Na hOileáin Fhilipíneacha
Is tír san Áise í Poblacht na nOileán Filipíneach (Filipínis: Republika ng Pilipinas - fuaimnítear an focal ng mar nang). Is í Mainile príomhchathair na nOileán Filipíneach, ach tá 7,641[1] oileán san oileánra Filipíneach, agus tá tailte na n-oileán seo timpeall trí chéad míle ciliméadar cearnach ar achar.
Labhraíonn muintir na nOileán Filipíneach teangacha bundúchasacha a bhaineann leis an bhfine Astrainéiseach. D'fhág daoine de phór Síneach, Spáinneach, Meiriceánach agus Arabach a sliocht ar na hoileáin chomh maith.
B'é Ruy López de Villalobos a d'ainmnigh na hoileáin as an Rí Spáinneach Pilib a Dó. Chuir na Spáinnigh a gcumhacht i bhfeidhm ar na hoileáin sa bhliain 1565, agus mhair an coilíneachas Spáinneach go dtí an Réabhlóid Fhilipíneach sa bhliain 1896. Shealbhaigh na Stáit Aontaithe na hOileáin Fhilipíneacha i ndiaidh Chogadh Mheiriceá agus na Spáinne sa bhliain 1898. Fuair na hOileáin Fhilipíneacha neamhspleáchas mar Phoblacht sa bhliain 1946.
Tá cultúr na bhFilipíneach go mór faoi thionchar an Iarthair. Is é an Caitliceachas an reiligiún is tábhachtaí sna hoileáin, agus labhraítear an Béarla go forleathan. Is teanga oifigiúil é, chomh maith leis an teanga Filipínis, is é sin, an leagan caighdeánaithe den Tagálaigis. Cé go raibh na Spáinnigh i seilbh na n-oileán ar feadh na gcéadta bliain, níl stádas oifigiúil ag an Spáinnis a thuilleadh, agus níl an teanga féin ó dhúchas ach ag dornán beag de dhaoine. Tá na leaganacha criólaithe den Spáinnis, ar a dtugtar Chavacano, i bhfad níos tábhachtaí mar ghnáthurlabhraí pobail sna hOileáin Fhilipíneacha ná an Spáinnis chaighdeánaithe.
Stair
cuir in eagarBhí daoine daonna ina gcónaí i bPalawas sna hOileáin Fhilipíneacha chomh fada siar le leathchéad míle bliain ó sin, mar a deir na seandálaithe. Tháinig na hAstrainéisigh, sinsir na bhFilipíneach comhaimseartha, go dtí an t-oileánra dhá mhíle go leith de bhlianta roimh bhreith Chríost, agus b'i dtuaisceart an oileáin úd Luzon ba thúisce a chuir siad fúthu. Sular bhain na hEorpaigh amach an chearn seo den domhan, bhí na tradálaithe Moslamacha, Indiacha agus Síneacha anseo cheana, agus iad i dteagmháil le muintir na n-oileán le fada an lá.
B'é Fernão de Magalhães an chéad taiscéalaí ón Iarthar a tháinig ar cuairt ar na hoileáin, sa bhliain 1521, agus é díreach ag tabhairt an chéad turas timpeall an Domhain. Níor tháinig sé slán as, nó is amhlaidh gur chuir sé ladar i gcúrsaí polaitíochta na dtaoiseach áitiúil in oileán Cebu, agus fuair sé bás i gcath a tharraing a chuid scéimeanna anuas air. Thit sé ar chrann Juan Sebastián Elcano iarsmaí na sluaíochta a thabhairt abhaile.
