San éiceolaíocht, is éard is nideog éiceolaíoch ann, ná téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar mhodh maireachtála speicis.[1]

Dhá speiceas léicean, léicean glas (ar chlé) agus léicean buí (ar dheis), atá in ann maireachtáil lena chéile ar charraig in dhá nideog éiceolaíoch éagsúil, a d'eascair as a bheith faoi lé coinníollacha nochta agus taise.

Meastar go mbíonn nideog uathúil, ar leithligh, ag gach aon speiceas. Déantar cur síos sa nideoig éiceolaíoch ar

  • conas a ngéilleann orgánach nó líon na n-ainmhithe do dháileadh na n-acmhainní agus iomaitheoirí (m.sh., fásann siad nuair a bhíonn acmhainní flúirseach, agus nuair a bhíonn na creachadóirí, seadáin agus pataiginí gann) agus
  • conas a athraíonn an t-orgánach na fachtóirí céanna (m.sh., rochtain ar acmhainní ag orgánaigh eile a laghdú, ag gníomhú mar fhoinse bia do chreachadóirí agus thomhaltóir chreiche).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Pocheville, Arnaud (2015). "The Ecological Niche: History and Recent Controversies, in Handbook of Evolutionary Thinking in the Sciences": 547–586. Dordrecht: Springer.