Pilib II na Spáinne

Rí na Spáinne , an Phortaingéil, Napoli agus an tSicilsa sa16ú haois; Consort rí Shasana

Bhí Philip II (21 Bealtaine 1527–13 Meán Fómhair 1598), ar a dtugtaí Pilib Críonna freisin (Spáinnis: Felipe el Prudente), ina Rí ar an Spáinn ó 1556, ina Rí ar an bPortaingéil ó 1580, agus ina Rí ar Napoli agus an tSicil ó 1554 go dtí a bhás i 1598. Bhí sé freisin ina Jure uxoris Rí Shasana agus na hÉireann óna phósadh leis an mBanríon Máire I i 1554 go dtí a bás i 1558. Bhí sé ina Dhiúc Milano freisin ó 1540. Ó 1555, bhí sé ina Thiarna ar Sheacht gCúigí Déag na hÍsiltíre. Nuair a bhí sé ina rí, bhí an Spáinn an lámh in uachtar ag an domhan.

Infotaula de personaPilib II na Spáinne

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) Felipe II Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Bealtaine 1527
Palacio de Pimentel Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meán Fómhair 1598
71 bliana d'aois
El Escorial Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Áit adhlacthaRoyal Crypt of the Royal Monastery of San Lorenzo de El Escorial (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc na Portaingéile Impireacht na Portaingéile
12 Meán Fómhair 1580 – 13 Meán Fómhair 1598
← António, Prior of Crato (en) AistrighPilib III na Spáinne →
Monarch of the Crown of Aragon (en) Aistrigh Coróin na hAragóine
16 Eanáir 1556 – 13 Meán Fómhair 1598
← Séarlas V, Impire Naofa RómhánachPilib III na Spáinne →
Monarc na Caistíle agus León Coróin na Caistíle
16 Eanáir 1556 – 13 Meán Fómhair 1598
← Séarlas V, Impire Naofa RómhánachPilib III na Spáinne →
Rí na Sairdíne
16 Eanáir 1556 – 13 Meán Fómhair 1598
Grand Master of the Order of the Golden Fleece (en) Aistrigh
23 Deireadh Fómhair 1555 – 13 Meán Fómhair 1598
Rí na hÉireann (Iure uxoris) Ríoghacht Éireann
25 Iúil 1554 – 17 Samhain 1558
In éineacht le: Máire I Shasana
Rí Sasana (jure uxoris) Ríocht Shasana
25 Iúil 1554 – 17 Samhain 1558
In éineacht le: Máire I Shasana
Rí Napoli Ríocht Napoli
Monarc Ríocht Navarra (1512–1841)
Monarc Aontas na hIbéire
Tiarna na hÍsiltíre Habsburg Netherlands (en) Aistrigh
Rí na Sicile Ríocht na Sicile
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmrialtóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Eile
Teideal uasalRí na Portaingéile agus the Algarves (1578–)
Rí na Caistíle (1556–)
Cunta na Burgúine (1556–)
Tiarna na Bioscáine (1556–)
An Tiarna Molina (1556–)
Rí na Sicile (1556–)
Rí na hAragóine (1556–)
Diúc Brabant (1555–1598)
Tiarna na hÍsiltíre (1555–)
Monarc na hÉireann (1554–)
Monarc Ríocht Shasana (1554–)
Rí Napoli (1554–)
Diúc Milano (1550–)
Rí na Gailíse
Rí Granada
Rí Iarúsailéim
Rí na Sairdíne
Rí León
Rey de las Españas
Cunta Barcelona
Rí Navarre
King of the East and West Indies and of the Islands and Mainland of the Ocean Sea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Habsburg (An Spáinn) agus an Spáinn Hapsburgach Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMaria Manuela, Banphrionsa na Portaingéile (1543–1545), bás a c(h)éile
Máire I Shasana (1554–1558), bás a c(h)éile
Elisabeth Valois (1560–1568), bás a c(h)éile
Anna na hOstaire, Banríon na Spáinne (1570–1580), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMargaretha Waldeck-Wildungen Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCarlos, Prionsa Asturias
 ( Maria Manuela, Banphrionsa na Portaingéile)
Infante Carlos Lorenzo na Spáinne
 ( Anna na hOstaire, Banríon na Spáinne)
Diego, Prionsa Asturias
 ( Anna na hOstaire, Banríon na Spáinne)
Pilib III na Spáinne
 ( Anna na hOstaire, Banríon na Spáinne)
Ferdinand, Prionsa Asturias
 ( Anna na hOstaire, Banríon na Spáinne)
Isabella Clara Eugenia
 ( Elisabeth Valois)
Catalina Micaela na Spáinne
 ( Elisabeth Valois)
Maria d'Asburgo
 ( Anna na hOstaire, Banríon na Spáinne) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSéarlas V, Impire Naofa Rómhánach  agus Isabella na Portaingéile
SiblínMaria na hOstaire, an Banimpire Naofa Rómhánach, Infante Fernando na hOstaire, Joanna na hOstaire, Banphrionsa na Portaingéile, Isabel na Caistíle, Margaret Parma, Tadea na hOstaire agus John na hOstaire
Duine muintearthaMaria Manuela, Banphrionsa na Portaingéile (female double cross-cousin (en) Aistrigh)
Maximilian II, Impire Naofa Rómhánach (co-father-in-law (en) Aistrigh, col ceathair fireann)
Máire I Shasana (second aunt (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
16 Aibreán 1581 (Féilire Ghréagóra)corónú (Tomar) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Find a Grave: 3962 Cuir in eagar ar Wikidata
Armas Philib II > Tá armas na Portaingéile ann chomh maith

