Is comhphobal féinrialaitheach é Comhphobal Mhaidrid (Spáinnis: Comunidad de Madrid) atá suite i lár na Spáinne. Tá cathair Mhaidrid suite ann, agus is í príomhchathair an chomhphobail agus na tíre go léir í.

Infotaula de geografia políticaComhphobal Mhaidrid
Comunidad de Madrid (es) Edit the value on Wikidata
Flag of the Community of Madrid (en) Coat of arms of the Community of Madrid (en)
Flag of the Community of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Coat of arms of the Community of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Comunidad de Madrid NASA (cropped).jpg
Edit the value on Wikidata

Aintiún Hymn of the Community of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Suíomh
Madrid in Spain.svg Edit the value on Wikidata
 40°25′31″N 3°41′26″W / 40.42526°N 3.69063°W / 40.42526; -3.69063
Stát ceannasachAn Spáinn Edit the value on Wikidata

Príomhchathair Maidrid Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 6,779,888 (2020) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 8,028 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Abhainn Tagus, Jarama, Abhainn Guadarrama, Manzanares, Lozoya, Abhainn Henares agus Tajuña Edit the value on Wikidata
Airde 678 m Edit the value on Wikidata
Pointe is airde Peñalara (en) Aistrigh (2,430 m) Edit the value on Wikidata
Pointe is ísle Abhainn Tagus (470 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú 1983
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháin Government of the Community of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Comhlacht reachtach Assembly of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• President of the Community of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Isabel Díaz Ayuso (Lúnasa 15, 2019) Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Láithreán gréasáin madrid.org Edit the value on Wikidata

Tá teorainn aici leis na comhphobail Castilla y León (na cúigí Ávila agus Segovia) agus Castilla-La Mancha (na cúigí Guadalajara, Cuenca, agus Toledo).

Tá cónaí ar dhuine as gach beirt de mhuintir an chomhphobail i Maidrid, ach thairis sin, tá bailte tábhachtacha eile ansin, ar nós Alcalá de Henares, Torrejón de Ardoz, Coslada, Getafe, Móstoles, San Lorenzo de El Escorial, Navalcarnero agus Aranjuez. Tá 179 bardais sa chomhphobal.

Nuair a bhí Francisco Franco i gceannas ar an Spáinn, glacadh leis gur cuid den Chaistíl a bhí i Maidrid, ach nuair a tháinig córas nua na gcomhphobal féinrialaitheach i bhfeidhm, rinneadh comhphobal ann féin de Mhaidrid, ós rud é go raibh Maidrid agus an chuid eile den Chaistíl-La Mancha an-difriúil le chéile ó thaobh na heacnamaíochta de.


Tír EolasCuir in Eagar

In aineoin daonra ard an chomhphobail, tá go leoir den réigiúin fós gan mhilleadh le raon mór tír dhreach agus gnáthóga. Tá sleibhte sa chomhphobal chomh aird le 2,000 m chomh maith lé mánanna íseal. Is é an Sliabhroan de Guadarrama sliabhraon tábhachtach in iarthuaisceart an réigiúin agus é mar chuid den Sistema Central, na sliabhraon a thagann le chéile thart ar lár leithnise na hIbéire. Tagann an sliabhraon ó chúige Ávila san iardheisceart tríd an gcomhphobal agus ar aghaidh go cúige Segovia san oirthuaisceart. Tá sé thart ar 80 cileaméadar ar fad. Is í Peñalara an sliabh is airde ag 2,428 méadar ar airde. Tá cathair mhaidrid é féin sách ard mar phríomhchathair chomh maith. Tá an sliabhraon an-gharr do Mhaidrid agus mar sin bíonn neart turasóirí agus cuairteoirí ag teacht ann le haghaidh spóirt gheimhridh éagsúla, mar shampla skíáil. Bíonn tionnchar ag na heachtraí seo ar timpeallacht agus gnáthóige na sleibhte. Tá El Escorial suite sa sliabhraon seo.

AeráidCuir in Eagar

Tá aeráid te-samhraidh na meánmhura le fáil i Maidrid le geimhridh fuaire. Bíonn samhraidh an-te ann le teocht chomh hard le 30°C i mí Iúil agus fiú 40 °C uaireannta, i rith an gheimhridh bíonn teochtanna thart ar 0°C nó faoin reophointe. De bhárr airde Mhaidrid agus an aeráid tirim bíonn na hoíchí ar an meán fuair go leoir.

StairCuir in Eagar

Réamhstair agus Ríocht ViseagotaighCuir in Eagar

Féach Na Viseagotaigh

Al-AndalusCuir in Eagar

Féach Al Andalus

Filleadh na gCríostaitheCuir in Eagar

Maidrid mar PhríomhchathairCuir in Eagar

Stádas mar Chúige agus Chomhphobal FéinrialaitheCuir in Eagar

An lá atá inniúCuir in Eagar

DaonraCuir in Eagar

Bardais is mó
 
Madrid
 
Móstoles
# Bardas Daonra # Bardas Daonra
 
Fuenlabrada
 
Alcalá de Henares
1 Madrid 3,182,981 11 Las Rozas 95,071
2 Móstoles 206,589 12 San Sebastián de los Reyes 86,707
3 Fuenlabrada 194,669 13 Pozuelo de Alarcón 85,605
4 Alcalá de Henares 194,310 14 Rivas-Vaciamadrid 83,767
5 Leganés 187,720 15 Coslada 83,011
6 Getafe 178,288 16 Valdemoro 73,976
7 Alcorcón 168,141 17 Majadahonda 71,299
8 Torrejón de Ardoz 128,013 18 Collado Villalba 62,152
9 Parla 125,898 19 Aranjuez 58,213
10 Alcobendas 114,864 20 Arganda del Rey 53,821
Foinse: Instituto Nacional de Estadística (2017)

Is é Comhphobal Mhaidrid an tríú comhphobal is mó sa Spáinn de réir daonra agus an cúige is mó ar ndóigh. Tá 6,587,711 ina gcónaí ann ón mbliain 2018 agus is cosúil go bhfuil daonra na cathrach ag dul i méid. Tá dlús daonra 820.59 aige i bhfad níos airde na meán na tíre. Ar ndóigh tá formhór muintir an chomhphobail ina gcónaí sa phríomhchathair agus san mórcheantar uirbeach agus é ar an mórcheantar is mó sa tí. Ar ndóigh tá réimse mór i dtaobh cúlra muintir na cathrach le 13.32% daoine ag teacht ó thar lear (an céadatán is mó sa tír) agus tá go leoir imirce ann ar chúiseanna fostaíocht.

Don chuid is mó ba Caitlicigh iad muintir an réigiúin le mionlach Iúdach agus Muslamach.

Is é Comhphobal Mhaidrid an réigiúin leis an meán is airde san Aontas Eorpach ó thaobh ionchas saoil de. Is 82.2 saolré na bhfear agus 87.8 saolré na mban (2016).


CultúrCuir in Eagar

SpórtCuir in Eagar

Ar ndóigh is é sacair an spórt is mó tóir air sa réigiúin le clú agus cáil ar na clubanna sacair ón réigiúin. Is é Real Madrid an club sacair is cáiliúla sa tír chomh maith le Barcelona. Ach tá clú agus cáil bainte amach ag Atlético de Madrid le blianta anuas agus iad mar churaidh san Europa League agus iad ag imirt gcluiche cheannais Sraith na Seaimpíní. Chomh maith leo siúd tá Getafe, Rayo Vallecano, agus Leganés ag imirt faoi láthair sa Sraith La Liga ag imirt san dara sraith.

Mar aon le neart príomhchathracha eile san Eoraip tá Cumann Luthchleas Ghaeil ann chomh maith; Madrid Harps.[1] Is iad cispheil agus liathróid láimhe na spóirt eile le tóir orthu sa réigiún.

TagairtíCuir in Eagar



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
 

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla