Osclóidh seo an príomhroghchlár
Castilla y León
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidad de Castilla y León
Bratach Castilla y León Armas Castilla y León
Bratach Armas
Suíomh Castilla y León
Tír An Spáinn
Príomhchathair Valladolid
Aonaid Riaracháin 9 gCúigí:Ávila, Burgos, León,Palencia, Salamanca,Segovia, Soria, Valladolid & Zamora
Bardais 2,248
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Aintiún
Rialtas
 • Uachtarán

Juan Vicente Herrera (PP)
Achar
 • San iomlán
 
94,222 (1ú) cm²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
2,558,463 (6ú)
27/km2/cm²
5.7% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
33 (as 350)
30 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is comhphobal féinrialaitheach é Caistíl agus León (as Spáinnis: Castilla y León) atá suite i lár na Spáinne. Is í Valladolid suíochán an rialtais áitiúla go hoifigiúil cé nach príomhchathair í.

Lá dá raibh san áit atá Caistíl agus León anois bhí dhá ríocht ann; ríocht León agus ríocht na Sean-Chaistíle. Ó thaobh achair talún de, is í Caistíl agus León an réigiún féinrialaitheach is mó sa Spáin agus tá sí ar cheann de na réigiúin is mó san Aontas Eorpach. Tá achar 94,223 km² aige le daonra oifigiúil de 2,558,463 (ó dhaonáireamh na bliana 2011).

Tá teorainn ag an chomhphobal le hAsturias agus Cantabria ó thuaidh, le hAragon, agus le Tír na mBascach soir ó thuaidh, La Rioja soir, an comhphobal féinrialaitheach de Maidrid agus Castilla-La Mancha siar ó dheas, Extremadura ó dheas, agus an Phortaingéil agus Galicia siar.


Riaracháin an RéigiúinCuir in Eagar

CúigíCuir in Eagar

 
Cúigí Caistíl agus León

Tá Caistíl agus León roinnte idir naoi gcinn de chúigí agus tá ainm gach cúige díreach mar an gcéanna le hainm phríomhchathair an chúige sin.

Cúige Príomchathair Achar (cm2) Daonra (2011) Bardais
  Ávila Ávila 8,050.15 171,647 248
  Burgos Burgos 14,291.81 372,538 371
  León León 15,580.83 493,312 211
  Palencia Palencia 8,052.51 170,513 191
  Salamanca Salamanca 12,349.95 350,018 362
  Segovia Segovia 6,922.75 163,171 209
  Soria Soria 10,306.42 94,610 183
  Valladolid Valladolid 8,110.49 532,765 225
  Zamora Zamora 10,561.26 191,613 248

DaonraCuir in Eagar

Sna 1960í bhí daonra uirbeach Caistíl agus León thart ar 20%; sa bhliain 1991 bhí sé ardaithe go 42% agus sa bhliain 1998 43% a thaispeánann ráta bánú na tuaithe sa réigiún.

As na 2,248 bardais tá 1,986 acu le níos lú na 1000 daoine ina gcónaí iontu; tá idir 1001 agus 5000 daoine ina gcónaí in 204 acu; tá 4 bardais le níos mó ná 100 000 daoine ina gcónaí iontu, sé sin Valladolid (306,830), Burgos (177,776), Salamanca (148,042) agus León (129,551). Seachas príomhchathracha na gcúigí tá cathracha mar Miranda de Ebro agus Aranda de Duero in Burgos, Ponferrada agus San Andrés del Rabanedo in León, Béjar in Salamanca agus Medina del Campo agus Laguna de Duero in Valladolid.

Cathracha agus Bailte de réir daonra
Uimh. Cathair Cúigex Daonra  
Valladolid
 
Burgos
 
Salamanca
 
León
1 Valladolid Valladolid 303,905
2 Burgos Burgos 177,100
3 Salamanca Salamanca 146,438
4 León León 127,817
5 Palencia Palencia 79,595
6 Ponferrada León 66,884
7 Zamora Zamora 63,831
8 Ávila Ávila 58,358
9 Segovia Bizkaia 40,983
10 Soria Soria 39,168


TagairtíCuir in Eagar