Sa bhitheolaíocht tá an speiceas ar cheann de na haonaid bhunúsacha i rangabháil na n-orgánach beo. Mar sin, i rangú na n-orgánach bitheolaíoch, is speiceas an grúpa as gné ar féidir na baill nádúrtha de a chrosphórú le chéile, ionas go bhfanann siad aonraithe ó ghrúpaí cosúla sa ghné chéanna, nach féidir le hábhar géiniteach aistriú eatarthu (de bharr go bhfuil bac speiceasach ann).[1]

Léaráid de dó dhéag speiceas de phlandaí bláthanna sna "Asteraceae".

Uaireanta déantar speiceas a mhíniú mar ghrúpa orgánach ar féidir leo atáirgeadh a dhéanamh in éineacht le ball eile den ghrúpa céanna.

Is minic a fheileann an míniú sin i measc orgánach a dhéanann atáirgeadh gnéasach. Níl sé chomh feiliúnach céanna, áfach, i gcás na n-orgánach sin a dhéanann atáirgeadh ar bhealaí eile, agus is minic, áfach a bhaintear úsáid as slata eile tomhais, cosúlacht ADN nó tréithe coiteanna. Mar sin, ní féidir coincheap bitheolaíoch an speicis a lua le hiontaisí nó orgánaigh a atáirgeann ar bhealach neamhghnéasach.

Crosphórú cuir in eagar

Ní féidir leis an gcuid is mó de na speicis crosphórú le speicis eile. Iad sin atá in ann é a dhéanamh, sleachta neamhthorthúla a bhíonn orthu de ghnáth. Sainítear na speicis seo ar bhonn comparáideach moirfeolaíoch.

De ghnáth, taobh istigh de ghné, bíonn roinnt speiceas atá dlúthghaolta le chéile go moirfeolaíoch.

Ainrnniú cuir in eagar

 
Leon nó Panthera leo. Is é Panthera ainm na gné, agus leo ainm an speicis.

In ainrnniú orgánach sa chóras tacsanomaíoch, úsáidtear dhá fhocal Laidineacha (mar shampla, Horno sapiens, an duine)ː

  • an chéad cheann, a scríobhtar le ceannlitir (Horno), is é ainm gné an orgánaigh é, agus
  • an dara ceann, gan ceannlitir (sapiens), is é ainm an speicis é.

Sampla eile is ea Panthera leo, an leon:

  • is é Panthera ainm na gné, agus
  • leo ainm an speicis.

Féach freisin cuir in eagar

  • Carl von Linné. Chuir obair Linnaeus tús leis an ainmníocht déthéarmach a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch.
  • Speicis i mbaol
 
Carl von Linné - ainmníocht déthéarmach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).