Carl von Linné

luibheolaí Sualannach

Luibheolaí Sualannach ab ea Carl LinnaeusCarl von Linné (23 Bealtaine, 170710 Eanáir, 1778), a rugadh i Rashult na Sualainne. Chuir von Linné tús leis an tacsanomaíocht, is é sin, an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé le rangú agus le haicmiú na neachanna beo. Tá cáil air freisin mar dhuine de cheannródaithe na héiceolaíochta.

Infotaula de personaCarl von Linné

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(sv) Carl von Linné
(la) Carolus Linnaeus
Beathaisnéis
Breith(sv) Carl Nilsson Linnaeus
23 Bealtaine 1707
Råshult, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Eanáir 1778
70 bliana d'aois
Linnaeus Hammarby (an tSualainn)
Áit adhlacthaUppsala Cathedral (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais na Sualainne
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Harderwijk - míochaine (1735–1735)
Ollscoil Uppsala - míochaine (1728–)
Ollscoil Lund - míochaine (1727–) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Leighis
Comhairleoir dochtúireachtaOlof Rudbeck the Younger agus Johannes Gorter
Teanga dhúchaisan tSualainnis
Gníomhaíocht
Réimse oibreMíochaine, eolaíocht an nádúir, luibheolaíocht agus eolaíocht nádúrtha
Suíomh oibre Uppsala
Stócólm Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmgeolaí, brí-eolaí, teirideolaí, míoleolaí, éaneolaí, feithideolaí, nádúraí, míceolaí, dírbheathaisnéisí, ollamh, bitheolaí, luibheolaí, dochtúir leighis, araicneolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1722 –  1778
FostóirOllscoil Uppsala Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidLaurentius Roberg agus Olof Celsius
Mac/iníon léinnPeter Ascanius../... 30+
TeangachaAn Laidin agus an tSualainnis
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaFredrik Hasselqvist, Carl Peter Thunberg, Anders Sparrman, Peter Forsskål, Anton Rolandsson Martin, Alexander von Karamyschew agus Matvej Ivanovitj Afonin
Giorrúchán luibheolaíochtaL.
Lua an údair (zó-eolaíocht)Linnaeus
Teaghlach
TeaghlachLinné family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileSara Elisabeth Moræa Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCarl Linnaeus Óg, Lovisa von Linné, Elisabeth Christina von Linné, Sara Christina von Linné Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNils Ingemarsson Linnaeus  agus Christina Brodersonia
SiblínAnna Maria Linnæ, walla brur, Sofia Juliana Collin agus Samuel Linnaeus
Gradam a fuarthas
Síniú


Find a Grave: 8162305 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Carl Linnaeus i Råshult, i gcúige Småland i ndeisceart na Sualainne. Bhí a athair agus a sheanathair ina ministrí roimhe, agus ghlac a mhuintir leis go rachadh sé ag staidéar diagachta chomh maith, ach níor theastaigh uaidh bheith ina mhinistir.

Thug dochtúir leighis áitiúil spreagadh dó dul leis an luibheolaíocht, ó ba léir go raibh suim aige sna plandaí. De réir mar a mhol an dochtúir seo, sa bhliain 1728, chuir a athair a mhac go hOllscoil Lund, arbh í an ollscoil ba chóngaraí í. An bhliain dár gcionn, d'aistrigh sé go hOllscoil Uppsala.

Bhí saol crua aige in Uppsala ar dtús agus an t-airgead gann air, ach ansin, fuair sé aithne ar an eolaí cáiliúil Olof Celsius. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ar Celsius chomh heolach is a bhí Linnaeus óg ar na plandaí agus chomh dúthrachtach is a bhí sé ag bailiú samplaí. Mar sin, chuir sé lóistín ar fáil dó.

Sa bhliain 1761, d'athraigh sé a ainm go Carl von Linné (  éist) nuair a bronnadh uaisleacht air.

Fear sna seascaidí, bhuail roinnt strócanna é; D’éag Carl Linnaeus ar 10 Eanáir 1778, in aois 70 dó. Tá sé curtha in ardeaglais Uppsala.

 

An Córas Linnaech cuir in eagar

Is é an príomhrud a chur Linnaeus i gcrích ná gur bhunaigh sé córas ainmniúcháin i gcomhair na n-orgánach beo ar glacadh leis go forleathan i saol na heolaíochta. Chuir obair Linnaeus tús leis an ainmníocht déthéarmach a mbaintear úsáid choitianta aisti le speicis na neachanna beo a shainiú go neamhdhébhríoch. Chomh maith leis sin, d'fhorbair sé an tacsanomaíocht Linnaech - an córas aicmithe eolaíoch atá in úsáid go forleathan sa bhitheolaíocht go fóill.

Sa chóras Linnaech, aicmítear na neachanna beo go hordlathach. Is í an ríocht an leibhéal is airde sa chóras, cosúil le ríocht na n-ainmhitheríocht na bplandaí - de réir na cuma atá ar an gcóras inniu, tá ríocht na n-eobaictéar, ríocht na n-aircéabaictéar, ríocht na bhfungas agus ríocht na bProtista ann. Ansin, roinntear na ríochtaí ina n-aicmí, na haicmí ina n-oird, agus na hoird ina ngéinis. Baill den ghéineas, arís, is iad na speicis, ach d'aithin Linnaeus roinnt tacsóngan ainm faoi bhunrang an speicis.

 
Furia infernalis in Carl von Linné, Systema Naturae

Seo liosta de na ranganna ar fad atá aitheanta sa lá atá inniu ann (bunaithe ar chóras Linnaeus)[1]

  • Ríocht
  • Fíleam
  • Rang
  • Ord
  • Fine
  • Géineas
  • Speiceas
 
Linné-Fundamenta Botanica-1736

Nuair a fhionnfar neach nua, tabharfar ainm déthearmach Laidine air. Is é is brí le h-"ainm déthéarmach" ná ainm a bhfuil dhá théarma, nó dhá fhocal, ann:

  • is é an chéad fhocal an t-ainm géineasach a chuireann in iúl géineas an orgánaigh
  • is é an dara focal an t-ainm speiceasach, agus é go sainiúil ag gach speiceas i ngéineas áirithe.

Rangú Homo Sapiens:

Leabhair cuir in eagar

Is iad a leabhair Species plantarum (Saghsanna Plandaí, 1753) agus Systema naturce (Córas an Nádúir, 10ú n-eagrán, 1758-9) a chuir tús oifigiúil le córas tacsanomaíoch reatha na n-ainmneacha déthéarmacha Laidineacha ar phlandaí is ainmhithe.

 

Tagairtí cuir in eagar

  1. dar le Matt Hussey, Fréamh an Eolas, Coiscéim (2012), leathanach 410 chuir von Linné síos ar scéimeanna chun plandaí is ainmhithe a rangú
    • i ranga (mar shampla, mamaigh i measc na n-ainmhithe),
    • ansin in oird (mar shampla, na feoilitigh i measc na mamach),
    • ansin i gclanna (mar shampla, na hainmhithe conda i measc na bhfeoiliteoirí),
    • ansin in aicmí (mar shampla, na madraí i measc na n-ainmhithe conda),
    • ansin i ngnéithe (mar shampla, an madra baile i measc na madraí),
    • agus ar deireadh i speicis (mar shampla, an i measc na madraí baile).