Is é atá i gceist le daonra ná an líon iomlán d'orgánaigh den speiceas céanna a mhaireann san áit chéanna.

Daonra an Domhain
Daonra an domhain, pirimid aoise is ghnéis`, 1950 go 2100

Ó thaobh na socheolaíochta de, tagraíonn daonra do ghrúpa daoine a chónaíonn in aon áit amháin.[1] Úsáidtear an téarma chun saoránaigh an stáit a shainiú nó chun tagairt do ghrúpa le comhthréithe: mar shampla, an daonra bundúchasach, an daonra fostaithe, daonra na cathrach, agus eile.[2]

fás leanúnach an daonra: stair agus tuartha[3]

Daonra an domhain

cuir in eagar

Chonaic muid fás leanúnach an daonra le linn na 20ú / 21ú haoiseanna.

Dar leis an "US Census Bureau" ba é 7,348,478,000 daonra an domhain ar an 2 Meán Fómhair 2016.[4] Ar 13 Samhain 2023, bhí 8,009,768,850 ann.

Malthus agus athrú aeráide

cuir in eagar
 
Tuaisceart Éireann 1971-2050

Bhí dearcadh duairc ag Malthus sna 1800idí ar chúrsaí. In a Essay on the Principle of Population (Aiste ar Phrionsabail an Daonra, 1798) d'áitigh sé go raibh claonadh nádúrtha go méadódh an daonra níos tapúla ná na meáin maireachtála. Bhí sé den bharúil go mbeadh dul chun cinn i dtreo útóipe i mbaol, luath nó mall, ag an bhfás daonra a bheadh mar thoradh ar an dul chun cinn céanna (na "srianta Malthus").

Príomhalt: Thomas Malthus

Inniu tá fás rábach an daonra ag cur brú ollmhór ar ár n-aeráid, agus i bhfad níos mó.

Féach Freisin

cuir in eagar

Tagairtí:

cuir in eagar
  1. Áitritheoirí réigiúin nó tíre, ag cuimsiú an phobail dhúchasaigh is an phobail inimircigh, de réir Matt Hussey, Fréamh an Eolais, 2011
  2. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  3. Hannah Ritchie, Lucas Rodés-Guirao, Edouard Mathieu, Marcel Gerber, Esteban Ortiz-Ospina, Joe Hasell, Max Roser (2023-07-11). "Population Growth". Our World in Data. 
  4. "Population Clock: World". www.census.gov. Dáta rochtana: 2023-11-13.