Sa bhliain 1565, tháinig Miguel López de Legazpi go dtí na hoileáin. B'eisean a bhunaigh an chéad áitreabh Spáinneach ansin. I rith an chéad trí chéad bliain eile, d'iompaigh muintir na n-oileán leis an gCaitliceachas faoi thionchar na misinéirí Spáinneacha, ach san am sin, ba mhinic a d'éirigh na bundúchasaigh amach in aghaidh na Spáinne, agus thairis sin, bhí na cumhachtaí coilíneacha eile ag coinneáil saighdiúirí na Spáinne gnóthach lena gcuid iarrachtaí teacht i seilbh na n-oileán nó fód éigin a dhéanamh iontu. Thar aon rud eile, d'éirigh leis na Sasanaigh príomhchathair na n-oileán a fhorghabháil le linn Chogadh na Seacht mBlian. Bhí na hOileáin Fhilipíneacha á rialú ó Mheicsiceo, áit a raibh suíochán Leas-Rí na Spáinne Nua, go dtí an bhliain 1821, nuair a bhain Meicsiceo amach an neamhspleáchas. Ina dhiaidh sin, bhí na hoileáin á rialú go díreach ó Mhaidrid. hOsclaíodh na hOileáin don trádáil dhomhanda ar an 6ú lá de Mhí Mheán Fómhair 1834.
Nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deireanais, thosaigh gluaiseacht bholscaireachta sa Spáinn féin ag éileamh leasuithe agus feabhsuithe sna hOileáin agus ag déanamh gearáin faoin éagóir a bhí na misinéirí a imirt ar na bundúchasaigh. Ní raibh na Spáinnigh sásta a gceart a thabhairt do na Filipínigh, áfach. D'fhill José Rizal, príomhghníomhaí na gluaiseachta, go dtí na hOileáin agus rinne sé iarracht na leasuithe sóisialta a chur chun cinn go háitiúil. Bhí na húdaráis barúlach gur réabhlóidí dainséarach amach is amach a bhí ann, agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1896. Mar sin féin, bhí an réabhlóid ar cois cheana. Chuir baill an chumainn réabhlóidigh úd Katipunan rialtas dá gcuid féin ar bun sna hOileáin sa chéad bhliain tar éis bhás Rizal. B'é Emilio Aguinaldo a bhí i gceannas ar an rialtas, agus is é an meas atá ag na Filipínigh air inniu ná gurbh eisean a bhí ar an chéad Uachtarán ar an tír, cé nach bhfuair a rialtas aitheantas ó na tíortha coimhthíocha riamh.
Sa bhliain 1898, chuir na Meiriceánaigh ladar i gcúrsaí na nOileán. Roimhe sin, bhí sé éirithe ina chogadh idir na Meiriceánaigh agus na Spáinnigh faoi Chúba, agus ina dhiaidh sin, d'fhairsingigh an cogadh céanna go dtí na hOileáin. Ar dtús, chloígh cabhlach na Meiriceánach na Spáinnigh i gcath farraige i mBá Mhainile, rud a thug a dhóthain misnigh d'Aguinaldo poblacht neamhspleách a ghairm de na hOileáin Fhilipíneacha. Nuair a shínigh na Spáinnigh is na Meiriceánaigh conradh síochána, áfach, níor tugadh aitheantas don phoblacht seo ar aon nós. A mhalairt ar fad, ghéill an Spáinn na hOileáin do na Stáit Aontaithe mar choilíneacht. Chuir na Filipínigh troid ar na Meiriceánaigh ina dhiaidh sin, leis an bhfód a sheasamh ar son a saoirse, ach ní raibh gar ann. Rug na trúpaí Meiriceánacha ar Aguinaldo ar an 23 Márta 1901, ach níor tháinig deireadh leis an gcogaíocht i gceart roimh an mbliain 1913.
An Dara Cogadh Domhanda
cuir in eagarTháinig athrú stádais ar an tír sa bhliain 1935, nuair a hiompaíodh ina Comhlathas í, nó fuair na Filipínigh rialtas dúchais áirithe ansin. Bhí tuilleadh saoirse ar na bacáin, ach ansin, thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, agus d'fhorghabh na Seapánaigh na hOileáin ar fad. I ndiaidh do na Seapánaigh an cogadh a chailleadh, áfach, d'fhógair na Filipínigh poblacht neamhspleách ar an 4 Iúil 1946.
An deachtóireacht Marcos, 1965-1986
cuir in eagarNí raibh an stát nua ábalta trioblóidí polaitiúla inmheánacha a sheachaint. B'iad na seascaidí agus tús na seachtóidí an tréimhse ab fhearr ó thaobh na síochána agus na heacnamaíochta de, nuair a bhí an tUachtarán Ferdinand Marcos ag rialú na tíre go dlisteanach. Nuair a bhí sé leis an Uachtaránacht a fhágáil i ndiaidh an dara téarma a chaith sé i gceannas ar na hOileáin, áfach, chuir sé dlí cogaidh i bhfeidhm ar an tír. Ó sin i leith, chuaigh saol na nOileán Filipíneach chun donais, agus an éillitheacht is an lobhadas ag rith damhsa sna sálaí ag Marcos.
Benigno agus Ninoy Aquino
cuir in eagarAr an 21 Lúnasa 1983, feallmharaíodh ceannaire an fhreasúra, Benigno "Ninoy" Aquino ag aerfort Mhainile.[2] Bhí sé ar deoraíocht sna Stáit Aontaithe ó 1980 go dtí 1983. Ní raibh sé ach tagtha ar ais nuair a lámhachadh é ar an 21 Lúnasa 1983.
Chuir an dúnmharú fearg ar go leor daoine sna hOileáin, agus iad suite siúráilte gurbh é an tUachtarán Marcos a d'íoc pá na ndúnmharfóirí.
Chuaigh baintreach an fhir mhairbh, Corazón "Cory" Aquino, i gceannas ar an bhfreasúra. Faoi bhrú an fhreasúra, thoiligh an tUachtarán Marcos le toghcháin a eagrú sa bhliain 1986.
B'í Corazón Aquino iarrthóir an fhreasúra. Nuair a chaill sí an toghchán Uachtaránachta, bhí formhór mór na bhFilipíneach den tuairim go raibh torthaí na vótála cóirithe ag Marcos. D'éirigh cuid de na fórsaí armtha amach in aghaidh Marcos, agus fuair siad tacaíocht na sibhialtach, a chuaigh amach sna sráideanna ag agóidíocht.
Sa deireadh thiar thall, b'éigean do Marcos an tír a fhágáil, agus gaireadh Uachtarán de Corazón Aquino.
I ndiaidh na réabhlóide seo féin - Réabhlóid EDSA, mar a thugtar uirthi (is ionann EDSA agus Epifanio de los Santos Avenue, an tsráid is mó i Mainile) - níor tháinig mórán feabhais ar chúrsaí na tíre. Nuair a bhí Aquino ina hUachtarán, bhí iar-lucht leanúna Marcos ag bagairt coup d'état uirthi ó am go ham. Na treallchogaithe Cumannacha a bhí ag troid go brúidiúil faoin tuath ó laethanta Marcos anuas, níor éirigh siad as an gcath i ndiaidh Réabhlóid EDSA, agus mar aisfhreagra, tháinig gluaiseacht fhoréigneach fhrith-Chumannach, Alsa Masa[1] Curtha i gcartlann 2006-10-29 ar an Wayback Machine, ar an bhfód agus í ag ionsaí is ag marú daoine éigiontacha go minic ar an tsiocair gur "Cumannaigh" a bhí iontu. Níos déanaí, thosaigh an mionlach Moslamach féin ag dul chun cearmansaíochta ar an rialtas agus dreamanna treallchogaíochta a chur ar bun.
Fidel Ramos, 1997
cuir in eagarBhisigh cúrsaí geilleagair na tíre beagáinín i mblianta an chéad Uachtarán eile, Fidel Ramos, ach sa bhliain 1997, chuir géarchéim eacnamaíochta na hÁise Thoir an chuid ba mhó den bhiseach seo ar ceal arís. Sa bhliain 2001, chuir Dara Réabhlóid EDSA an chéad Uachtarán eile, Joseph Estrada, as cumhacht. An tUachtarán a tháinig i gcomharbas airsean, mar atá, Gloria Macapagal Arroyo, bhí an-dóchas ag na Filipínigh aisti ar dtús, ach ina dhiaidh sin, thosaigh na gnáthliomhaintí faoi bhreabaireacht agus faoi thoghcháin chóirithe.
Daonra
cuir in eagarTeangacha Astrainéiseacha is mó a labhraíonn na Filipínigh, agus is de phór Astrainéiseach iad an formhór acu. Tháinig a gcuid sinsear ón Téaváin, a raibh treibheacha Astrainéiseacha ina gcónaí inti sular chuir na Sínigh fúthu ar an oileán sin. Tá dreamanna beaga fágtha ansin ag labhairt teangacha Astrainéiseacha, agus meastar gurb iad na hAmi an dream is gaolmhaire le sinsir na bhFilipíneach. Pobal mionlaigh sa Téaváin is ea na hAmi. Tá dornán beag de Negritos nó d'Aetaigh fágtha sna hOileáin Fhilipíneacha i gcónaí, agus is iadsan na bundúchasaigh a raibh a sinsir-san ag áitreabh na n-oileán roimh theacht na nAstrainéiseach. Thairis sin, tá cuid mhaith Sínigh ag cur fúthu sa tír - 2 % den daonra ar fad - cé go gcreidtear go bhfuil sinsear Síneach amháin, ar a laghad, ag 10 % de mhuintir na nOileán. Tá pobal mór Meiriceánach sa tír chomh maith, ar saighdiúirí nó éasaoránaigh eile iad a bhformhór.
Teangacha
cuir in eagarIs iad an Tagálaigis - nó an teanga Pilipino, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil - agus an Béarla teangacha oifigiúla na nOileán. Mar sin féin, tá go leor teangacha eile á labhairt timpeall na tíre. Nuair a tugadh an Tagálaigis isteach mar theanga oifigiúil, is dócha nach raibh sí ar an teanga ba líonmhaire cainteoirí dúchais ar aon nós, nó b'í an phríomhchúis leis an stádas seo a thabhairt di ná gurbh í an teanga a bhí á labhairt i Mainile agus máguaird. Teangacha móra eile is ea an teanga Cebuano, an teanga Ilokano, an teanga Hiligaynon, an teanga Waray-Waray, an teanga Kapampangan, an teanga Bikol, an teanga Pangasinan, an teanga Kinaray-a, an teanga Maranao, an teanga Maguindanao, agus an teanga Tausug. Is iad seo na teangacha a bhfuil níos mó ná milliún cainteoirí dúchais acu, ach ar ndóigh, tá cuid mhór mionchanúintí eile ann. Is follasach nach mbíonn difríocht na canúna is na teanga soiléir i gcónaí, agus mar shampla, is minic a ghlacann na Filipínigh féin leis an teanga Cebuano, an teanga Hiligaynon agus an teanga Waray-Waray mar chanúintí aon teanga amháin, mar atá, an teanga Visayan nó Binisaya. Má dhearctar ar na canúintí Visayan mar aon teanga amháin, tá níos mó cainteoirí dúchais ag an teanga sin ná ag an Tagaláigis. Mar sin féin, is é dearcadh na dteangeolaithe ná gur níos mó ná aon teanga amháin atá i gceist, ó bhíonn na teangacha seo sách dothuigthe ag cainteoirí a chéile. Is í an teanga Cebuano an ceann is mó de na teangacha Visayan, agus í ó dhúchas ag fiche milliún duine. In oileán Cebu a labhraítear í, ar ndóigh.
Tá canúintí Sínise á labhairt sna hOileáin Fhilipíneacha freisin. Is í an chanúint is tábhachtaí ná Lan-nang, an leagan áitiúil den chanúint Min Nan. Tháinig sinsir lucht a labhartha ó chúige Fujien in oirdheisceart na Síne. Tá an Chantainis á labhairt sna hOileáin freisin.
Baineann na Moslamaigh Fhilipíneacha úsáid áirithe as an Araibis, toisc gurb í teanga an Chóráin í. Is í an teanga Tausug - ceann de na canúintí Visayan - is mó a bhíonn ó dhúchas acu, áfach.
Cé go raibh an Spáinnis ina teanga thábhachtach sna hOileáin go deireadh na naoú haoise déag, is ar éigean a labhraíonn aon duine ó dhúchas í a thuilleadh. Sa bhliain 1950, bhí sí mar theanga dhúchais ag 6 % de mhuintir na tíre, ach caithfidh sé gur seandaoine ab ea a bhformhór, nó ní raibh sí ach ag 2,500 duine sa bhliain 1990. Mar sin féin, tá tábhacht áirithe ag baint léi i gcónaí mar theanga léannta, go háirithe i measc na sagart Caitliceach agus na staraithe. Scéal eile ar fad é go bhfuil fásteangacha á labhairt anseo agus ansiúd atá bunaithe ar an Spáinnis, agus an ghramadach simplithe faoi thionchar na dteangacha áitiúla. Tugtar Chavacano ar na teangacha seo, focal a chiallaíonn "garbh" nó "barbartha" sa Spáinnis. Tháinig siad ar an bhfód beag beann ar a chéile, an chuid is mó acu. Is í an teanga Zamboangueño in Oileán Mindanao an ceann is mó de na fásteangacha seo, agus í ag 360,000 duine ó dhúchas.
Tá an Béarla á labhairt ag gach Filipíneach a bhfuil léann nó foghlaim ar bith aige - d'fhéadfá an sean-nath cainte Gaeilge "duine a bhfuil léann agus Béarla aige" a úsáid, nó sin é an dearcadh atá ag muintir na nOileán Filipíneach ar an mBéarla - agus is minic a bhaineann siad úsáid as meascán Tagálaigise agus Béarla ar a dtugtar Taglish. An cineál Béarla a chluintear sna hOileáin Fhilipíneacha, is follasach go bhfuil sé go mór mór faoi thionchar na dteangacha áitiúla, ar nós na Tagálaigise. Luíonn sé le réasún gurb ar an gcaighdeán Meiriceánach is mó a bhíonn na Filipínigh ag déanamh aithrise.
Cúpla focal as Béarla na nOileán Filipíneach:
- brownout: Sa chuid eile de dhomhan an Bhéarla, is ionann brownout agus leathdhorchú - is é sin, le linn a leithéide, téann an leictreachas i laghad, ach ní mhúchtar na soilse go hiomlán. Dá múchfaí, is é an rud a bheadh ann ná blackout nó lándorchú. Sna hOileáin Fhilipíneacha, áfach, tugtar brownout ar an lándorchú, is é sin, ar an rud ar a dtugtar blackout sna háiteanna eile.
- commuter: Sna hOileáin, ní thagraíonn an focal seo do gach comaitéir. An duine a bhíonn ag tiomáint a ghluaisteáin féin, ní commuter é, dar leis na Filipínigh: caithfidh tú dul ar an mbus nó ar an tram le go dtabharfaí commuter ort. An briathar to commute, arís, is é is ciall leis ná bus nó tram a thógáil.
- officemate - comhoibrí san oifig, nó office co-worker mar a deirtear i ngnáth-Bhéarla.
- to open/to close - is ionann to open TV sna hOileáin agus an teilifíseán a chur ag obair, agus is ionann to close TV agus an teilifíseán a chur as.
- remembrance - deismireán, cuimhneachán, seoid chuimhneacháin. Souvenir a thugtar ar a leithéid sa chuid eile de dhomhan an Bhéarla, ar ndóigh.
- rotonda - compal tráchta, timpeallán tráchta. Roundabout a deirtear in Éirinn, ar ndóigh. As an Spáinnis a tháinig an focal Filipíneach.
- thrice - ní focal liteartha é seo sna hOileáin, ach focal a chloisfeá sa ghnáthchaint - níos minicí fiú ná three times.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "More islands, more fun in PH" (20 Feabhra 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Deireadh Fómhair 2018. Dáta rochtana: 20 Meitheamh 2018.
- ↑ "Feallmharú Aquino ar Youtube" (1983). Dáta rochtana: 2020.