Is í Maidrid (Spáinnis: Madrid [maˈðɾið]) príomhchathair na Spáinne. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse Ibéaraigh. Tá sí suite i gComhphobal Mhaidrid.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilMaidrid
Madrid (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°25′01″N 3°42′12″W / 40.4169°N 3.7033°W / 40.4169; -3.7033
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneComhphobal Mhaidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairMaidrid Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,332,035 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús5,512.46 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deVilla y corte (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla604.4551 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceManzanares agus Arroyo Meaques (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde667 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síChamartín de la Rosa, Canillas (en) Aistrigh, Canillejas agus Carabanchel Alto Cuir in eagar ar Wikidata
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhIsidore the Laborer (en) Aistrigh, Virgin of Almudena (en) Aistrigh agus Mariana de Jesús Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinGovernment Board of the City of Madrid (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Méara Mhaidrid Cuir in eagar ar WikidataJosé Luis Martínez-Almeida (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Buiséad4,702,875,724 € (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist28001–28081 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód91 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh28079 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinmadrid.es Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: ayuntamientodemadrid Twitter: madrid Instagram: madrid Youtube: UCYY0va5t-KZncOOctoGva7A Cuir in eagar ar Wikidata

Ghlac Alfonso VI Chaistíle seilbh ar lonnaíocht Arabach, al-Maĝrīt, a bhí ann cheana i 1083. Roghnaigh Pilib II an baile mar phríomhchathair na Spáinne, in ionad ValladolidToledo, sa dara leath den 16ú haois. Lean an chathair ar aghaidh sa ról sin go dtí an lá atá inniu ann, seachas le linn tréimhse ó 1601 go 1606 nuair a bhog Pilib III a chúirt ríoga go Valladolid.

Príomháiteanna suimiúla

cuir in eagar

Is é an Pálás Ríoga Maidrid áras oifigiúil do mhonarc na Spáinne. Is ceann de na páláis is mó in iarthar na hEorpa é. Tá sé suite in aice La Plaza de Oriente agus an Amharclann Ríoga.

Tá an Puerta del Sol suite i lár na cathrach. Is plás é, áit a bhailíonn daoine le chéile agus a thagann turasóirí. Tá dealbh sa lár don rí Séarlas III. Tá comhartha soilsithe Tío Pepe suite ar cheann de na foirgnimh sa phlás. Tá plaic "an ciliméadar náid" suite ar an talamh ag marcáil an áit a thosaíonn gach bóthar sa Spáinn. Bailaíonn daoine sa phlás seo ar an 31ú Nollaig. Craoltar ar an teilifís é.

Cúpla chiliméadar san oithear, tá an Paseo del Prado. Ag barr na sráide seo, tá an Pálás Cibeles agus Banc na Spáinne. Tá dhá scairdeán suite ar an tsráid seo: an Fuente de Cibeles agus an Fuente de Neptuno. Tá musaem an Prado lonnaithe ar an tsráid seo freisin, áit a bhfuil ealaín Velazquéz agus Goya le feiceáil. Ag deireadh na sráide sin, tá stáisiún Atocha agus an musaem Reina Sofía.

Áiteanna eile atá simiúil agus cáiliúil sa cathrach:

  • Teampall Debod, teampall a thugadh ón Éigipt go dtí Maidrid.
  • Parc an Buen Retiro, páirc mór álainn i lár na cathrach.
  • Staid Santiago Bernabéu, staid ina imríonn foireann Real Madrid.
  • Plaza de Toros de las Ventas, réileán tarbh ina dhéantar tarbhchomhrac.
 
An Pálás Ríoga

Tá aeráid teo na Meánmhara ag Maidrid. Titeann an chuid is mó den báisteach san earrach nó san fhómhar.

Bíonn an gheimhreadh fionnuar agus ó am go ham titeann sneachta.

Bíonn an samhradh teo agus tirim. Bíonn an teocht níos airde 30 °C i mí Iúil agus i mí Lúnasa agus go minic sroicheann sé 40 °C.

Is í Maidrid an chathair is tirime san Eoraip.

Ollscoileanna

cuir in eagar

Tá roinnt ollscoileanna phoiblí agus phríobháideacha ar fáil i Maidrid.

Is ollscoil phoiblí í an Ollscoil Náisiúnta Cianoideachais (Universidad Nacional de Educación a Distancía; UNED). Is í an ollscoil is mó í sa tír le níos mó ná 200,000 mac léinn ag déanamh staidéir ann.

Is í Ollscoil Complutense Maidrid (Universidad Complutense de Madrid; UCM) an dara ollscoil is mó sa chathair agus is í ceann de na hollscoileanna is sine ar domhain, agus thart ar 70,000 mac léinn ann. Cruthaíodh an ollscoil in Alcalá de Henares sa bhliain 1499. Inniu tá an chuid is mó suite ar champas Ciudad Universitaria agus an chuid eile ar champas Somasaguas i bPozuelo de Alarcón.

Tá Ollscoil Pholaiteicneice Maidrid (Universidad Politécnica de Madrid; UPM) mar an ollscoil theicneolaíochta is mó sa tír. Tá sí suite ar champas Ciudad Universitaria agus cruthaíodh í nuair a cuireadh cúpla ollscoileanna theicneolaíochta le chéile.

Tá cáil ar dhá fhoireann peile sa chathair.

Imríonn Real Madrid sa tsraith La Liga. Tá sé lonnaithe sa Staid Santiago Bernabéu. Glaotar madrilistasmerengues ar na leantóirí.

Is é Atlético de Madrid an club eile a imríonn sa chathair. Imríonn sé sa Staid Wanda Metropolitano. Imríonn sé sa tsraith La Liga chomh maith agus tá an-tacaíocht don fhoireann sa chathair. Glaotar atléticoscolchoneros ar na leantóirí.

Tá club Real Madrid Baloncesto suite sa chathair. Imríonn siad a gcluichí sa Palacio de Deportes (WiZink Center) agus imríonn siad sa tsraith Liga ACB.

Tá aerfort Adolfo Suárez Madrid-Barajas suite in oirthuaisceart na cathrach, 13km ón lár. Thaistil 68 milliún paisinéir tríd an aerfort sa bhliain 2019. Is é an t-aerfort is gnóthaí sa tír agus an séú is gnóthaí san Eoraip. D'oscail sé sa bhliain 1931 agus tá cúig chríochfort aige: T1, T2, T3, T4 agus T4S. Is é Iberia an príomhaerlíne san aerfort.

Tá níos mó ná céad líne bhus a thrasnaíonn an chathair i rith an lae. Cosnaíonn ticéad don bhus €1.50 sa bhliain 2022. I rith na hoíche, tá línte bus a théann amach ó Cibeles i lár na cathrach go gach ceantar.

D'oscail meitreo Mhaidrid sa bhliain 1919. Tá 302 stáisiún ann. Tá dhá líne déag ann agus líne bhrainse. Oibríonn sé óna sé a chlog ar maidin go dtí a dó a chlog san oíche.

Tá dhá stáisiún traenach sa chathair. Is í Stáisiún Atocha an phríomhstáisiún. Ón stáisiún seo, is féidir traenacha ardluais a fháil go dtí an oirthear agus an deisceart, cathracha mar Barcelona, Sevilla, Valencia agus Málaga. Ón stáisiún Chamartín, tá traenacha go dtí an tuaisceart, go dtí A Coruña, Santander, Oviedo agus Bilbao.

Tá córas traein coimitéaracha sa chathair darbh ainm "Cercanías". Tá naoi líne ann a théann go cathracha ar imeall an Chomhphobail. Ritheann na traenacha ó mhaidin go dtí meán oíche. Tá ceangail ar fáil leis an meitreo agus is féidir athrú idir gach líne sa stáisiún Atocha. Tá aithne ar an córas seo, mar tharla buamáil ar ceithre thraein gar d'Atocha sa bhliain 2004.