Is éard is mamach ann ná ball den fhofhíleam Vertebrata (san fhíleam Chordata). Tá saintréithe faoi leith acu mar a leanas; faireoga allais, faireoga allais modhnaithe i gcór bainne a tháirgeadh (bíonn bainne ag an máthair le tál ar an gceann óg), gruaig nó fionnadh, trí chnámh sa chluas láir, agus réigiún neocoirtéise san inchinn.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMamach
Mammalia Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo debainne, feoil agus seithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamChordata
FofhíleamVertebrata
ForaicmeTetrapoda
AicmeMammalia Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Beobhreithtear mamaigh, ach tá na monaitréimigh eisceachtúil i measc na mamach mar go n-ubhbhreithtear iad. Bíonn fiacla sainfheidmeacha ag mór chuid díobh, agus san ghrúpa is mó, na mamaigh phlacainteacha, úsáidtear placaint nó broghais le linn na tréimhse iompair.

Rialaíonn an inchinn mhamach imoibriú inteirmeacha agus an córas imshruthaithe, maille le croí ceithre urrann.

Féach freisin cuir in eagar

Eolaí Póca – Mamaigh, le Eleanor Lawrence (An Gúm Curtha i gcartlann 2020-08-13 ar an Wayback Machine) ISBN 185791161X.

Tagairtí cuir in eagar