONU, ООН, VN, ONZ, ANO, UN agus UN Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht idir-rialtasach
eagraíocht idirnáisiúnta
eagraíocht Comhghuaillithe Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaidirnáisiúnachas Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Rúisis, an Araibis, An Mhandairínis Chaighdeánach, Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis agus An tSínis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíeagraíocht idir-rialtasach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitConradh na Náisiún (1946) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1945
Bunaitheoir(í)An tAontas Sóivéadach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Poblacht na Síne (1912–1949), Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Aetóip, an India, Ceanada, An Iúgslaiv, An tSeicslóvaic, an Astráil, an Nua-Shéalainn, an Ísiltír, an Danmhairg, Lucsamburg, an Bheilg, an Pholainn, an Iorua, an Ghréig, an Araib Shádach, an Éigipt, an Iaráic, an tSiria, an Liobáin, an Tuirc, an Iaráin, an Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, an tSile, an Cholóim, Cósta Ríce, Cúba, an Phoblacht Dhoiminiceach, Eacuadór, an tSalvadóir, Guatamala, Háítí, Hondúras, an Libéir, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Paragua, Peiriú, Na hOileáin Fhilipíneacha, an Afraic Theas, Uragua agus Veiniséala Cuir in eagar ar Wikidata

Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháindomhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtAntónio Guterres Cuir in eagar ar Wikidata
ArdrúnaíAntónio Guterres (2017–luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataAntónio Guterres Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Le cuid
Cuid deCóras na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Iar-ainm
United Nations
منظمة الأمم المتحدة
Organisation des Nations unies
Vereinte Nationen
Организация Объединённых Наций
联合国
Organización de las Naciones Unidas
Organizacja Narodów Zjednoczonych Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón+1-212-963-4475 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinun.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: unitednations Twitter: UN Instagram: unitednations LinkedIn: united-nations Youtube: UC5O114-PQNYkurlTg6hekZw Pinterest: unitednations TikTok: unitednations Flickr: 35483578@N03 GitHub: UNGlobalPlatform Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Sa bhliain 1919, cuireadh Conradh na Náisiún ar bun mar thoradh ar phlean Woodrow Wilson, Uachtarán na Stát Aontaithe, tar éis an Chéad Chogadh Domhanda. Ach ar ndóigh, níor éirigh leis an eagraíocht sin cogadh domhanda eile a sheachaint.

Baineadh úsáid as an ainm ‘Na Náisiúin Aontaithe’, a chum Franklin D. Roosevelt, Uachtarán na Stát Aontaithe, den chéad uair ar an 1 Eanáir 1942, le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a gheall ionadaithe ó 26 náisiún go leanfadh a rialtais orthu ag troid le chéile i gcoinne Chumhachtaí na hAise (an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeapáin).

Bhí an saol réabtha ó bhonn tar éis scrios an Dara Chogaidh Dhomhanda. Bhí rún ag na bunaitheoirí nach ligfí dona leithéid de shlad tarlúint arís. D’aithin ceannairí domhanda go raibh gá le heagraíocht dhomhanda a chuideodh leis an tsíocháin a chothú agus lena chinntiú nach dtarlódh cogaí feasta.

Síníodh cáipéis bhunaidh na Náisiún Aontaithe, Cairt na Náisiún Aontaithe, ar an 26 Meitheamh 1945, i San Francisco. Tháinig Cairt na Náisiún Aontaithe i bhfeidhm ar an 24 Deireadh Fómhair 1945. Anois ceiliúrtar Lá na Náisiún Aontaithe ar an 24 Deireadh Fómhair gach bliain.

 
Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac

Eagraíocht cuir in eagar

 
Na 193 ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe

Tá formhór thíortha an domhain ina mbaill ar an eagraíocht.

Tá a ceanncheathrú suite i Nua-Eabhrac, agus tá 193 ballstát aige. Tá 6 teangacha oifigiúla aige: Béarla, Fraincis, Spáinnis, Araibis, Sínis agus Rúisis.

