Cuán mara
Is Echinoidea é an cuán mara, inveirteabrach muirí cruinneogach cuasach, de ghnáth. Tugtar gráinneog trá nó carbhán carraige air freisin.[1][2] An cholainn déanta as plátaí cnámharlaigh, siúnta le chéile, ag iompar spíonta inghluaiste. An t-anas ar an dromchla uachtarach de ghnáth, agus an béal ar an dromchla íochtarach. Tugtar laindéar Arastatail ar an ngaireas casta giall. Beathaíonn sí trí chartadh, iníor nó ionghabháil dríodair. Timpeall 950 speiceas beo ann, agus timpeall 5,000 speiceas iontaisithe. Sliogiasc coitianta ar chósta na hÉireann. Tá cineál amháin ann a bhfuil cruth liathróide air agus é clúdaithe le deilgíní corcra. An-tóir ag Seapánaigh is Francaigh ar an gceann seo mar bhia: na heochraí milse a itear. Tá eolaithe in Éirinn ag déanamh dianstaidéir air agus é mar aidhm acu iad a chur ag síolrú is ag fás sa ghorlann.[3]
Echinoidea | |
---|---|
Tripneustes ventricosus | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Bilateria |
Fíleam | Echinodermata |
Fofhíleam | Echinozoa |
Aicme | Echinoidea Leske, 1778 |
Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an gcuán mara ina leabhar Cladaí Chonamara:
“ |
Tá dhá chineál de na cuáin mhara le fáil ar imeallbhord Chonamara, an ceann mín agus an ceann deilgneach. Ní mór nach aon déanamh amháin atá orthu, déanamh na huibhe. Bíonn cuid acu chomh mór le hubh ghé agus cuid eile níos mó agus cuid níos lú. Tá brat de dheilgíní ildathacha ar cheann acu agus an ceann eile chomh mín leis an síoda... is maith cliste atá siad ar a gcuid iascaigh a dhéanamh le ribeacha beaga laga ildathacha atá timpeall a mbéil agus a bhíos siad a bhogadh anonn agus anall go síoraí leis an gcluain a chur ar na créatúir bheaga agus iad a mhealladh i mbealach a mbasctha... déanann faoileáin agus geabhróga greadlach orthu féin go minic, mar bíonn an-dúil acu sa mbia atá istigh sa mblaosc. Chuirfeadh sé buíocán uibhe i gcuimhne duit ach go bhfuil boladh trom láidir na farraige air.[4] |
” |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““sea-urchin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-28.
- ↑ Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): sea-urchin” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2023-06-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gráinneog trá". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 329.
- ↑ Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (Eagrán nua ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |