Próiseas chun sliocht a tháirgeadh, tréith bhunúsach an orgánaigh bheo. Sa bhfoirm is simplí, is próiseas neamhghnéasach é ina ndeighlíonn an t-orgánach ina dhá chuid nó níos mó trí scoilteadh, bachlú, táirgeadh spór, nó pórú plandúil. In atáirgeadh gnéasach, cruthaítear gaiméití ar leith (mar shampla, an speirm is an ubh) trí mhéóis, agus ansin trí chomhleá péire gaiméití le siogót a chruthú. I dtaighde déimeagrafaíochta luaitear an ráta atáirgthe, an ráta a tháirgeann an pobal baill nua trí bhreith.[1]

Atáirgeadh

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Atáirgeadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.