Íocann baill na Náisiún Aontaithe as gach rud a dhéanann an eagraíocht, de réir scála measúnachtaí a chomhaontaíonn gach tír. Tá an scála sin bunaithe ar chumas íoca tíre, ar a hioncam agus ar dhaonra na dtíortha éagsúla.

 
An Chomhairle Slándála le Barack Obama

Imeachtaí cuir in eagar

  • Cothaíonn na Náisiún Aontaithe an tsíocháin: tá 117,000 coimeádaí síochána aici in 15 oibríocht ar cheithre ilchríoch.
  • Baineann sí leas as an taidhleoireacht chun coinbhleachtaí a chosc: cabhraíonn sé le thart ar 67 dtír in aghaidh na bliana lena gcuid toghcháin
  • Déanann sí cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain agus trí 80 conradh/dearbhú.
  • Cabhraíonn sí le níos mó ná 65 milliún duine atá ag teitheadh ó chogadh, gorta agus géarleanúint, agus tugann sí cosaint dóibh.
  • Cuireann sí vacsaíní ar fáil do 45% de pháistí an domhain, rud a chuidíonn le trí mhilliún duine a thabhairt slán gach bliain .
  • srl.
 
Catherine Aylward sa bhliain 2015

Éire agus na Náisiúin Aontaithe cuir in eagar

Chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1955.[2]

trúpaí de chuid na hÉireann ina gcoimeádaithe síochána ar fud an domhain faoi bhratach na Náisiún Aontaithe le breis agus 50 bliain anois – ó 1958 i leith, in áiteanna deacra dúshlánacha ar nós an Mheánoirthir, an Chongó agus na hAfraice Thiar agus na hAfraice Thuaidh. Is ag Éirinn atá an teist is faide gan bhriseadh ó thaobh coimeádaithe síochána de chuid na Náisiún Aontaithe: tá breis is 70,000 turas dualgais curtha díobh ag fir agus mná de chuid Óglaigh na hÉireann.

D’fhóin Mary Robinson, iar-Uachtarán na hÉireann, mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ó 1997 go 2002.

Toghadh Éire chun fónamh ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le linn na tréimhse 2013-2015.

Sa bhliain 2020, bhí suíochán gnóthaithe ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar feadh dhá bhliain (2021-2022).[3][4]

Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe cuir in eagar

Uimhir Ainm Tír Teacht in Oifig Éirí as Oifig Nótaí
1 Trygve Lie   An Iorua 2 Feabhra 1946 10 Samhain 1952 a d'éirigh as a phost
2 Dag Hammarskjöld   An tSualainn 10 Aibreán 1953 18 Meán Fómhair 1961 a fuair bás in oifig
3 U Thant   Burma 30 Samhain 1961 31 Nollaig 1971 arbh é an chéad duine nach Eorpach é bheith in oifig
4 Kurt Waldheim   An Ostair 1 Eanáir 1972 31 Nollaig 1981
5 Javier Pérez de Cuéllar   Peiriú 1 Eanáir 1982 31 Nollaig 1991
6 Boutros Boutros Ghali   An Éigipt 1 Eanáir 1992 31 Nollaig 1996 nár chaith ach an tréimhse ba ghairide riamh in oifig
7 Kofi Annan   Gána 1 Eanáir 1997 31 Nollaig 2006
8 Ban Ki-moon   An Chóiré Theas 1 Eanáir 2007 31 Nollaig 2016
9 António Guterres   An Phortaingéil 1 Eanáir 2017 In oifig

Tagairtí cuir in eagar

  1. WorldWise Global Schools (2019). "Ag gabháil don Oideachas - Saoránachta Domhanda". Dáta rochtana: 2020.
  2. Department of Foreign Affairs. "Ireland at the UN" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-10-24.
  3. "Suíochán ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe" (as ga) (2020-06-18). 
  4. Éanna Ó Caollaí (2020). "Ról na hÉireann i gcomhthéacs idirnáisiúnta -Na Náisiún Aontaithe: Céard is fiú an bua is déanaí agus cén chumhacht a thagann leis?" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-24.