Chordata

fíleam ainmhithe

Is fíleam ainmhithe iad na Chordata (Gréigis: χορδωτά, khordota “le téad”) le nótacorda, néarthéad droma folamh, scoilteanna faraingeacha, endostíl, agus eireaball iar-anasach ar feadh cuid dá saolré ar a laghad. Ar bhonn tacsanomaíoch, áirítear san fhíleam an fo-fhíleam Vertebrata, lena n-áirítear mamaigh, éisc, amfaibiaigh, reiptílí agus éin; Tunicata, lena n-áirítear Salpidae agus Ascidiacea (Gaeilge: ascaidí); agus Cephalochordata, a chuimsíonn na hamfaibhioraigh (ar a dtugtar “lansógaigh” freisin). Tá baill den fhíleam Chordata siméadrach déthaobhach, bíonn céalóm agus córas imshruthaithe acu, agus léiríonn siad deighilt mheitiméireach.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoChordata Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ama
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamChordata Cuir in eagar ar Wikidata
William Bateson, 1885

Cuirtear Hemichordata ar aghaidh mar an ceathrú fofhíleam de chuid na gcordach, lena n-áirítear na Enteropneusta nó na péisteanna dearcáin, ach anois caitear leis de ghnáth mar fhíleam ar leith. Eisean chomh maith leis an bhfíleam Echinodermata, lena n-áirítear crosóga mara, cuáin mhara, súmairí mhara agus a bhfine, is ea gaolta is gaire na gCordach. Tá Cordaigh phrimitíbheacha, ó chomh luath leis an Tréimhse Chaimbriach, ar eolas againn.

Is grúpa ilghnéitheach é Chordata, atá oiriúnithe do líon mór nideog éiceolaíochta agus a rinne, i rith stair na héabhlóide, oiriúnuithe iontach, go háirithe chuig thimpeallachta agus atmaisféir an Domhain, ach chomh maith leis sin chuig timpeallachta uiscíochta nó amfaibiaigh. Thaispeáin na cordaigh go bhfuil cumas iontach acu le haghaidh féinrialúcháin agus eagrúcháin inmheánaigh, is féidir roinnt acu, mar shampla éin agus mamaigh, teocht an choirp a ardú agus a choinneáil tairiseach. Chuir na fachtóirí seo agus eile le haimpléiseachta an ghrúpa, a lig dóibh rialú níos a chur i bhfeidhm ar a gcuid imoibrithe meitibileach agus córais chasta neirbhísigh a fhorbairt.

Tacsanomaíocht

cuir in eagar

Tógadh an scéimire seo a leanas as an tríú eagrán den leabhar Vertebrate Palaeontology.[1] Ach é a bheith struchtúrtha ar bhealach a thaispeánann na gaolta éabhlóideacha (cosúil le cladagram ("cladogram" sa Bhéarla), coimeádtar ranganna traidisiúnta a bhí in úsáid i dtacsanamaíocht Linnaeaus.


Fíligineacht

cuir in eagar
Chordata
 Tunicata 

 Appendicularia (seal den tsaol;Larvacea)

 Thaliacea 

 Ascidiacea 

 Cephalochordata

 Craniata 

Myxini

 Vertebrata 

 Conodonta

 Cephalaspidomorphi

 Hyperoartia

 Pteraspidomorphi

 Gnathostomata 

 Placodermi

 Chondrichthyes

 Teleostomi 

 Acanthodii

 Osteichthyes 

 Actinopterygii

 Sarcopterygii 
void
 Tetrapoda 

 Amphibia

 Amniota 
 Synapsida 
void

 Mammalia

 Sauropsida 
void

 Aves

Nóta: Tugann na línte le fios an bealach gur dóigh a théann na gaolta éabhlóide, san áireamh tá tacsóin marbh, curtha in iúl le mhiodóg.

Ní heol dúinn faoi láthair cad é bunús na gCordach. B'iad éisc laghdaithe nó eiseamail lansógaigh na céad cordach so-aitheanta ón Tréimhse Chaimbriach. Is í an tuairimíocht is mó faoi bhunús na gCordach ná gurb í líne an oiriúnaithe is fearr dóibh ná ceann nó dhó de na catagóirí seo a leanas:

  • Ainmhí cosúil le péist dríodar-chónaithe a d'eascair corp níos leata agus / nó eiteog shnámha.
  • Scagbheathóir suiteach feadánach a d'eascair ina ainmhí saorshnámh via eití a úsáid.(Meastar UrochordataTunicata mar chordaigh, agus is scagbheathóirí iad le larbhaí cosúil le torbáin acu.)
  • Larbha d'ainmhithe de short eile a bhí ag gluaisteach nó ag snámh, ach a choinnigh faoi dheireadh a chumas snámha agus é fásta suas.

B'fhéidir gur tháinig righneas an nótacorda chun cinn, ar an gcéid ásc, le haghaidh éifeachtúlachta crapadh matánach snámha a athrú (i gluaiseachtaí S-chruthach)

I bhfoclaibh eile, le haghaidh na colainne a lúbadh, caithfidh struchtúr righin dolúbtha a bheith ag meatán le tarraingt in aghaidh, agus is é an nótacorda san lúththréimhse an phríomhthréith. Ceal struchtúír righin dolúbtha, is é an toradh a bhéas ar chrapadh matánach ná ciorrú an ainmhí agus ní gluaisne iarbhír go bhféadfaí an t-ainmhí snámh.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Benton, M.J. (2004). Vertebrate Palaeontology, Third Edition. Blackwell Publishing, 472 pp. [http://palaeo.gly.bris.ac.uk/benton/vertclass.html Tá an scéim aicmiúcháin ar fáil ar líne] Curtha i gcartlann 2008-10-19 ar an Wayback Machine