Is éard is míochaineleigheas ann ná an eolaíocht a bhaineann le haire don cholainn agus don aigne, agus an freastal a thugann dochtúirí leighis. Is mór é a réimse, agus baineann líon mór saineolaíochtaí leis - na trí réimse is ginearálta ná máinliacht, míochaine chliniciúil agus taighde míochaine.

Míochaine

Is dochtúirí leighis iad dochtúirí teaghlaighcleachtóirí ginearálta agus nó saineolaithe leighis nó comhairleoirí araon. Tugtar dochtúir teaghlaigh ar ghnáthdhochtúir a chleachtann an leigheas go ginearálta, de ghnáth ina sheomra freastail féin. Sa lá atá inniu ann, is minice dochtúirí a bheith i gcomhchleachtadh le dochtúirí eile i gclinic, ina bhfuil ar a laghad banaltra amháin, cléireach, agus áiseanna sa bhreis nach mbeadh ar chumas dhochtúra aonair a chur ar fáil.

Ar an taobh eile de, is féidir an leigheas a roinnt idir speisialtachtaí galair agus córais an choirp (m.sh. liacht bhan, leigheas análaithe, néareolaíocht, nó síciatracht), aois an othair (m.sh. péidiatraic (liacht leanbh) nó leigheas seanaoise), an bealach ina gcuirtear an leigheas i bhfeidhm (m.sh. máinliacht, raideolaíocht nó leigheas ginearálta), agus idir aire dhíreach, agus déanamh agus iniúchadh scrúdaithe, m.sh. paiteolaíocht agus raideolaíocht. Cnáimhseachas a thugtar ar dhochtúir a chleachtann aire ban torrach chomh maith le bainistíocht na breithe féin. Ina theannta sin, tá dochtúirí a chaitheann cuid mhaith dá gcuid ama le múinteoireacht, le taighde in eolaíocht shláinte, ag obair le roinn den rialtas nó ag plé le leigheas pobail.

Ina theannta sin uile, tá go leor cleachtóirí eile leighis nach dochtúirí leighis iad, ach a oibríonn leis an othar, go minic faoi choimirce an dochtúra leighis. M.sh., altra (banaltra an fhoirm bhaineann) a thugtar ar chleachtóir a dhéanann obair cosúil le piollaí agus instealltaí a thabhairt, cuidiú leis an lia le linn obráide, aire othair roimh agus i ndiaidh obráide, agus mórchuid an aire ginearálta le linn d'othair bheith in ospidéil.

Tá teiripeoirí eile, mar shampla, a chuidíonn le hothair; le neamhoird urlabhra (teiripe urlabhra agus éisteachta), le trioblóid gluaiseachta (fisiteiripe) agus a thugann radaíocht (radaiteiripe).