Diúc Milano

cuir in eagar

Thosaigh réimeas Philib le hachrann faoi thiarnas Iodálach. Ar 1 Samhain 1535 cailleadh Francisco II Sforza, Diúc deireanach Milano; bhí gaol ag Ríthe na Fraince le muintir Visconti agus chuaigh François I na Fraince i ngleic le Séarlas I na Spáinne faoin scéal, cogadh a chríochnaigh le conradh sa bhliain 1538. Bhí baint fheodach ag Milano leis an Impireacht Naofa Rómhánach, agus ba é Séarlas an tImpire; bhronn sé an diúcacht go discréideach ar Philib ar 1 Deireadh Fómhair 1540. Deimhníodh seo arís go rúnda ar 5 Iúil 1546, agus sa bhliain 1550 nochtadh an scéal don domhan.

Rí Shasana

cuir in eagar
 
Pilib agus Máire I Shasana.

Sa bhliain 1553 fógraíodh cleamhnas idir Pilib agus Máire I Shasana. (Phós sé a gaol Marie Manuelle na Portaingéile cheana, sa bhliain 1543, cé gur cailleadh í go gairid tar éis bhreith a mic Don Séarlas na Spáinne (1545-1568).) Toisc nárbh fhéidir le banríon aon duine a phósadh ar d'aicme níos ísle é, bhain Séarlas coróin Napoli de féin agus thug dá mhac í. Ar 25 Iúil 1554 phós Pilib Máire I, ach bhí coinníollacha diana ann chun neamhspleáchas na Banríona a chosaint: níor fhéad Pilib dlíthe agus cearta na Sasanach a shárú, níor cheadmhach don Spáinn cabhair airgid nó míleata a iarraidh ar Shasana, agus b'éigean an tsíocháin a choinneáil leis an bhFrainc. Chloígh Pilib leis na coinníollacha seo, agus ba mhinic thar lear é cibé scéal é, go háirithe tar éis na bliana 1556, nuair a thug a athair coróin na Spáinne suas ar a shon.

Cailleadh Máire ar 17 Samhain 1558 agus gan aon chlann uirthi.

Corónacha Nua

cuir in eagar
 
Léarscáil na nÍsiltíortha c. 1593. Cornelis de Jode a rinne.

An 22 Nollaig 1555 rinne Séarlas Ardtiarna na hÍsiltíortha agus Diúc na Burgúine de Philib, agus ar 16 Eanáir 1556 rinneadh Rí na Spáinne, na Sicile agus na nIndiacha de. Ach ba léir tar éis tamaill nár mhothaigh na hÍsiltíortha go raibh dlúthnasc idir iad féin agus an Spáinn, agus ba ghearr go raibh sé ina chogadh i bhFlóndras (.i. stáit an tuaiscirt), cogadh a bhí á chothú ag an bhFrainc agus ag Sasana chun an Spáinn a lagú.

Rí na Portaingéile

cuir in eagar

Cailleadh Rí Sebastián na Portaingéile sa bhliain 1578 agus gan aon chlann air. Bhí éileamh ar an gcoróin ag Pilib trína mháthair Isibéal ó Avis. Bhí súil ag a lán daoine leis an gcoróin úd, ach bhí Pilib agus Antaine, ab Chrató, chun tosaigh; thacaigh an uaisle agus na heaspaig le Pilib agus chuaigh an choitiantacht leis an ab. Ghairm Antaine rí de féin, rud a ghríosaigh Pilib chun dul chun cogaidh. Buadh ar an ab ag Alacantará agus thug sé na hAsóir air féin, áit ar buadh arís air sa bhliain 1583.

Fógraíodh Pilib ina Rí ar an bPortaingéil ar an 12 Meán Fómhair 1580 mar Philib I.

Fadhbanna baile

cuir in eagar

I gcaitheamh a réime bhí ar an Rí déileáil lena lán fadhbanna baile: a mhac Séarlas, a rúnaí Antonio Pérez, agus an cogadh sna hAlpujarras. Chomh maith leis sin, bhí grúpaí Protastúnacha sa Spáinn, go háirithe i Valladolid agus i Sevilla.

An Prionsa Séarlas (1515-1568) agus an fhadhb ríoraíoch

cuir in eagar

Rugadh an Prionsa Séarlas do Philib agus dá chéad bhean chéile, María de Portugal. Bhí sé míshocair ina intinn agus bhí cuma mheath-thinn air. In Ollscoil Alacalá de Henares a fuair sé oideachas, agus bhí sé in achrann lena athair de bharr uisce faoi thalamh a dhéanamh agus iarraidh a thabhairt ar scian a shá sa Diúc de Alba. Gabhadh agus triaileadh é, agus coinníodh ina sheomraí é; ansin aistríodh é chun Caisleán Arévalo, áit a bhfuair sé bás le hocras (dhiúltaigh sé ithe) agus é ag rámhaillíocht. Scéal uafásach ba ea é a raibh a rian ar Philib go dtí lá a bháis.

Tar éis bhás Mháire Shasana phós Pilib Isabel de Valois, agus rug sí beirt iníon dó sular cailleadh í sa bhliain 1568. Faoin am sin bhí Pilib aon bhliain amháin is daichead agus é gan mhac. Drochbhliain amach ba ea í: éirí amach ar siúl sna hÍsiltíortha agus sna hAlpujarras, an Protastúnachas ag dul chun cinn sa Fhrainc agus i lár na hEorpa, foghail mhara an Bharbaire, an chontúirt Otamánach ag méadú.

Sa bhliain 1570 phós Pilib Anna de Austria, iníon a ghaoil Maximilian I. Rug sí beirt mhac; níor tháinig ach duine amháin acu i méid – Pilib III na Spáinne (1578-1621). Cailleadh Anna sa bhliain 1580 agus níor phós Pilib arís.

 
Cath Lepanto 1571. Duine gan ainm a rinne..

Cúrsaí geilleagair

cuir in eagar

D’fhág Séarlas V fiacha timpeall 36 milliún diúcat ag Pilib, in éineacht le heasnamh milliún diúcat. Ba iad na fiacha seo faoi deara do Philib mainneachtain a dhéanamh ar iasachtaí sna blianta 1667, 1560, 1575 agus 1595.[1] Caitheadh neart airgid ar fheachtais thar lear agus bhí costas mór ag gabháil le beartais bhaile, rud ad’fhéadfadh cuidiú le meath na Spáinne ina dhiaidh sin.[2] Bhí baint ag comhthionóil dhifriúla le rialú na tíre: Cortes Generales na Caistíle, comhthionól Navarre agus na trí chomhthionól réigiúnacha in Aragon. Chaomhnaigh siad cearta traidisiúnta agus dlíthe a bhain leis an ré a raibh na réigiúin ina ríochtaí. Thit imirt na cumhachta ar Philib mar nach raibh comhthionól náisiúnta ann, agus b’eisean an fear eadrána dá bharr. Chuir gníomhairí áitiúla agus fir ionaid údarás na Coróineach i bhfeidhm. Shil Pilib gurbh éigean dó lámh a bheith aige sa ghnó, agus eisean a bhí i gceannas ar shainchomhairlí a phléigh le cúrsaí stáit, airgeadais, agus cogaidh agus le Cúistiúnacht na Spáinne. Chuir sé grúpaí in éadan a chéile, rud ba bhun le córas neamhéifeachtach srianta agus ceartúchán. D’asitrigh sé a chúirt go dtí Maidrid, daingean Caistíleach. Nuair a theip ar a shláinte d’oibrigh sé ina sheomraí in El Escorial, pálás agus mainistir a thóg sé féin.

Beartas eachtrach

cuir in eagar

Bhí rian an Chaitliceachais agus a chuid cuspóirí ríoraíocha ar bheartais eachtracha Philib. Bhí meas aige air féin mar phríomhchosantóir na hEorpa Caitlicí ar an impireacht Otamanach agus ar an Reifirméisean Protastúnach.[3] i ndiaidh Éirí Amach na hÍsiltíre sa bhliain 1568 chuaigh Pilib i ngleic le heiriceacht agus mídhílse na nOllannach. Uaireanta tarraingíodh Sasana agus an Fhrainc isteach agus d’fhág an t-achrann a lorg ar Dhúiche na Réine. Ba mhór an bhaint a bhí ag na cogaí sin le fadhbanna airgeadais na Coróineach.

Sa bhliain 1588 bhain tubaiste d’Armáid na Spáinne, ach mhair an cogadh casta seo go ceann sé bliana déag eile agus baint aige leis an bhFrrainc, le hÉirinn agus leis an Ísiltír, agus ní chríochnódh sé go dtí go bhfuair na príomhphearsana bás. Bhuaigh Pilib ar na hOtamanaigh ag Cath Lepanto (1571) le cabhair ón gConradh Naofa, agus rinne sé deimhin de go dtiocfadh sé i gcoróin ar an bPortaingéil.

Mar thoradh ar na leasuithe a chuir na hOrdenanzas i bhfeidhm, cuireadh ceistiúcháin nó relaciones geográficas chun gach baile mór agus réigiún sa Spáinn Nua. Baineadh tairbhe as na freagraí chun na críocha sin a rialú.

  1. Gat, Azar (2006). War in Human Civilization. Oxford University Press, lch 488. ISBN 978-0-19-923663-3
  2. Elliott, J.H. (2002). Imperial Spain 1469–1716. Penguin Books, lgh 285-291. ISBN 0-14-100703-6
  3. Mhaígh sé nárbh áil leis eiricigh a rialú. Féach Pettegree, lch 214.