Is Comhphobal féinrialaitheach í Comhphobal ValenciaComhphobal Vaileinseach (Vaileinsis: Comunitat Valenciana, Spáinnis: Comunidad Valenciana) in oirthear na Spáinne. Tá sé suite idir dhá abhainn; an Sénia agus Segura, tá cósta 518 cileméadar aici ar an Méanmhuir, le achar 23,255 cm² agus 4.5 milliúin daoine ina gcónaí ann (ca. 2004). Déanann Valencia riaracháin ar na hoileáin Columbretes agus Nova Tabarca freisin. Tá na teorainn seo beagnach mar an gcéanna le teorainneacha Ríocht Stáiriúil Valencia.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilComhphobal Valencia
Comunitat Valenciana (ca)
Comunidad Valenciana (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimne de l'Exposició Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 39°30′N 0°45′W / 39.5°N 0.75°W / 39.5; -0.75
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairValència Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,097,967 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús219.22 hab./km²
Teanga oifigiúilValencian (en) Aistrigh
an Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla23,255 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde363 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCerro Calderón (en) Aistrigh (1,837 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKingdom of Valencia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1883
ÉarlamhVicent Ferrer Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinComhairle Rialtas València Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachCortes València Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Generalitat Valenciana (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataCarlos Mazón Guixot (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-VC Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES52 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingva.es Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: generalitatvalenciana Twitter: generalitat Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Tháinig Ríocht Valencia i bhfeidhm sa 13ú aois. Bhí Séamas "Concar" I i gceannas ar airm Catalónach agus Aragóineach, le cóilíniú a dhéanamh ar na taifa muslamach, Valevia agus Dénia. Ó shin ar aghaidh bhí Ríocht Valencia mar tír neamhsplachas i Cónaidhm coróin na hAragóine, go dtí 1707, nuair a tháinig an céad Rí Bourbónach na Caistíle agus na hAragóine. Fuair sé réidh leis an mbunracht agus le hinstitiúidí na ríochtanna beaga, a chuid dlíthe agus teangacha. Chuir sé gach rud faoi chois an Stáit lárnach Ríocht na Spáinne. Rinneadh iarracht le neamhspleáchas a baint amach don tír, i rith Dara Poblacht na Spáinne sa bhliain 1936 ach bhris an Chogadh Cathrach amach. Le déanaí tá aitheantas oifigiúil aici mar náisiún, i ndiaidh leasaithe ar Reacht Féinriailiú Valencia.

Forograíonn Reacht Féinriailiú Valencia gur Spáinnis agus Vaileinsis na teangacha oifigiúil. Cé go ndeireann Bunracht na Spáinne go bhfuil labhairt an Spáinnis riachtanach ar fud na Spáinne tugann an reacht stádas cosaint speisialta don Vaileinsis toisc go mbaineann an teanga le Talún na Valencia (llengua pròpia).

Is mar an gcéanna iad Bratach Comhphobal Valencia agus an Chathair Valencia. Tagann sé ón senyera, comhartha do Rí na hAragóine, i láthair i mbratach chríocha eile Corón na hAragóine mar Comhphobal na hAragóine, an Chatalóin agus na hOileáin Bhailéaracha.

 
Pálás de Generalitat Valenciana sa Vaileinse (rialtas réigiúnach)

Cúigí agus Cathair tábhachtach cuir in eagar

 
Bárr Túr Serran, le Bratach Valencia ag séideadh sa ghaoth.

Tá trí chúigí: Alacant, Castelló, València ann ach tá na bailte is mó súite ar an gcósta i gCúigí Alacant agus Valencia.

Bardais de réir Daonra

 
Valencia
 
Alacant
 
Elche

Uimhir Bardas Cúige Daonra

 
Castellón de la Plana
 
Torrevieja
 
Orihuela

1 Valencia Valencia 786,424
2 Alacant Alacant 332,067
3 Elche Alacant 228,647
4 Castellón de la Plana Castellón 173,841
5 Torrevieja Alacant 91,415
6 Orihuela Alacant 83,417
7 Torrent Valencia 80,551
8 Gandia Valencia 76,497
9 Benidom Alacant 69,010
10 Paterna Valencia 67,156


Go traidisiúnta roinneadh an talamh ina "comarques", agus sa bhliain 1883, cosúil leis an tír ar fad, roinneadh é ina cúigí. Tá 32 comarques, agus 3 chúige: Castelló, València, agus Alacant.

  • València (Spáinnis: Valencia), daonra 796,549, príomhchathair an chúige leis an ainm céanna suite ar an abhainn Turia. Tá féile cháiliúil an Fallas ar Martá 19.
  • Alacant (Spáinnis Alicante), daonra 319,380, príomhchathair an chúige leis an ainm céanna, suite ar chósta na Meánmhara. Tá sé cáiliúil toisc na chnónna crua nó turrón duro (Vaileinsis: torró dur) agus Postiguet, Albufereta agus tráthanna San Joan. Tá an féilre cáiliúil leis na tinte chnámh de San Joan i mí Meitheamh. Tá a halla cathrach agus caisléain Santa Barbara mar shéadchomharthaí stairiúla.
  • Tá Elx (Spáinnis Elche), daonra 215,137, cáiliúil don adhmaid óna crainn pailme (darbh ainm Palmeral), agus don Misteri d'Elx, féile thar dhá lá le canadh agus dramaíocht mar shampla, drámaí mar gheall ar Deastógáil na Maighdine Muire.
  • Castelló de la Plana (Spáinnis Castellón de la Plana), daonra 167,455, príomhchathair an chúige Castelló.
  • Torrevella (Spáinnis Torrevieja), daonra 84,348, sa deisceart, áit thábhachtach ó thaobh na tuarasóireachta lena lán óstán agus árasán, tá trá La Mata Beach ann freisin.
  • Gandia, daonra 77,943, áit eile thábhachtach ó thaobh na tuarasóireachta suite ar Costa del Azahar.
  • Oriola (Spáinnis Orihuela), daonra 75,009, ar abhainn an Segura, cathair stairiúil le pálás, eaglais agus ardeaglais ar an Baix Segura (Spáinnis Vega Baja), áit a soláthraíonn a lán torthaí feirme mar shampla oráistí, líomóidí agus a thuille.
  • Benidorm, daonra 67,492, ionad saoire, ainmnithe Beniyork toisc an méid tithe spéire, ina measc an cheann is airde sa Spáinn, Gran Hotel Bali (52 urlair ar airde)
  • Elda, daonra 55,571, tábhachtach toisc go soláthraíonn sé brógaí agus fíona cheantar Vinalopo.
  • Vila-real (Spáinnis Villarreal), daonra 46,696, tábhachtach ó thaobh solathair ceirmeacht agus brící.
  • Villena, daonra 34.000, áit a soláthraíonn brógaí agus fíon; a lán séadcohmharthaí stairiúla le feiceáil; féilirí de "Moros y Cristianos", an-tábhachtach do phobal Valencia.
  • Ibi, daonra 23,059, soláthraíonn sé bréagann.
  • Bunyol (Spáinnis Buñol), cáiliúil don tomatina, troid illbailteach le trátaí ar chéadaoin dheireanach Lúnasa. Xixona (Spáinnis Jijona), in aice Alicante, cáiliúil do na chnónna bog nó torró de Xixona (Spáinnis turrón de Jijona).

Aibhneacha tábhachtacha cuir in eagar

  • Túria (Spáinnis Turia)
  • Xúquer (Spáínnis Júcar)
  • Abhainn Segura

Tagairtí cuir in eagar



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
 

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla