An Chatalóin
Is comhphobal féinrialaitheach in oirthuaisceart na Spáinne í an Chatalóin (Catalóinis: Catalunya, Ocsatáinis: Catalonha, Spáinnis: Cataluña). Tá stádas aige mar Náisiún agus d'fhógair parlaimint an chomhphobail neamhspleáchas sa bhliain 2017.
Tá ceithre cúige sa chomhphobal: Barcelona, Girona, Lleida, agus Tarragona. Is í Barcelona an phríomhchathair agus an chathair is mó. Tá Barcelona mar an dara bardas is mó sa Spáinn. Tá trí theanga oifigiúil sa chomhphobal; An Chatalóinis, An Ocsatáinis agus An Spáinnis.
Stair
cuir in eagarFéach freisin Stair na Catalóine
Neamhspleáchas
cuir in eagarAr an 27 Deireadh Fómhair, 2017, d'fhógair Parlaimint na Catalóine neamhspleáchas i ndiaidh reifrinn. Vótáil Seanad na Spáinne chun riail dhíreach a chur i bhfeidhm agus fuair siad réidh le parlaimint na Catalóine trí thoghcháin ar an 21 Nollaig. Ar an 2 Samhain cuireadh 7 iar-airí an rialtais i bprisiún ar chúis "réabhlóid agus mí-úsáid airgid poblí", agus theith airí eile go tíortha éagsúla, Uachtaráin Carles Puigdemont ina measc.
Tíreolas
cuir in eagarTá teorainn aige leis an bhFrainc agus Andóra ó thuaidh, Aragón san iarthar, agus Valencia ó dheas. San oirthear tá 580 cm de chósta na Meánmhara aige.
Tá achar 32,114 Cm² le daonra oifigiúil 7,522,596 aige sé sin 234 duine gach ciliméadar.
Aonaid Riaracháin
cuir in eagarIs iad na cúigí na haonaid riaracháin is sine sa Chatalóin. Tógann siad ainm phríomhchathair an chúige. Bunaíodh an comhphohbal trí aontú foirmiúil na ceithre cúigi:
|
Faoi bhun na cúigí tá 41 contaetha nó Comarcas atá rialaithe ag comhairle chontae nó consell comarcal. Séard atá i gceist ná bailiúcháin bardais ag eagrú go hoifigiúil maidir le dualgaisí agus seirbhísí ar leith. Bhíodh Gleann Aran mar chontae ach ón mbliain 2015 tá stádas ar leith aige mar aonán críche féinrialaitheach.
Tá 948 bardais faoi láthair. Rialann ajuntament an bardas agus toghfar é gach ceithre bhliana sna toghcháin áitiúil. De ghnáth bíonn an comhairle bardais ag suí in Halla an Bhaile (ajuntament, casa de la ciutat nó casa de la vila).
Daonra
cuir in eagarBardais is mó sa Chatalóin (2017)[1] | ||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
|
Bardas | Cúige | Daonra | Bardas | Cúige | Daonra | ||||
1 | Barcelona | Barcelona | 1,608,746 | 11 | Girona | Girona | 98,255 | |||
2 | L'Hospitalet de Llobregat | Barcelona | 569,002 | 12 | Sant Cugat del Vallès | Barcelona | 88,921 | |||
3 | Badalona | Barcelona | 215,634 | 13 | Cornellà de Llobregat | Barcelona | 86,072 | |||
4 | Terrassa | Barcelona | 232,770 | 14 | Sant Boi de Llobregat | Barcelona | 82,402 | |||
5 | Sabadell | Barcelona | 208,246 | 15 | Rubí | Barcelona | 75,568 | |||
6 | Lleida | Lleida | 195,389 | 16 | Manresa | Barcelona | 74,752 | |||
7 | Tarragona | Tarragona | 131,094 | 17 | Vilanova i la Geltrú | Barcelona | 65,972 | |||
8 | Mataró | Barcelona | 125,517 | 18 | Viladecans | Barcelona | 65,779 | |||
9 | Santa Coloma de Gramenet | Barcelona | 117,153 | 19 | Castelldefels | Barcelona | 64,829 | |||
10 | Reus | Tarragona | 103,615 | 20 | El Prat de Llobregat | Barcelona | 63,457 |
Cultúr
cuir in eagarTeanga
cuir in eagarTá trí theanga oifigiúla á labhairt sa réigiún: Catalóinis a bhfuil mar theanga dúchais ag beagnach leathchuid de mhuintir an chomhphobail, chomh maith leis an Spáinnis, agus an Aranais, canúint de chuid na hOcsatáinise a labhraítear sa ghleann d'Aran i gcoirnéal beag iargúlta sa chuid is faide siar ó thuaidh den chomhphobal atá suite díreach in aice na teorann leis an bhFrainc.
-
Bratach na Catalóine, la Senyera
-
Armas
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Fuente: Censo a 01-01-2017 del Instituto Nacional de Estadística de España. Población de los municipios de España en 2017.
Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne |
||
An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia | ||
Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne | ||
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |