Déanann ainmhithe sliocht a phórú trí atáirgeadh gnéasach[1] de ghnáth, ach uaireanta déanann siad é trí atáirgeadh éighnéasach. Is é an gníomh bunúsach a bhíonn i gceist in atáirgeadh gnéasach go dtagann dhá núicléas (na gaiméití) le chéile agus go dtáthaíonn siad le chéile chun cill amháin, an ubh thoirchithe (nó siogót), a dhéanamh. Is iad an dá núicléas a tháthaíonn le chéile ná núicléas speirmchille agus núicléas ubhchille. Ó chorp an fhireannaigh a thagann an speirmchill; ó chorp an bhaineanna a thagann an ubhchill.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. “atáirgeadh gnéasach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-22.