Osclóidh seo an príomhroghchlár
Illes Balears
Na hOileáin Bhailéaracha
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Islas Baleares
Bratach na nOileáin Bailéarach Armas na nOileáin Bailéarach
Bratach Armas
Suíomh na nOileáin Bailéarach
Tír An Spáinn
Príomhchathair Palma de Mallorca
Aonaid Riaracháin 4 Chomhairlí Oileáin
Bardais {{{bardais}}}
Teangacha oifigiúla Spáinnis, Catalóinis
Aintiún
Rialtas
 • Uachtarán

Francina Armengol (PSOE)
Achar
 • San iomlán
 
4,992 cm²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
1,106,049 (14ú)
220/km2/cm²
1%
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
8 (as 350)
6 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin


Is oileánrach iad na hOileáin Bailéaracha (Catalóinis: Illes Balears, Spáinnis: Islas Baleares, Gréigis: Gymnesiae, Laidin: Baleares) a dhéanann suas comhphobal féinrialathach in iarthar na Meánmhara, in aice cósta thoir na Spáinne. Is í Palma de Mallorca an phríomhchathair. Níl ach cúige amháin freisin ainmnithe Illes Balears. Is í an t-ainm i gCatalóinis an t-ainm oifigiúil cé go bhfuil Spáinnis agus Catalóinis mar theangacha oifigiúla sa chúige.


Ainm na nOileáinCuir in Eagar

Tá a lán finnscéalta ann faoin áit, ach níltear cinnte, fiú, cárb as ainm na n-oileán. Is é Illes Balears ainm oifigiúil na nOileán nó Islas Baleares sa Spáinnis. Tagann an focal Balearic ón nGréigis (Γυμνησίαι/Gymnesiae agus Βαλλιαρεῖς/Balliareis) agus Baleares sa Laidin. Is cosúil go bhfuil dhá míniú éagsúil ar stair an ainm. De réir vearsaí Alexandra ó Lycophron glaodh Γυμνησίαι/Gymnesiae ón ngréigis; γυμνός/gymnos, a chialaíonn nocht toisc go raibh muintir na háite go mminic ag siúil thart nocht de bharr an dea-aimsir.

Ceapann roinnt teangeolaí go dtagann sé ó feith teilgeora muintir na háite (βαλεαρεῖς/baleareis, ó βάλλω/ballo: sean gréigis a chiallaíonn teilg), ach ceapann Strabo go bhfuil bunús Féiníceach ag an bhfocal a gciallódh saighdiúirí faoi airm éadrom.


Stair na nOileánCuir in Eagar

Bhí scileanna troda ag muintir na háite agus throid siad uaireanta mar shaighdiúirí thuarastail do airm dhifriúla, ar fud an Meanmhara. Dá ainneoin seo bhí siad measartha ciúin agus neamhionsaitheach. Thóg na Féinícigh an ait ar dtús agus i ndiaidh titim na Cartaige, na Rómhánaigh. An chúis a thug na Rómhánaigh ná go raibh siad ag tabhairt chabhrach do na foghlaithe mara sa Mheánmhuir agus thóg Q. Caecilius Metellus an áit, (ó shin bhí Balearicus aige mar shloinne) sa bhliain 123 RC. Phlandáil sé an t-oileán is mó le 3,000 saighdiúirí na Róimhe agus Spáinneach agus bhunaigh siad na chathracha Palma and Pollentia. Bhain na hoileáin leis an gconventus de Carthago Nova (Cartagánach Nua), sa chúige Hispania Tarraconensis, faoi réimse Impireacht na Róimhe.

 
Mapa de las Islas Baleares

Bhí poirt iontach ag an dá oileán is mó (na hOileáin Bailéaracha go stairiúil) cé go raibh ort a bheith cúramach ag teacht isteach iontu toisc go raibh siad carraigeach ag a mbéal. Bhí na hOileáin iontach saibhir ó thaobh gach saghas earra ach amháin fíon agus ola olóige, mar shampla beithígh, coiníní, seilide agus cré dearg (iontach úsáideach ó thaobh na péintéireachta de), nó sinope. Dúirt an staraí Rómhánach Dioscorides (Materia Medica i. 92) go raibh daonra 30,000 ag an dá oileán le chéile.

I ndiaidh titim na Róimhe, thóg na Vandalaigh na hoileáin. Buaiteoirí eile ná na Biosántaigh, Arabaigh, agus na hAragónaigh. Bhí na hAragónaigh go brúideach nuair a thóg agus phlandáil siad na hoileáin le Catalóinigh, a fuair réidh le chuid mhaith de na daoine rompu. I dtús báire rialaíodh na hoileáin ó Ríocht Mallorca ach sa bhliain 1344 stop an ríocht ag feidhmiú agus tógadh é isteach i ríocht na hAragóine, a rinne aontú le Castilla (tar éis pósadh Éilis ó Castilla le Ferdinand II ón Aragóin). Bhí Minorca faoi na Sasanaigh do formhór an 18ú aois, i gcogaidh dhifriúla thóg airm Shasana, na Fraince agus sa deireadh, na Spáinne, an áit.

Tír Eolas & DaonraCuir in Eagar

Suite i lár na Meánmhara níl aon ionadh go bhfuil aeráid na Meánmhara ag na hOileáin Bhailéaracha . The below-listed climatic data of the capital Palma are typical for the archipelago, with minor differences to other stations in Majorca, Ibiza, and Menorca. Bíonn meán 18°C ann i rith na bliana ag dul chomh hard le 30° i rith an tsamhraidh agus chomh íséal le 8° i rith an gheimhridh. De bhárr an aeráid agus na tránna tagann go leoir turasóirí le haghaidh laethanta saoire chuig na hoileáin go háirithe ón nGearmáin agus ón Ríocht Aontaithe.

Seo iad a leanas na hoileáin agus a bpríomhchathracha:

      Mallorca Palma de Mallorca
      Mionarca Mahón
      Ibiza Baile Ibiza
      Formentera Formentera
 
Bardais na nOileáin
Cathracha agus Bailte san Aragóin de réir daonra (2016)
Uimh. Cathair Oileán Daonra  
Palma
 
Calviá
 
Ibiza
 
Manacor
1 Palma de Mallorca Mallorca 400,578
2 Calviá Mallorca 50,328
3 Ibiza Ibiza 49,975
4 Manacor Mallorca 40,170
5 Santa Eulalia del Río Ibiza 35,812
6 Marrachi Mallorca 35,726
7 Lluchmayor Mallorca 34,618
8 Inca Mallorca 30,651
9 Citadel Mionarca 29,098
10 Mahón Mionarca 28.006


Is iad Mallorca agus Minorca na fíor-Oileáin Bhailéaracha cé go bhfuil na hoileáin eile san áireamh ag an gcomhphobal féinrialathach. Uaireanta roinntear iad i ndá ghrúpa; is iad Mallorca, Minorca, agus Cabrera na hoileáin Gymnesiach, agus is iad Ibiza agus Formentera na hoileáin Pityusiac. Tá Mallorca mór go leoir agus mar sin tá 6 contaetha stairiúil ann (cé nach bhfuil aitheantas oifigiúil nó feidhm dleathúil acu) agus 53 bardais ann. Tá 8 bardais ar Oileán Mionarca, 5 ar oileán Ibiza agus 1 ar oileán Formentera.


DaonraCuir in Eagar

Tá thart ar 1,116,000 daoine ina gcónaí ar na hOileáin Bhailéaracha; is eachtrannaigh iad 16.7% de dhaonra na n-oileáin. Tá thart ar 23,900 Maracaigh, 19,200 Gearmánaigh, 16,900 Iodálaigh agus 15,000 Sasnaigh cláraithe ann. Tá neart Románaigh, Bulgáirigh,agus Airgintínigh ann chomh maith. Tá figiúirí na nGearmáinigh, Sasnaigh agus lucht Mhéiriceá Theas tar eis isliú ón mbliain 2007 agus is iad lucht na Maracaigh, Iodálaigh agus Románaigh atá ag dul i méid ó shin. Tá dlús daonra 214.84 cm2 ar Oileán Mallorca sé sin 80% de daonra an chomhphobail. Tá dlús daonra 193.22 cm2 ar oileán Ibiza nó 11.30% den chomhphobail, agus 124.85 ar oileán Minarca nó 8.82%. Níl ach 12,280 daoine ina gcónaí ar oileán beag Formentera sé sin 0.76% de dhaonra an chomhphobail agus dlús daonra 147.53 aige. Níl ach an bardas amháin ag Formentera agus is é Sant Francesc Xavier an sráidbhaile is mó le 3,475 ina gcónaí ann.


CultúrCuir in Eagar

TeangaCuir in Eagar

Labhraítear Catalóinis sna hOileáin Bhailéaracha. Is iad Mallorca, Menorca, Ibiza (Eivissa), agus Formentera, na príomhoileáin, iad go léir cáiliúil mar ionaid turasóireachta. I measc na n-oileán beag tá Cabrera, áit a bhfuil páirc náisiúinta; Parc Nacional de l'Arxipèlag de Cabrera suite.

BiaCuir in Eagar

Tá bia na nOileáin mar chuid de bia Catalóinis, Spáinnis agus Meánmhura. Sé sin bíonn go leoir císte, cáis, fíon, muiceoil agus bia mara. Is ispín áitiúil é Sobrassada. Bíonn an tóir ar Stobhach Gliomaigh a thagann ó Mionarca, tháinig an Rí Juan Carlos I ann chun é a bhlaiseadh. Deirtear go dtagann Maonáisis ó príomhchathair Mionarca; Maó nó Mahón.

SpórtCuir in Eagar

Is é Club Sacair RCD Mallorca a imríonn i bPalma an club sacair is rathúil ar na hoileáin. Tá an club ag imirt faoi láthair sa dara sraith. Bunaíodh an club sa bhliain 1916, agus é ar an club sacair is sine ar na hoileáin. Bhuaigh siad an Copa del Rey sa bhliain 2003 agus sa bhliain 1999 chaill siad i gcroabh Corn do curraithe Corn. Is as Mallorca iad na himreoirí leadóige Rafael Nadal, agus Carlos Moyá. Ba imreoir sacair é uncail Rafael Nadal, Miguel Ángel Nadal. Is é Rudy Fernández, imreoir cisphéile, agus Jorge Lorenzo gluaisrothaí cáiliúil, pearsaí spórt eile mór le rá ón na hoileáin.


TagairtíCuir in Eagar